YouVersion Logo
Search Icon

Geineasas 6

6
1Nuair a thosaigh na daoine ar dhul i líonmhaire ar chlár na talún agus gur rugadh iníonacha dóibh, 2chonaic mic Dé gur sciamhach iad iníonacha na ndaoine agus thógadar chucu a rogha díobh mar mhná. 3Dúirt an Tiarna: “Ní foláir gan mo spiorad a fhágáil faoi tháire i gcónaí sa duine, mar nach bhfuil ann ach feoil; ní bheidh ach céad agus a fiche bliain d'fhad saoil aige feasta.” 4Bhí fathaigh ar an talamh an uair sin, agus níos déanaí ná sin, nuair a rinne mic Dé céileachas le hiníonacha na ndaoine agus gur rugadarsan clann dóibh. Sin iad laochra an tseansaoil, na fir mhórchlú.
An Díle
5Chonaic an Tiarna gurbh éachtach é olc an duine ar an talamh agus nach raibh á thaibhreamh dó ina smaointe de shíor ach an t‑olc. 6Ghabh aithreachas an Tiarna de bhrí go ndearna sé an duine ar an talamh agus ghoill sé air ó chroí. 7Agus dúirt an Tiarna: “Scriosfaidh mé de dhroim na talún an duine a chruthaigh mé, agus mar aon leis an duine na hainmhithe, na péisteanna agus éanlaith an aeir, óir is aithreach liom a ndéanamh.” 8Bhí gnaoi an Tiarna ar Naoi.
9Dála Naoi anseo:
Fear fíréanta a ba ea Naoi, fear gan locht i measc lucht a linne, agus shiúil sé fara Dia. 10Agus ghin Naoi triúr mac, Séam, Hám agus Iáfat. 11Truaillíodh an talamh i bhfianaise Dé agus líonadh é d'fhoréigean. 12D'fhéach Dia ar an talamh agus, féach, bhí sé truaillithe, óir thruailligh an uile fheoil a slí ar talamh. 13Dúirt Dia le Naoi: “Chinn mé deireadh a chur leis an uile fheoil, óir tá an talamh lán d'fhoréigean dá mbarr. Féach, scriosfaidh mé iad agus an talamh mar aon leo. 14Déan áirc duit féin de chrann gófar; déan seomraí inti agus cuir brat pice uirthi laistigh agus lasmuigh. 15Seo é an tomhas ar a ndéanfaidh tú í: Fad na háirce trí chéad banlámh; a leithead caoga banlámh, agus a hairde deich mbanlámh fichead. 16Déan díon don áirc agus é banlámh ina stuaic. Cuir doras na háirce ina taobh; déan trí boird inti: bord íochtair, bord láir agus bord uachtair. 17Féach, tabharfaidh mé díle liom agus seolfaidh mé na huiscí ar an talamh chun an uile fheoil faoin spéir ina bhfuil anáil na beatha a scrios; caillfear a bhfuil ar talamh. 18Ach daingneoidh mé mo chonradh leatsa. Téighse isteach san áirc, tú féin, do chlann mhac, do bhean, agus mná do mhac in éineacht leat. 19Agus an uile dhúil bheo agus an uile fheoil, tabhair leat cúpla de gach cineál díobh isteach san áirc le coimeád beo farat; fireann agus baineann ní foláir iad a bheith. 20An éanlaith de réir a gcineáil, ainmhithe uile na talún de réir a gcineáil, péisteanna uile na talún de réir a gcineáil, rachaidh cúpla díobh isteach san áirc in éineacht leat le coimeád beo. 21Agus tabhair leat chomh maith gach sort bia dá n‑itear agus cuir i dtaisce é agus beidh sé mar bhia agatsa agus acusan.” 22Rinne Naoi é sin, rinne sé ar ordaigh an Tiarna dó.

Currently Selected:

Geineasas 6: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in