YouVersion Logo
Search Icon

Léivític 10

10
Dlíthe Breise
1Nádáb agus Aibíchiú, beirt mhac Árón, thóg gach duine díobh a thúiseoir, chuir tine ann, túis ar an tine agus d'ofráladar i láthair an Tiarna tine mhídhleathach nach raibh ordaithe aige dóibh. 2Ansin phreab lasair amach ó fhianaise an Tiarna agus scrios iad, agus fuaireadar bás i láthair an Tiarna. 3Dúirt Maois le hÁrón: “Sé seo a bhí i gceist ag an Tiarna á rá:
‘Taispeánfaidh mé mo naofacht i measc a bhfuil i ngar dom,
Agus don phobal go léir foilseofar mo ghlóir.’ ”
Níor fhan focal ag Árón.
4Ghlaoigh Maois ar Mhíseáél agus ar Ealzáfán, mic Uizíél uncail Árón, agus dúirt leo: “Tagaigí agus beirigí bhur mbráithre libh i bhfad ón sanctóir, ón gcampa amach.” 5Thángadar agus rugadar leo iad, a n‑ionair fós orthu, ón gcampa amach mar a d'ordaigh Maois.
6Dúirt Maois le hÁrón agus lena mhic Eileázár agus Íteámár: “Ná stollaigí gruaig bhur gcinn agus ná sracaigí bhur gcuid éadaigh; ní baol daoibh an bás; is leis an gcomhthionól uile atá sé i bhfearg; is é teaghlach Iosrael uile a chaithfidh bhur mbráithre a chaoineadh, bhur mbráithre a scrios tine an Tiarna. 7Ná fágaigí doras Bhoth na Teagmhála le heagla go bhfaigheadh sibh bás; óir tá criosma an Tiarna oraibh.” Rinneadar mar a dúirt Maois.
8Labhair an Tiarna le hÁrón agus dúirt: 9“Nuair a bhíonn sibh ag dul isteach i mBoth na Teagmhála, tú féin agus do chlann mhac mar aon leat, ná hólaigí fion ná braon crua, le heagla an bháis. Reacht síoraí é sin ag bhur sliocht ó ghlúin go glúin. 10Bíodh an scéal amhlaidh chomh maith agus sibh ag dealú an naofa ón gcoitianta, an ghlan ón neamhghlan, 11agus nuair a bheidh na reachtanna go léir a dheachtaigh an Tiarna dóibh trí bhéal Mhaois agaibh á dteagasc do chlann Iosrael.”
12Dúirt Maois le hÁrón agus le hEileázár agus Íteámár, na mic leis a bhí fágtha: “Tógaigí fuílleach na habhlainne atá fágtha d'íobairtí dóite an Tiarna. Ithigí an chuid shlim di láimh leis an altóir, óir tá sí sárnaofa. 13Ithigí in áit naofa í, óir is í sin do cheartroinn agus ceartroinn do mhac de na híobairtí tine don Tiarna. Sin é an t‑órdú a fuair mé. 14Ach an brollach a ofráladh agus an cheathrú a cuireadh i leataobh, ithigí in áit ghlan iad, tusa agus do chlann mhac agus d'iníonacha mar aon leat; óir sin í an chuid d'íobairtí comaoineach chlann Iosrael is dual duitse agus do do chlann mhac agus do d'iníonacha mar aon leat. 15An cheathrú a cuireadh i leataobh agus an brollach a ofráladh nuair a dódh an tsaill, bídís agatsa agus ag do chlann mhac mar aon leat, tar éis iad a ofráil i láthair an Tiarna mar dhleacht ar leith, de réir dlí shíoraí mar a d'ordaigh an Tiarna.”
16Rinne Maois ansin fiosrú grinn faoin ngabhar a ofráladh mar íobairt pheaca agus fuair amach gur dhóigh siad é. Tháinig fearg air le hEileázár agus Íteámár, na mic le hÁrón a bhí fágtha: 17“Cén fáth,” ar sé, “nár ith sibh an t‑íobarthach peaca seo san áit bheannaithe? Is rud sarnaofa é a tugadh daoibh d'fhonn go n‑iompródh sibh cionta an chomhthionóil agus gnás an leorghnímh a chomhlíonadh dóibh i láthair an Tiarna. 18Níor tugadh a fhuil laistigh den sanctóir agus ba chóir daoibh go deimhin a fheoil a ithe sa sanctóir faoi mar a d'ordaigh mé daoibh.” 19Dúirt Árón le Maois: “D'ofráil siad a n‑íobairt pheaca agus a n‑íobairt uileloiscthe inniu, i láthair an Tiarna. Ach féach, dá mbeinnse i gceist, dá n‑íosfainn an ofráil pheaca inniu, an mbeadh sin taitneamhach leis an Tiarna?” 20Nuair a chuala Maois an méid sin bhí sé sásta.

Currently Selected:

Léivític 10: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in