YouVersion Logo
Search Icon

Léivític 19

19
Adhradh
1Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: 2“Labhair le comhthionól chlann Iosrael go léir agus abair leo:
Bigí naofa, óir táimse, an Tiarna bhur nDia, naofa. 3Bíodh urraim ag gach duine díbh dá athair agus dá mháthair. Coimeádaigí mo shabóidí; mise an Tiarna bhur nDia. 4Ná hiompaígí chun na n‑íol, agus ná dealbhaigí déithe de mhiotal. Mise an Tiarna bhur nDia. 5Má ofrálann sibh íobairt chomaoineach don Tiarna, déanaigí sibh féin taitneamhach, agus ansin ofrálaigí amhlaidh sin í. 6Ní foláir í a ithe an lá céanna, nó lá arna mhárach; a mbeidh fágtha an tríú lá ní foláir é a loscadh. 7Má itear aon chuid di ar an treas lá, is ofráil ghráiniúil í, ní ghlacfar léi. 8Aon duine a itheann í, bíodh deasca a pheaca air, mar go mbíonn naofacht an Tiarna truaillithe aige; gearrtar amach óna phobal an duine sin.
9Ag baint an fhómhair de bhur n‑ithir, ná bainigí go deireadh an cheann fearainn. Ná bailigh diasa an fhómhair. 10Ní mó ná sin ba chóir duit d'fhiniúin a lomadh, ná na caora a thit i do fhíonghort a chnuasach. Fág ag an mbocht agus ag an deoraí iad. Mise an Tiarna bhur nDia.
11Ná déanaigí goid ná calaois ná feall ar bhur gcomharsa. 12Ná tugaigí leabhar éithigh dar m'ainm agus ainm do Dhé a thruailliú. Mise an Tiarna. 13Ná déan leatrom ná slad ar do chomharsa. Ná coinnigh tuarastal an fhostaí thar oíche go maidin. 14Ná cuir mallacht ar an mbalbhán, ná ceap tuisle ar chosán an daill, ach bíodh eagla do Dhé ort. Mise an Tiarna.
15Ná déanaigí éagóir i mbreithiúnas; ná bíodh lé agat leis an mbocht, ná uamhan ort roimh an gcumhachtach; ach tabhair breith ar do chomharsa de réir na córa. 16Ná bí ag gabháil timpeall ag cúlchaint ar do mhuintir féin, agus ná téigh i bhfiontar le hanam do chomharsan. Mise an Tiarna. 17Ná bíodh fuath agat i do chroí do do chomharsa, ach déan a choir a chur ar a shúile dó os ard; fágfaidh sin thú gan peaca a ghabháil ort féin. 18Ná bain díoltas amach; ná bíodh faltanas agat le clann do dhaoine muinteartha. Ní foláir duit grá a thabhairt do do chomharsa mar thú féin. Mise an Tiarna.
19Coimeádaigí mo reachtanna. Ná scaoiligí bhur n‑eallach chun dáir le malairt chineáil. Ná cuir síol measctha i d'ithir agus ná cuir ball éadaigh dhá ábhar umat.
20Má luíonn fear le bean agus a chuid féin a dhéanamh di, nuair is leannán daoirsí le duine eile í, gan cheannach gan saoirse, bíodh seisean freagrach sa bhradaíocht ar chearta, ach ná cuirtear chun báis é mar nach raibh sise saor. 21Tugadh sé íobairt chiontachta chun an Tiarna ag doras Bhoth na Teagmhála; reithe an íobairt chiontachta. 22Le reithe seo an íobairt chiontachta déanadh an sagart, thar ceann an duine i láthair an Tiarna, gnás an leorghnímh a chomhlíonadh ar son an pheaca a rinne sé; agus maithfear dó an peaca a rinne sé.
23Nuair a thiocfaidh sibh isteach sa tír agus gach sórt crann toraidh a chur, bíodh meas forchraicinn agaibh ar an toradh; bíodh sé amhail rud gan timpeallghearradh agaibh ar feadh trí bliana, agus ná hithigí é. 24An ceathrú bliain beidh an toradh go léir naofa, ofráil chéadtorthaí don Tiarna. 25An cúigiú bliain ní miste daoibh a dtoradh a ithe agus a bhfómhar a chnuasach daoibh féin. Mise an Tiarna do Dhia. 26Ná hithigí aon fheoil ina mbíonn fuil. Ná cleachtaigí asarlaíocht ná draíocht. 27Ná bearraigí bhur bhfolt ina chuar ar bhur n‑uiseanna timpeall, agus ná gearraigh imill d'fhéasóige. 28Ná ciorraígí bhur gcorp nuair a chailltear duine, agus ná cuirigí breacadh ar bith orthu. Mise an Tiarna.
29Ná déan striapach de d'iníon agus í a thruailliú, le heagla go rachadh an tír le striapachas agus go mbeadh sé ar snámh le corbadh. 30Coimeádaigí mo shabóidí agus bíodh urraim agaibh do mo shanctóir. Mise an Tiarna. 31Ná téigí i muinín spioraid na marbh, ná draíodóirí, mar go dtruailleoidís sibh. Mise an Tiarna bhur nDia. 32Éirigh i do sheasamh don cheann liath agus bíodh urraim agat don duine aosta, agus bíodh eagla do Dhé ort. Mise an Tiarna.
33Nuair a chuireann deoraí faoi faraibh in bhur ndúiche, ná cuirigí isteach air. 34An deoraí a chuireann faoi faraibh, bíodh sé mar dhuine de bhur ndúchasaigh agaibh, agus bíodh grá agaibh dó mar atá daoibh féin; óir bhí sibh féin in bhur ndeoraithe i dtír na hÉigipte. Mise an Tiarna bhur nDia. 35Ná déanaigí éagóir i mbreithiúnais dlí, i dtomhas faid ná meáchain ná toirte; 36bíodh bhur scálaí agus bhur meáchain cóir; bíodh bhur n‑éafá cóir, agus bíodh bhur hín cóir. Mise an Tiarna bhur nDia a thug sibh amach as tír na hÉigipte. 37Coimeádaigí mo dhlíthe agus mo reachtanna; leanaigí iad. Mise an Tiarna.”

Currently Selected:

Léivític 19: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in