YouVersion Logo
Search Icon

Léivític 27

27
Cánacha agus Luacháil
1Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: 2“Labhair le clann Iosrael agus abair leo:
Nuair a mhóidíonn duine luach pearsan don Tiarna agus gur mian leis a mhóid a chomhlíonadh, 3ansin bíodh leathchéad seicil airgid - seicil an tsanctóra is é sin - mar luach agat ar fhear idir fiche agus trí fichid bliain; 4bíodh deich seicil fichead mar luach agat ar bhean; 5bíodh fiche seicil mar luach agat ar bhuachaill idir cúig agus fiche bliain, agus deich seicil ar chailín. 6Bíodh cúig sheicil airgid mar luach agat ar bhuachaill idir mí agus cúig bliana, agus trí sheicil ar chailín. 7Bíodh cúig sheicil déag mar luach agat ar fhear ó thrí fichid amach, agus deich seicil ar bhean. 8Má bhíonn an duine róbhocht chun do luacháil a íoc, tugadh sé an té a bhíonn i gceist i láthair an tsagairt, agus déanadh an sagart luach a leagan de réir acmhainne an té a thug an mhóid.
9Más ainmhí a bhíonn i gceist a d'oirfeadh mar ofráil don Tiarna, aon ainmhí den sórt sin a thugann duine don Tiarna, beidh sé coisricthe. 10Ná déanadh sé é a mhalartú, ná a mhalairt a chur ina áit - ceann maith in ait droch-chinn, droch-cheann in áit an chinn mhaith. Má mhalartaíonn sé ainmhí ar ainmhí eile, bídís araon coisricthe. 11Más ainmhí neamhghlan a bhíonn i gceist, nach n‑oirfeadh a ofráil don Tiarna, ní foláir dó é a chur i láthair an tsagairt, cibé rud é. 12Cuireadh seisean luach air, á mheas a bheith go maith nó go holc. Mar a mheasann tusa an sagart é, sin mar a bheidh sé. 13Más mian leis an duine é a fhuascailt, cuireadh sé cúigiú lena luach.
14Nuair a dhéanann duine a theach a choisreacan don Tiarna, déanadh an sagart a luach a shocrú, á mheas go hard nó go híseal. Seastar le breith an tsagairt ar a luach. 15Ach más mian leis an té a choisric a theach é a fhuascailt, cuireadh sé cúigiú lena luach agus bíodh sé ar ais aige.
16Má dhéanann duine gort dá oidhreacht athartha a choisreacan don Tiarna, déan a luach a mheas de réir a thorthúlachta, leathchéad seicil airgid an t‑ómar eorna. 17Má dhéanann sé an gort a choisreacan bliain na hiubhaile, seasadh sé leis an lánluach seo agat. 18Má dhéanann sé é a choisreacan tar éis bhliain na hiubhaile, déanadh an sagart an luach in airgead a mheas de réir an líon blianta fós go dtí an chéad iubhaile eile, agus déantar do luacháil a laghdú dá réir. 19Más mian leis an té a choisric, an gort a fhuascailt, cuireadh sé cúigiú leis an luach, agus fanadh an gort aige féin. 20Mura ndéanann sé é a fhuascailt ach é a dhíol leis an bhfear thall, tá deireadh leis an gceart fuascailte; 21agus nuair a shaortar an gort bliain na hiubhaile, déanann ní coisricthe don Tiarna arís de, ar aon dul le talamh faoi bhang; faigheann an sagart seilbh air.
22Má choisriceann duine gort a cheannaigh sé, gort nach aon chuid dá sheilbh oidhreachta, don Tiarna, 23ansin déanadh an sagart a luach a mheas as sin go bliain na hiubhaile, agus díoladh an duine suim a luacha an lá sin mar dhéanfadh ar rud coisricthe don Tiarna. 24I mbliain na hiubhaile fillfidh an gort ar an díoltóir, an duine ar leis é de sheilbh oidhreachta. 25Déantar gach luacháil de réir sheicil an tsanctóra, fiche géará an seicil.
26Níl sé de chead ag aon duine céadghin a n‑ainmhithe a choisreacan, óir mar chéadghin is leis an Tiarna é ó cheart; cibé acu damh nó caora é is leis an Tiarna é. 27Más ainmhí neamhghlan é, ní miste é a cheannach ar ais, ar an luach ar ar mheas tú é ach cúigiú leis; mura ndéantar é a fhuascailt, díoltar é ar an luach ar ar mheas tú é.
28Aon ní a leagann duine faoi bhang don Tiarna, ní féidir é a dhíol ná é a fhuascailt - aon chuid dá shealúchas, duine nó ainmhí, nó gort dá oidhreacht. Aon rud a chuirtear faoi bhang, is rud sárnaofa é agus baineann sé leis an Tiarna. 29Aon duine daonna a chuirtear faoi bhang, atá le scrios ó láthair daoine, ní féidir é a fhuascailt, ní foláir é a chur chun báis. 30Deachúna uile na talún, más de thoradh na talún más de chnuas na gcrann, is leis an Tiarna iad; tá siad naofa don Tiarna. 31Más mian le duine cuid dá dheachú a fhuascailt, cuireadh sé a cúigiú léi. 32Gach deachú tréada agus tána, gach deichiú ainmhí dá ngabhann faoi bhachall an aoire, bíodh sé naofa don Tiarna. 33Ná bíodh aon togha ná díogha na malartú. Má dhéantar malartú, déantar idir mhalairt ainmhí agus mhalartach a choisreacan don Tiarna, gan cead fuascailte.”
34Sin iad na haitheanta a d'aithin an Tiarna do Mhaois thar ceann chlann Iosrael ar Shliabh Shíonái.

Currently Selected:

Léivític 27: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in