YouVersion Logo
Search Icon

Gníomhartha 6

6
Caibidil VI
Seacht deachanna ar na ndtogha, 5 dar díobh Stephanus.
1Agus an sna laéthibhsin, ag méudughadh úibhir na deisciobluibh, déirigh monmhur na Ngréugach a naghaidh na Neabhruigheach, do bhrígh go ttugtháoi neímhchion air a mbaintrabhachuibh sa miniosdrálachd laétheamhuil. 2Uime sin ar ngairm iomuid do na deisciobluibh a gceann a chéile don dá fhear dhéug, a dubhradar, Ní hiomchubhuighe dhúinne briathar Dé gfágbháil do chum na mbórd do fhriothólamh. 3Ar a nadhbharsín, a dheartbhraithreacha, féuchaidh amach bhur measg féin mórsheisear do dháoinibh deaghtheasda, lán don Spioruid Náomh agus deagna, noch do chuirfeam a dtimcheal na hóibreise. 4Agus bíadhmaidne go cómhnuightheach a nurnuighe, agus a miniosdrálachd na bréithre. 5Agus dáontuigheadar an comhlúadar uile don rádh so: agus do thóghadar Steaphán, fear lán do chreideamh agus don Spíoruid Naomh, agus Philip, agus Procórus, agus Nícánor, agus Tímon, agus Parménas, agus Nicolás neach ó Aintióchia do cheanguil é féin don neagluis: 6Do chuireadar íad so a bhfíadhnuise na nabsdal: agus ar ndéunamh urnuighe dhóibhsean, do chuireadar a lámha orrtha. 7Agus dfás bríathar Dé; agus do mhéudaigh úibhir na ndeisciobal go romhór a Niarusalém; agus dúmhluidh cuid mhór do na ságartaibh don chreideamh. 8Achd Steaphán, lan do chreideamh agus do chúmhachdaibh, do rinne sé miorbhuile agus cómharthadha móra a measg an phobail.
9Agus déirgheadar súas dream áirighe don tsinagóig, dar ab ainm Sionagóg na libertinigh, agus na Cirenianach, agus luchd Alecsandria, agus Cilícia agus na Hásia, ag diosbórachd lé Steaphán. 10Achd níor bhféidir leó cur a naghaidh na heagna agus na spioraide tré ar labhair sé. 11An sin tugadar a steach dream airighe, noch a dubhairt, do chúalamar féin é ag labhairt bhríathra masluigheacha a naghaidh Mháoise, agus Dé. 12Agus do bhogadar an pobal, agus na sinnsir, agus na sgriobuidhe, agus ag cur chuige, rugadar air, agus tugadar leó chum na comhairle é, 13Agus do chuireadar amach fiadhnuiseadha bréugacha, noch a dubhairt, Ní sguireann an fearso dá bheith ag labhairt bhríathra masluigheacha a naghaidh na háite náomhthasa, agus an reachda: 14Oír do chúalamar é ag rádh, Go sgriosfaidh Iósa Násarrdhaso a naitse, agus go niompochaidh sé na hórduighthe tug Máoise dhúinne. 15Agus gach a raíbh na suídhe sa ccómhairle, ag féuchuinn go friochnamhach airsion, do chunncadar a aghaidh mar aghaidh aingil.

Currently Selected:

Gníomhartha 6: Bedell

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for Gníomhartha 6