YouVersion Logo
Search Icon

Gníomhartha 7

7
Caibidil VII
Freagra dhíagha Stephain, ag foillsiughadh brígh an dlíghe; 59 agus aris a bhás féin áindligheach.
1Ann sin a dubhairt an tárdsagárt, An bhfuilid na neithese mar so? 2Agus a dubhairt seision,
A bhraithreacha, agus a aithreacha, éisdigh; Dfoillsigh Día na glóire é féin dar nathair Abraham, an tan do bhí sé sa Mésopotámia, suil do chómhnuidh sé a Gcárran, 3Agus a dubhairt sé ris, Fág do thír féin, agus do chineadh, agus tárr don tír fhoillseachus misi dhuit. 4Dimthigh sé ann sin as talamh na Gcaldéanach, agus do chomhnuigh sé a Gcárran: Agus as sin, tar éis bháis a athar, dárrthuigh sé é don talamhsa, ann a bhfuiltíse a nois bhur gcómhnuidhe. 5Agus ní thug sé oíghreachd dhó ann, go fíu leithead troighthe: bíodh gur gheall sé a thabhairt mar sheilbh dhó féin, agus dá shíol na dhíaigh, gé bách raibh clann fós aige.
6Achd do labhair Día mar so, Bíaidh do shíolsa na náitreabhaidh a dtír choimhighthe; mar a ccoineóchar íad fá dháoirse, agus fá leathtrom ceithre chéud blíadhan. 7Achd do dhéuna misi breitheamhnus ar an gcineadh aga mbíaidh síad fá dháoirse, do ráidh Día: agus ná dhíaigh sin rachaid síad amach, agus do dhéunuid seirbhís dhamhsa sa nionadsa. 8Tug sé dhó mar an gcéadna connradh an timchillghearradh: agus is mar sin do ghin Abraham Isaac, agus do thimchillghearr sé é an tochdmhádh lá; agus do ghein Isaac Iácob; agus Iácob an dá phátriárc dhéug. 9Agus ar ngabháil thnúidh, do na patriarcuibh, do reacadar Ióseph don Eigipt: agus do bhí Día maille ris, 10Agus do réidhigh sé é ó nuile thrioblóid, agus tug sé grása agus eagna dhó a bhfíadhnuise Phárao rí na Héigipte; noch do rinne úachdarán de ar a Néigipt agus ar a thigh féin uile. 11Agus táinig gorta go tír na Héigipte agus Chánaan uile, agus amhgur mhór: ionnus nách bhfúaradar ar naithreacha beatha. 12Agus ar na chlós do Iácob go raibh arbhar sa Néigipt, do chuir sé ar naithreacha ar tús innte. 13Agus an dara húair daithneadar a dhearbhraithreacha Ióseph; agus do foillsigheadh do Phárao cineadh Ióseph. 14Agus do chuir Ióseph, fios air Iácob a athair, agus ar a luchd gáoil uile, cúiganmanna déug agus trí fichid. 15Agus do chuáidh Iácob síos don Eigipt, agus fuair sé féin, agus ar naithreacha bás, 16Agus do hathruigheadh íad go Síchem, agus do chuireadh íad ann sa túama do cheannaidh Abraham ar a lúach airgid ó chloinn Emmor Athair Sícheim. 17Agus ar ndrud aimsire na geallamhna tug Día Dhábraham maille ré mionnaibh, dfás an póbal go híomaduil sa Néigipt, 18Nó gur éirighe rí eile súas, ag nach raibh aithne air Ióseph. 19Do mheall an fearso ar ccineadhne, agus tug sé drochdhíol air ar naithreachuibh, a ccrúth go dtug sé orrtha a gclann óg do theilgean amach, ionnus nách bhfasaidís.
20Fá a namsin rugadh Máoise, agus do bhí sé taitneamhach ag Día, agus do hoileadh é feadh thrí míos a dtigh a athar: 21Agus ar mbeith dhó ar na theilgean amach, do thóg inghean Pháraó ría é, agus do oil si é mar mhac dhi féin. 22Agus do bhí Máoise foghlomtha a nuile éagna na Négipteach, agus do bhí sé cúmhachdach a mbríathruibh agus a ngníomharthuibh. 23Agus ar gcoimhlíonadh aimsire a dhá fhichead blíadhan dó, táinic ann a chróidhe dul dféuchain a dhearbhráithreach féin chloinne Israél. 24Agus ar bhfaicsin duine áirighe ag fulang éugcóra, do chosain sé é, agus ar mbúaladh a Néigiptaigh dhó, do rinne sé dioghaltas air son an tí ar a ndearnadh a néugcóir: 25Oír do mhéas sé go dtuigfidís a dhearbhráithreacha go dtiubhradh Día fúasgladh tré na láimhsion dóibh: gidheadh níor thuid siadsan sin. 26Agus an lá na dhíaigh sin ar mbeith dhóibh ag comhrac do thaisbéin sé é féin dóibh, agus do bhí sé déanamh síothchana eatorra, ag rádh, A dháoine, as dearbhraithreacha da chéile sibh; créud fá ndéuntáoi éugcóir ar a chéile? 27Achd do chuir an té do rinne a néugcóir ar a chómharsuin úadh é, ag rádh, cía rinne úachdarán agus breítheamh dhíotsa ós ar gcoinne? 28An mían riot misi do mharbhadh, mar do mharbh tú an Tégiptach a né? 29Do theith Máoisi ann sin ris an bhfocal sin, agus do bhí sé na dheóraidh a dtalamh Mhádian, sa nionad ann a rugadh días mac dhó. 30Agus ar gcríochnughadh dhá fhichead bhlíadhan, do taibhreadh dhó a bhfásach shléibhe Sína aingeal an Tighearna a lasair theineadh a ndos. 31Agus ar ná fhaicsin do Mháoise, do ghabh iongnadh fan táibhse é: agus ar dteachd dó dhá bhréathnughadh, táinic gúth an Tighearna chúige, 32As misi Día haithreach, Día Abraham, agus Día Isaac, agus Día Iácob. Agus ar mbeith do Mháoise ar crith, níor lamh sé aire do thabhairt dó. 33Achd a dubhairt an Tighearna ris. Sgáoil do bhróga dod chósaibh: oír is talamh náomhtha an tionad ann a bhfuill tú ad sheasamh. 34Tug mé dom aire, go friochnamhach, ámhgar mó phóbail nóch atá sa Néigipt, agus do chúalaidh mé a nósnadhach, agus do thuirrling mé dá bhfúasgailt. Agus a nois tárrsa a leith, cuirfe me don Eigipt thú. 35An Máoise só do dhíultadar, ag rádh, Cía rinne úachdarán agus bréitheamh dhíotsa? do chuir Día é mar úachdarán agus mar fhear sáortha a láimh a naingil, do taibhreadh dhó sa dos. 36Tug sé so amach íad, ar ndéunamh miorbhuileadh agus comharthadh a dtalamh na Héigipte, agus ann sa muir Rúaidh, agus ann sa bhfásach dhá fhichead blíadhain.
37A sé so an Máoise úd, noch a dubhairt ré cloinn Israél, Tóigéubhaidh Día bhur Dtighearna fáidh súas dáoibh da bhur ndearbhraithribh, mar misi; éisdfish sibh ris. 38Sé so an té do bhí sa gcóimhthionól ar an bhfásach a bhfochair a naingil do labhair ris ar shlíabh Sína, agus ar naithribhne: noch do ghlac mar an gcéudna briathra na beatha chum a dtabhartha dhúinne: 39Dá nár bháill ré ar naithríbhne úmhlachd do thabhairt, achd do dhíultadar é, agus dfilleadar ann a gcróidhthibh tar a nais don Eigipt, 40Ag rádh ré Háaron, Déuna dhúinn dée do racha romhuinn: oír ní bhfuil a fhios aguinn, créud do éirigh don Mháoisese, noch do threóraidh sinn as talamh na Héigipte. 41Agus da rinneadar láogh ann sna laéthibhsin, agus do fhoráileadar íodhbairt don íodhail, agus do rinneadar gáirdeachus as oibrighthibh a lámh féin. 42Agus dfill Día, agus tug sé íad do dhéanamh seirbhíse do shlúagh neimhe, do reir mar atá sgríobhtha a leabhar na bhfáigheadh, A thigh Israél, nar fhoraileabhair dhamhsa beathaidh mharbha agus iodhbartha ar féadh dhá fhichead blíadhan ar an bhfásach? 43Achd, do ghlacabhair tábernacel Mhóloch, agus réult bhur Ndía féin Remphan, fíoghracha noch do rinneabhair chum a nadhra: ar a nadhbharsin áthrócha mé sibh don táobh a nunn don Bhábilóin. 44Do bhí tábernacel na fíadhnuise ag ar naithribhne ar an bhfásach, do réir mar daithin, an té labhair ré Máoisi, a dhéunamh do réir na heisiomplara do chunnairc sé. 45Noch do ghlacadar ar naithrene agus tugadar leó maille ré Híosa go seilbh na Gcíneadhach, noch do theilg Día amach as amharc ar naithreach, go laéthibh Dháibhi: 46Noch fuair grása a bhfíadhnuise Dé, agus do shir tabernacel dfagháil do Dhía Iácob. 47Gidheadh a sé Solamh do thóg tigh dhó.
48Achd fós ní a dteampluibh laimhdhéanta atá an tí as Airde na chomhnuide; do réir mar a deir an fáidh, 49Sé neamh mo chathaóir, agus an talamh sdól mo chos: créd é an tigh thóigéubhus sibh dhamh? a deir an Tighearna: nó créud é mionad cómhnuighe? 50A né nach í mó lámh do rinne na neithesi uile?
51A dháoine cruáidhmhuineulacha agus neamhthimcheallghearrtha a gcróidhe agus a gclúasáibh, atátháoi ag seasamh ríamh a naghaidh an Spiorad Náoimh: amhuil do rinneadar bhur naithreacha, as mar sin do nithíse. 52Cía do na fáidhibh nar dhíbhreadar bhur náithreacha? agus do mharbhadar an dream do réumhfhoillsigh teachd an Táon Firéin úd; agá rabhabhairse a nois bhur luchd bratha agus dúnmharbhtha: 53As do ghlacabhair an reachd tré mhiniosdrálachd na naingeal, agus níor choimhéudabhair é.
54Agus ar na gclós só dhóibhsion, do goinadh ann a gcróidhthibh íad, agus do bhádar ag cognamh a bhfiacal na aghaidh. 55Achd ar mbéith do Steaphán lán don Spíorad Náomh, agus ar bhféachain dó go gér ar neamh, do chunnairc sé glóir Dé, agus Iósa na sheasamh ar láimh dheis Dé, 56Agus a dubhairt sé, Féuch, do chím neamh osguilte, agus Mac an duine na sheasamh ar láimh dheis Dé. 57Do gháireadarsan annsin do ghúth mhór, agus do stopádar a gclúasa, agus do shaitheadar déuntoil airsion, 58Agus ar na theilgean amach as an gcathraigh dhóibh, do ghabhadar do chlochaibh air: agus do chuireadar na fiadhnuisighe a néuduighe síos ag cosaibh ógánaidh áirighe, dar bhainm Saul. 59Agus do ghabhadar do chlochuibh air Steaphán, as é ag guidhe, agus ag rádh, A Thighearna Iósa, gábh mo spiorad chugad. 60Agus ar na léigean féin ar a ghlúinibh dhó, do éigh sé do ghúth mhór, A Thighearna, na cuir an peacadhsa na leith. Agus ar na rádh so dhó do chodail sé.

Currently Selected:

Gníomhartha 7: Bedell

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for Gníomhartha 7