Eóin 12
12
Caibidil XII
Do ghabh Iósa leithsgeul Mhuire Mhagdalén iomá nuinneméid, 27 agus atá a anam ar na chrádh a Niarúsalem.
1Ann sin tháinig Iósa sé lá roimh cháisg go Bethánia, mar a raibh Lásarus noch do bhí marbh, noch do dhúisigh seisean ó mharbhuibh. 2Uime sin do rinneadar suiper dhó ann sin; agus do bhí Martá ag friothólamh: achd do bhí Lásarus na áon don mhuinntir do shuidh na fharradh ar an mbórd. 3Ann sin do ghlac Muire punta duinnement náird fhírinnigh, roúasail, agus do ung si cosa Iósa, agus do thiorrmuigh sí a chosa lé na grúaig: agus do bhí an teach ar na líonadh do bhaladh na huinnemeinte. 4A dubhairt áon dá dheisciobluibhsean, Iúdas Iscáriot mac Shimóin, noch do bhí ar tí eísion do bhrath, 5Créd fá nar díoladh a nuinnementse ar thrí chéud pighinn, agus a dtabhairt do na bochduibh? 6Gidheadh a dubhairt seision so, ní hé go raibh suim aige ann sna bochdaibh; achd ar son gur ghaduidhe é, agus gur ab aige do bhí an sparán, agus gur ab é diomchradh an ní do chuirthí ann. 7Uime sin a dubhairt Iósa, Léig dhi: fá chomhair láethe madhluicthe do thaisgidh sé so. 8Oír atáid na boichd bhur bhfarradh do gnáth; acht ní bhía misi do gnáth agaibh.
9Agus do bhí a fhios ag cuid mhóir do na Iúdaidhibh go raibh sé ann sin: agus tangadar ní ar son Chríosd ámháin, achd do chum go bhfaicfidís Lásarus fós, noch do dhúisigh seision ó mharbhuibh. 10Uime sin do rinneadar na hárdsagairt do chomhairle Lásarus fós do mharbhadh; 11Do bhrígh gur imthiodar mórán do na Iúdaidhibh air a shonsan, agus gur chreideadar a Níosa.
12Achd ar na mhárach mórán dáoine dá dtáinig chum an fhéusda, an tan do chuáladar go raibh teachd Iósa go Hiarusalém, 13Do ghlacadar géuga pailme, agus do chuádar a mach do theagmháil air, agus do éighmheadar, Hosanna: As beannaighthe an té thig a nainm an Tighearna Rí Isráel. 14Agus ar bhfagháil asail, Díosa, do shuidh sé air; mar ata sgríobhtha, 15Ná bíodh eagla ort, a inghean Shióin: féuch, atá do Rí ag teachd, na shuidhe ar searrach asail. 16Achd níor thuigeadar a dheisciobail na neither so ar tús: gidheadh an tan do ghlórughadh Iósa, ann sin do chuimhnigheadar go rabhadar na neithesi sgriobhtha air, agus go ndéarnadar na neithe so dhó. 17Uime sin do rinne an pobal do bhí na fharradh fíadhnuisi dhó, do bhrígh gur ghoir sé Lasarus as an uáigh, agus gur dhúisigh sé é ó mharbhuibh. 18As tríd sin tháinig an pobal do theagmháil air, do bhrígh go ccúaladar go ndéarna sé an miorbhuilsi. 19Ar a nadhbharsin a dubhradar na Phairisinigh eatarra féin, An bhfaicthí nach feirde dhíbh áon ní dhá ndéuntáoi? féuch, dimthigh an sáoghal na dhiáigh.
20Agus do bhí dream áirighe do na Gréugachuibh a measg na muinntire do chúaidh súas do dhéanamh seirbhisí do Dhía san bhféusda: 21Agus tangadar dionnsuighe Philib, noch do bhí ó Bhetsaida na Galilé, agus diarradar air, ag rádh, A mhaighistir as mían linn Iósa dfaicsin. 22Táinig Philib agus dinnis sé Dhaindrías: agus a rís dinnís Aindrías agus Philib Díosa é.
23Agus do fhreaguir Iósa íad, ag rádh, Tháinig an úair, ionnus go bhfuigheadh Mac an duine glóir. 24Go deimhin, deimhin, a deirim ribh Muna bhfagha an gráinne cruithneachda thuiteas ann sa talamh bás, fanuidh sé na áonar: achd má gheibh sé bás, do bhéir sé toradh mór úadh. 25Gidh bé ghrádhuigheas a anam féin caillfidh sé é; agus gidh bé fhuáthuigheas a anam féin ar an sáoghalso coimhéudfaidh sé é chum na beatha marthanuighe. 26Gidh bé ní seirbhís damhsa, leanadh sé mé; agus mar a mbía misi, bíaidh mo sheirbhiseach ann mar an gcéadna: gidh bé dhéanas seirbhís damh, bhéura Mathair onóir dhó. 27Atá manam buáidheartha a nois; agus créd a déura me? A Athair, sáor mé ó nuáirsi: achd as chuige so tháinig mé chum na huairesi. 28A Athair, tabhair glóir dod ainm feín. Uime sin tháinig guth ó neamh, Tugas glóir, agus do bhéur glóir dhó a ris. 29Uime sin an drong, do bhi na seasamh a lathair, agus do chúaluidh so, a dubhradar gur toírrneach do bhi ann: a dubhairt cuid eile, Gur baingeal dolab hair ris. 30Do fhreagair Iósa agus a dubhairt sé, Ní arm o shonsa tháinig an gúthsa, achd ar bhur sonsa. 31A nois atá breitheamhnus an tsáoghailsi a lathair: a nois teilgfidhear amach úachdarán an tsaoghailsi. 32Agus misi, má thóghthar súas ón talamh mé, tairéongaidh mé a nuile dhuine chugam féin. 33(Achd a dubhairt sé so, dha chur a gcéill créud í an ghné bháis do gheabhadh sé.) 34Do fhreaguir an pobal é, Do chúalamairne ón dligheadh go bhfanann Críosd go siorraidhe: agus cionnus a deir tusa, Gur ab éigean Mac an duine do thógbháil a nairde? Cía hé an Mac so an duine? 35Uime sin a dubhairt Iósa ríu, Atá an solus bhur measg fós ar feadh tamuill bhig. Siubhlaidh an feadh bhías an solus aguibh, deagla go mbéuradh an dorchadus, oruibh: Oír gidh bé shiobhlus ann sa dorchadus, ní feas do gá háit a ngabhann sé. 36An feadh atá an solus aguibh, creididh ann sa tsolus, do chum go madh clan don tsolus sibh. Do labhair Iósa na neithesi, agus ar nimtheachd dó, do fholuigh sé é féin úatha.
37Agus ge do rinne sé a noirid so do mhíorbhailibh na bhfíadhnuisi, nior chreideadar ann: 38Do chum go gcoimhlíonfuidhe briathar an fháidh Esaías, noch a dubhairt, A Thighearna, Cia chreid ar nglóirne? agus cía dár nochdadh lámh an Tighearna? 39As uime sin nár fhéadadar creideamh, do bhrigh mar a dubhairt Esaías a rís, 40Do dhall sé a súile, agus do chrúadhaigh sé a gcriodhe; deagla go bhfaicfidis lé na súilibh, agus go dtuigfidis lé na gcroidhthibh, agus go bhfillfidis, agus go sláineochuinn íad. 41Do labhair Esaías na neithe so, and tan do chunnairc sé a ghlóirsean, agus do labhair sé na thimcheall.
42Achd fós do chreideadar mórán do na húachdaránuibh féin ann; achd ar son na Bhphairisineach níor admhuigheadar é, deagla go gcuirfidhe amach as an tsinagóig íad. 43Oír dob annsa léo glóir na ndáoine, ná glóir Dé.
44Agus do labhair Iósa do ghuth ard, agus a dubhairt se, Gidh bé chreideas ionnamsa, ní hionnamsa chreideas sé, achd ann sa té do chuir úadh mé. 45Agus gidh bé chí misi do chí sé an té do chuir uadh mé. 46Táinig mé mar sholus chum an tsáoghail, ionnus gidh bé chreideas ionnam nach déanadh sé comhnuidhe a ndorchadas. 47Agus gidh bé neach éisdeas mo bhríathra, agus nach ccreidfe íad, Ní dháorfa misi é: óir ní tháinig mé do dhamnughadh an domhain, achd do shlánughadh an domhain. 48Gidh bé dhíultus mé, agus nach gabhann chuige mo bhríathra, atá aige neach dháorus é: an bhríathar do labhair mé, as í dháorfus é sa ló deigheanach. 49Oír níor labhair misi úaim féin, achd an Tathair ó dtáinig mé, tug sé áithne dhamh, créd as cóir dhamh aradh, agus creud as coir dhamh a labhairt. 50Agus atá a dheimhin agam gur beatha mharrthanach a áithnesion: Ar a nadhbharsin na neithe a deirimsi, is amhluidh a deirim íad mar a dubhairt an Tathair ríum.
Currently Selected:
Eóin 12: Bedell
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)

: