YouVersion Logo
Search Icon

Eoin 10

10
1“Is fíor atá, is fíor mo rá, an té nach dtéann isteach ar dhoras na banraí ach ag dreapadh suas inti bealach eile, bithiúnach bradach é an fear sin; 2ach an té a théas isteach ar an doras is é aoire ceart na gcaorach é. 3Is roimhe a osclaíos an doirseoir; tugann na caoirigh cluas orthu féin leis, agus gaireann sé ina n‑ainmneacha ar a chuid caorach féin, agus seolann sé amach iad. 4Nuair a bhíos a chuid caorach féin tugtha amach aige, siúlann sé rompu amach agus bíonn na caoirigh á leanúint, mar aithníonn siad glór a chinn. 5Ni leanfaidh siad coimhthíoch, ach ag teitheadh uaidh, ó nach n‑aithnionn siad glór coimhthíoch.” 6Bhí an tsamhlaoid seo ag Íosa leo, ach níor thuig siad cad é a bhí sé a rá leo.
7Dúirt Íosa leo arís mar sin, “Is fíor atá, is fíor mo rá, is mise doras na gcaorach. 8Lucht bradaíola agus bithiúntais a bhí inar tháinig romham; ach ní raibh aire ag na caoirigh orthu. 9Is mise an doras; más tríomsa a thagas fear isteach, slánófar é, agus é ag teacht agus ag imeacht agus ag innilt. 10Ní thagann an gadaí ach le bheith ag bradaíl agus ag marú agus ag milleadh; tháinig mise le beatha a bheith acu, agus í a bheith acu go fairsing. 11Is mé an dea-aoire. Tugann an dea-aoire a anam ar son na gcaorach. 12An té nach bhfuil ina aoire ach ar fostú, nach leis iad na caoirigh, tréigeann sé na caoirigh agus teitheann sé leis nuair a fheiceas sé an mactíre ag teacht; agus beireann an mactíre orthu agus scaipeann sé iad. 13Teitheann sé ó bíonn sé ar fostú gan suim ná spéis a bheith aige sna caoirigh. 14Is mise an dea-aoire; bíonn aithne agam ar mo chuid féin agus aithne acu orm, 15mar a bhíonn aithne ag an Athair orm agus agam ar an Athair; agus tugaim mʼanam ar son na gcaorach. 16Agus tá caoirigh eile agam, nach den bhanrach seo iad; caithfidh mé iad a thabhairt liom freisin, agus tabharfaidh siad cluas do mo ghlór. Mar sin ní bheidh ann ach an t‑aon tréad amháin agus an t‑aon aoire amháin. 17Is as seo a bhíos grá ag an Athair dom, go dtugaim uaim mʼanam, lena ghlacadh chugam. 18Ní ghlacann duine ar bith uaim é, is de mo dheoin féin a thugaim uaim é. Tá cumhacht agam lena thabhairt uaim, agus tá cumhacht agam lena ghlacadh chugam arís; is é sin an ní a thaobhaigh mʼAthair liom.”
19Bhí easaontas arís ann i measc na nGiúdach faoi na briathra sin aige. 20Dúirt mórán acu, “Tá deamhan ina chorp, agus tá sé as a chúrsa; cad chuige bheith ag éisteacht leis?” 21Dúirt dream eile, “Ní hiad seo ráite duine a mbeadh deamhan ann. An bhféadfadh deamhan súile an daill a oscailt?”
22Ba í féile an Choisreacain í in Iarúsailéim; 23ba é an geimhreadh é, agus bhí Íosa ag siúl sa teampall, i gcolonáid Sholaimh. 24Bhailigh na Giúdaigh mar sin ina thimpeall agus dúirt siad leis, “Cá fhad a bheimid idir dhá chomhairle agat? Más tú an Críost, inis dúinn go soiléir é.” 25Ba é freagra Íosa orthu, “Dʼinis mé daoibh, agus ní chreideann sibh uaim é. Na hoibreacha a bhíos á ndéanamh agam in ainm mʼAthar, is iad a thugas fianaise i mo thaobh; 26ach ní chreideann sibhse ó nach de mo chaoirigh sibh. 27Éisteann mo chaoirigh le mo ghlór, agus bíonn aithne agam orthu, agus leanann siad mé; 28agus tugaim an bheatha shíoraí dóibh, agus ní chaillfear iad agus ní fhuadóidh aon duine iad as mo láimh. 29Níl an té ann is mó cumhacht ná mʼAthair atá i ndiaidh iad a thabhairt dom, agus níl duine ann a dʼfhéadfadh a sciobadh as láimh mʼAtharsa. 30Tá mise agus an tAthair inár n‑aon.”
31Thóg na Giúdaigh clocha arís lena gcaitheamh leis. 32Thug losa freagra orthu, “Tá mórán dea-oibreacha taispeánta agam daoibh ón Athair; cé acu a thug oraibh bás a imirt orm leis na clocha seo?” 33Dʼfhreagair na Giúdaigh, “Ní faoi dhea-oibreacha atáimid le bás a imirt ort le clocha ach faoi dhiamhasla; faoi tusa a bheith ag maíomh gur tú Dia agus tú i do dhuine.” 34Dʼfhreagair Íosa iad, “Nach bhfuil scríofa sa dlí is agaibhse, ‘Dúirt mé, is déithe sibh?’ 35Más rud é gur tugadh déithe ar dhaoine ar tháinig briathar Dé chucu (agus ní féidir an scrioptúr a chur ar ceal), 36an féidir libh a rá leis an té ar naomhaigh an tAthair é agus ar chuir sé isteach sa domhan é, ‘Tá tú ag caitheamh masla ar Dhia,’ as mé á rá gur mé Mac Dé? 37Mura mbím ag déanamh oibreacha mʼAthar, a chead agaibh amhras a chur ionam; 38ach má bhíonn siad á ndéanamh agam, mura gcreideann sibh ionamsa, creidigí do na hoibreacha, ionas go n‑aithní sibh agus go dtuige sibh go bhfuil an tAthair ionam, agus mise san Athair.” 39Thug siad iarraidh ar é a ghabháil athuair, ach dʼéalaigh sé as a lámha.
40Dʼimigh sé leis arís anonn thar an Iornán go dtí an áit a mbíodh Eoin ag baisteadh ar dtús, agus dʼfhan sé ansin. 41Agus tháinig mórán chuige; agus dúirt siad, “Ní dhearna Eoin aon chomhartha, ach tá a ndúirt Eoin i dtaobh an fhir seo uile go léir fíor.” 42Agus chreid mórán ann ansin.

Currently Selected:

Eoin 10: OC1970

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in