YouVersion Logo
Search Icon

Matha 26

26
1Nuair a bhí na ráite seo uile críochnaithe ag Íosa, dúirt sé lena dheisceabail, 2“Tá a fhios agaibh go dtiocfaidh an cháisc dhá lá ina dhiaidh seo, agus go mbeidh Mac an duine le tabhairt suas chun a chéasta.”
3Ba ansin a chruinnigh na hardsagairt agus seanóirí an phobail i bpálás an ardsagairt, darbh ainm Caiafas, 4agus chuaigh siad i gcomhairle chun Íosa a ghabháil agus a mharú os íseal. 5Ach dúirt siad, “Ná bíodh sin ann in am na féile ar eagla go n‑éirí gleo i measc na ndaoine.”
6Anois nuair a bhí Íosa i mBétáin i dteach Shíomóin an lobhar, 7tháinig an bhean aníos chuige agus searróg alabastair aici dʼuinnimint chostasach, agus dhoirt sí ar a cheann í, agus é ina shuí chun boird. 8Ach bhí fearg ar na deisceabail nuair a chonaic siad é agus dúirt siad, “Cad chuige seo a chur amú? 9Mar dʼfheadfaí an uinnimint seo a dhíol ar shuim mhór airgid, agus a roinnt ar na daoine bochta.” 10Ní raibh sin ceilte ar Íosa, agus dúirt sé, “Cad chuige daoibh an bhean seo a chiapadh? Is álainn an gníomh atá déanta aici orm. 11Mar bíonn na boicht agaibh i gcónaí, ach ní bheidh mise agaibh i gcónaí. 12Ag doirteadh na huinniminte seo orm rinne sí réidh mo chorpsa chun a adhlactha. 13I bhfírinne, insím daoibh nach mbeidh áit ar fud an domhain, ina gcraobhscaoilfear an soiscéal seo, nach mbeidh an ní a rinne sí á insint lena cuimhne a choinneáil beo.”
14Chuaigh duine ansin den dáréag, a raibh Iúdás Iscariót mar ainm air, chuig na hardsagairt 15go ndúirt leo, “Cad é sin a thabharfas sibh dom má chuirim idir bhur lámha é?” Agus dʼíoc siad tríocha bonn dʼairgead geal leis. 16Agus ón bpointe úd amach bhí sé ag faire na faille le fealladh air.
17Anois an chéad lá de laethanta an aráin gan laibhín tháinig na deisceabail chuig Íosa, á fhiafraí de, “Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh orainn bheith ag déanamh réidh ionas go n‑ithe tú an cháisc?” 18Ar seisean, “Gabhaigí isteach sa chathair chun a leithéid seo de dhuine agus abraigí leis, ‘Is é a deir an tOide, tá mʼamsa i bhfogas; beidh mise agus mo dheisceabail ag comóradh na cásca i do theachsa.’” 19Agus rinne na deisceabail mar a thaispeáin Íosa dóibh, agus rinne siad réidh don cháisc.
20Nuair a bhí sé ina thráthnóna, shuigh sé chun boird é féin agus an dáréag deisceabal. 21Agus nuair a bhí siad ag ithe, dúirt sé leo, “Is fírinneach a deirim libh, go bhfeallfaidh duine agaibh ormsa.” 22Agus chuir sin brón ar a gcroíthe agus thosaigh siad ar a rá leis ina nduine agus ina nduine, “An mise é, a Thiarna?” 23Dʼfhreagair sé, “An duine a thom a lámh in aon mhias liom, is é a fheallfas orm. 24Siúlfaidh Mac an duine mar atá scríofa faoi, ach is mairg a fheallfas ar Mhac an duine! Bʼfhearr don duine úd gan teacht ar an saol riamh.” 25Dúirt Iúdás, an té a rinne an feall air, leis, “An mise é, a mháistir?” Ar seisean leis, “Is tú a dúirt é.”
26Anois nuair a bhí siad ag ithe, ghlac Íosa arán, agus bheannaigh agus bhris sé é, agus thug sé do na deisceabail é, agus dúirt sé, “Glacaigí, ithigí, is é seo mo chorp.” 27Agus ghlac sé an cupán, agus dʼaltaigh sé é agus thug dóibh é, á rá, “Ólaigí uile as; 28mar is í sin mʼfhuil, fuil an nuachúnaint, a dhoirtear mar gheall ar mhórán le haghaidh mhaithiúnas na bpeacaí. 29Táim ag insint daoibh nach n‑ólfaidh mé an toradh seo na fíniúna arís go dtí go n‑ólfaidh mé nua é in bhur gcuideachta i ríocht mʼAthar.”
30Agus i ndiaidh iomann a chanadh, dʼimigh siad leo go Cnoc na nOlóg. 31Dúirt Íosa leo ansin, “Clisfidh sibh uile go léir orm anocht; mar tá sé scríofa, ‘Buailfidh mé buille ar an aoire, agus scaipfear caoirigh an tréada.’ 32Ach beifear do mo thógáil arís, agus ina dhiaidh sin imeoidh mé go Galailí romhaibh.” 33Dhearbhaigh Peadar dó, “Má chliseann siad uile go léir ort, ní chlisfidh mise ort.” 34Arsa Íosa leis, “Deirim i bhfírinne leat, an oíche seo féin, sula nglaonn an coileach, déanfaidh tú mé a shéanadh faoi thrí.” 35Arsa Peadar leis, “Má tá ar mo chrann bás a fháil i do chuideachta, ní shéanfaidh mé thú.” Agus dúirt na deis­ceabail uile mar an gcéanna.
36Chuaigh Íosa leo ansin go dtí áit ar tugadh Getsemaní uirthi, agus dúirt sé lena dheisceabail, “Suígí anseo, go dté mé anonn ansin agus go ndéana mé urnaí.” 37Agus thug sé leis Peadar agus beirt mhac Shebidé, agus thosaigh tromualach bróin agus buartha ar thitim air. 38Dúirt sé leo ansin, “Tá mʼanam á chrá go mór le brón go bás; fanaigí anseo ag faire liom.” 39Agus chuaigh sé ar aghaidh beagán gur thit ar a bhéal agus gur ghuigh sé, “A Athair liom, más féidir é, scaoil an cupán seo tharm; ach san am céanna ná bíodh sé mar is toil liomsa, ach mar is toil leatsa.” 40Agus tháinig sé chuig na deisceabail go bhfuair ina gcodladh iad; agus dúirt sé le Peadar, “Nár fhéad tú mar sin faire aon uaire a dhéanamh liom? 41Fairigí agus guígí nach gcuirfear cathú oraibh; mar dá mhéid í dea-thoil an anama, bíonn an cholainn lag.” 42Dʼimigh sé arís an dara huair agus rinne sé urnaí, “A Athair liom, mura bhféadtar seo a chur thart gan mé á ól, do thoil go raibh déanta.” 43Agus tháinig sé arís go bhfuair ina gcodladh iad, mar ba mharbh a súile leis an gcodladh. 44Dʼfhág sé mar sin iad gur imigh arís go ndearna urnaí an tríú huair, agus na focail chéanna á rá aige. 45Dʼfhill sé ar na deisceabail ansin agus ar seisean leo, “An bhfuil sibh in bhur gcodladh go fóill ag glacadh bhur scíste? Féachaigí, tá an t‑am buailte linn, agus tugadh go fealltach Mac an duine i lámha na bpeacach. 46Éirígí agus imímis; féachaigí, seo chugainn an té a rinne an feall orm.”
47Ni raibh an focal as a bhéal, nuair a tháinig Iúdás, duine den dáréag, agus slua mór leis ó na hardsagairt agus ó sheanóirí an phobail agus claimhte agus bataí acu. 48Anois bhí comhartha tugtha dóibh ag an bhfealltóir, agus é ráite aige, “An fear a dtabharfaidh mé póg dó, is é sin an duine atá uaibh; beirigí air.” 49Agus ní dhearna sé aon mhoill ag teacht aníos chuig Íosa agus dúirt sé, “Fáilte romhat, a mháistir!” agus thug sé póg dó. 50Agus dúirt Íosa leis, “A chara, cad é a thug anseo thú?” Tháinig siadsan aníos ansin gur leag siad a lámha ar Íosa agus gur ghabh siad é. 51Agus bʼshiúd duine de lucht leanúna Íosa a shín a lámh agus a tharraing a chlaíomh, agus a bhuail buille ar mhogh leis an ardsagart agus a bhain a leathchluas de. 52Ansin dúirt Íosa leis, “Cuir do chlaíomh san áit is dual dó; mar níl duine dá dtéann i muinín an chlaíomh nach dtabharfaidh an claíomh a bhás. 53An síleann sibh nach féidir liom a iarraidh ar mʼAthairse, agus an síleann sibh nach gcuirfidh sé breis agus deich léigiún dʼaingil chugam ar an toirt? 54Ach dá ndéantaí amhlaidh, conas a chomhlíonfaí an scrioptúr a deir go gcaithfidh sé bheith mar seo?” 55San uair chéanna arsa Íosa leis na sluaite, “Ar tháinig sibh amach do mo ghabháil agus claímhte agus bataí agaibh, ionann is dá mbeadh sibh ag teacht amach in éadan bithiúnaigh éigin? Bhí mé i mo shuí ó lá go chéile sa teampall agus mé ag teagasc, agus gan sibh mé a ghabháil. 56Ach tharla seo uile ionas go gcomhlíonfaí scríbhinní na bhfáithe.” Ba ansin a thréig na deisceabail uile é agus a dʼéalaigh siad leo.
57An dream a ghabh Íosa, threoraigh siad ansin é chuig teach Chaiafas an t‑ardsagart, áit a raibh na scríobhaithe agus na seanóirí cruinnithe. 58Ach lean Peadar é tamall uaidh, chomh fada le cúirt an ardsagairt, agus chuaigh sé isteach gur shuigh faoi i gcuideachta na ngardaí go bhfeicfeadh sé an deireadh a bheadh air. 59Anois bhí na hardsagairt agus an chomhairle uile ag iarraidh fíanaise bhréige a fháil in aghaidh Íosa ionas go gcuirfeadh siad chun báis é, 60ach ní bhfuair siad aon fhíanaise ina éadan, cé gur tháinig mórán finnéithe bréige chun tosaigh. Sa deireadh tháinig beirt chun tosaigh 61agus dúirt siad, “Dúirt an duine seo, ‘Is féidir liom teampall Dé a scríosadh agus a thógáil arís i seal trí lá.’” 62Agus dʼéirigh an t‑ardsagart ina sheasamh agus dúirt sé, “Nach bhfuil aon fhreagra le tabhairt agat? Cad é sin a dhearbhaíos na fir seo i dʼéadan?” 63Ach bhí Íosa ina thost. Agus dúirt an t‑ardsagart leis, “Cuirim ort, as ucht an Dé bhí, a insint dúinn más tú an Críost, Mac Dé.” 64Dúirt Íosa leo, “Is tú a dúirt é. Ach insím duit, go bhfeicfidh tú san am atá romhainn Mac an duine ina shuí ar dheasláimh na cumhachta, agus é ag teacht i néalta neimhe.” 65Réab an t‑ardsagart a róbaí ansin, agus dúirt sé, “Tá diamhasla ráite aige lena bhéal. Cad é an gnó atá agaibh le tuilleadh finnéithe? Tá sibh anois tar éis an diamhasla sin a chluinstín óna bhéal. 66Cad i an bhreith a thugas sibh?” Dʼfhreagair siadsan, “Tá an bás tuillte aige.” 67Chaith siad a seile ar a leiceann ansin, agus bhuail siad é; agus bhuail cuid acu lena mbosa é, 68á rá, “Déan fáistine dúinn, tusa atá i do Chríost? Cé hé sin a bhuail thú?”
69Anois bhí Peadar ina shuí amuigh sa chúirt. Agus tháinig cailín aimsire aníos chuige, agus dúirt sí, “Bhí tusa i gcuideachta Íosa Galailéigh freisin.” 70Ach shéan sé é os comhair an iomláin acu, agus dúirt sé, “Ní thuigim cad é atá tú á rá.” 71Agus nuair a chuaigh sé amach sa phóirse, chonaic cailín aimsire eile é, agus dúirt sí leis na fir a bhí ina seasamh thart, “Bhí an duine seo i gcuideachta Íosa an Nasarthach.” 72Agus shéan sé arís é agus thug sé míonna, “Níl aithne agam ar an duine úd.” 73Tamall gairid ina dhiadh sin tháinig na fir a bhí ina seasamh thart chuig Peadar agus dúirt siad leis, “Scéal cinnte go bhfuil tusa ar dhuine acu, mar tá sin le léamh ar bhlas do chainte.” 74Thosaigh sé ansin ar thabhairt na mionn agus ag glaoch mallachtaí air féin nach raibh aithne aige ar a leithéid de dhuine. Agus ar an móimint sin ghlaoigh an coileach. 75Agus chuimhnigh Peadar ansin ar an gcaint a dúirt Íosa, “Sula nglaonn an coileach, séanfaidh tú faoi thrí mé.” Agus chuaigh sé amach agus chaoin sé go géar goirt.

Currently Selected:

Matha 26: OC1970

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in