YouVersion Logo
Search Icon

Marcas 1

1
1Tosach shoiscéal Íosa Críost, mac Dé.
2Mar atá scríofa ag Ísáia an fáidh,
“Féach, cuirim romhat mo theachtaire a ullmhós do shlí;
3glór an té atá ag fógairt san fhásach:
Réitígí slí an Tiarna,
déanaigí a chosán díreach—”
4Thug Eoin Baiste é féin le taispeáint san fhásach, agus é ag seanmóireacht bhaiste an aithreachais le maithiúnas na bpeacaí a fháil. 5Agus chuaigh a raibh i dtír Iúdaea agus muintir uile Iarúsailéim amach chuige; agus rinne sé a mbaisteadh in abhainn an Iornáin, agus iad ag admháil a bpeacaí. 6Agus ba é an t‑éadach a bhíodh ar Eoin rón camaill, agus crios leathair faoina chom, agus ba lócaistí agus mil na mbeach fiáin ba bhia dó. 7Agus dʼfhógair sé an chaint seo, “Tá duine le teacht i mo dhiaidhse níos cumhachtaí ná mise, duine nach fiú mé cromadh síos le hiallacha a bhróg a scaoileadh. 8Tá mise tar éis bhur mbais­teadh le huisce; ach déanfaidh seisean bhur mbaisteadh leis an Spiorad Naomh.”
9Ba sna laethanta úd a tháinig Íosa as Nasair na Galailí agus bhaist Eoin san Iornán é. 10Agus chonaic sé, agus é ag teacht aníos as an uisce, na spéartha ar oscailt agus an Spiorad ag tuirlingt air i riocht coilm; 11agus tháinig an glór as spéartha neimhe, “Is tú mo Mhac ionúin, is ionat atá mo mhór-aoibhneas.”
12Thiomáin an Spiorad amach san fhásach é láithreach. 13Agus chaith sé seal daichead lá ar an bhfásach agus Sátan ag cur cathuithe air; agus é in éineacht leis na beithígh allta; agus rinne na haingil timireacht air.
14Ansin nuair a gabhadh Eoin, tháinig Íosa go Galailí ag fógairt shoiscéal Dé, 15á rá, “Tá an tráth ar fáil, agus seo í ríocht Dé i ngar; déanaigí aithreachas, agus creidigí sa soiscéal.”
16Agus nuair a bhí sé ag siúl ar imeall Mhuir Ghalailí, chonaic sé Síomón agus Aindrias deartháir Shíomóin ag cur lín isteach san fharraige, mar ba iascairí iad. 17Agus dúirt Íosa leo, “Leanaigí mise go ndéana mé iascairí díbh a cheapfas fir.” 18Agus dʼfhág siad a líonta láithreach agus lean siad é. 19Agus nuair a bhí giota beag eile curtha de, chonaic sé Séamas mac Shebidé agus Eoin a dheartháir agus iad ina mbád ag deisiú na líonta. 20Agus ghlaoigh sé orthu ar an toirt; agus dʼfhág siad a n‑athair Sebidé agus a sheirbhísigh sa bhád agus lean siad é.
21Agus chuaigh siad isteach go Caparnáum; agus chuaigh seisean láithreach isteach sa tsionagóg ar an tsabóid agus thug sé teagasc. 22Agus bʼiontach leo a theagasc, óir bhí sé mar theagasc ó dhuine a raibh údarás aige, nárbh ionann agus teagasc na scríobhaithe. 23Agus go díreach bhí ina sionagógsan fear a raibh sprid neamhghlan ann; 24agus ghlaoigh sí os ard, “Cad chuige a bhfuil tú domsa, a Íosa Nasara? An lenár scriosadh a tháinig tú? Tá a fhios agam cé tú féin, Naomh-neach Dé.” 25Ach bhagair Íosa uirthi, á rá, “Bí i do thost, agus tar amach as!” 26Agus réab an sprid neamhghlan é, agus dʼéigh sí os ard, agus tháinig sí amach as. 27Agus bhí uafás orthu uile, gur cheistigh siad a chéile, agus iad á rá, “Cad é seo? Teagasc úrnua! É ag ordú go fiú na spridí neamhghlana go húdarásach, agus iad ag géilleadh dó.” 28Agus gan mhoill leath a chlú ar fud chríoch Ghalailí mórthimpeall.
29Agus go díreach ina dhiaidh sin dʼfhág sé an tsionagóg, go ndeachaigh isteach i dteach Shíomóin agus Aindriais, agus Séamas agus Eoin ina chuideachta. 30Agus bhí máthair chéile Shíomóin ina luí tinn agus fiabhras uirthi, agus dʼinis siad dó fúithi gan mhoill. 31Agus tháinig sé, gur rug ar a láimh agus gur thóg aniar í, agus dʼimigh an fiabhras aisti; agus rinne sí freastal orthu.
32An tráthnóna úd, in am dhul faoi na gréine, thug siad chuige na daoine a bhí tinn, nó a raibh deamhain iontu. 33Agus chruinnigh an chathair uile ag an doras. 34Agus leigheas sé a lán a raibh gach cineál tinnis orthu, agus dhíbir sé mórán deamhan; agus níor lig sé do na deamhain labhairt, de bhrí go raibh aithne acu air.
35Agus dʼéirigh sé ar maidin, i bhfad roimh bhánú an lae, agus dʼimigh sé ag guí ar an uaigneas. 36Agus dʼéirigh Siomón agus an dream a bhí leis dá chuardach, 37go dtí go bhfuair siad é go ndúirt siad leis, “Tá gach uile dhuine do dʼiarraidh.” 38Agus dúirt seisean leo, “Téimis ar aghaidh go dtí na bailte atá romhainn, go ndéana mé seanmóireacht ansin freisin; óir is leis sin a tháinig mé amach.” 39Agus chuaigh sé mórthimpeall na Galailí, ag seanmóireacht ina sionagóga agus ag díbirt deamhan as daoine.
40Níorbh fhada gur tháinig lobhar go dtí é, ag iarraidh dʼimpí air, agus ag feacadh glún roimhe, agus á rá, “Más maith leat é, is féidir leat mo dhéanamh glan.” 41Agus ghlac Íosa trua dó, agus shín sé amach a lámh gur chuir sé air í, agus dúirt sé, “Is maith liom é; bí glan.” 42Agus dʼfhág an lobhra é ar an toirt, agus bhí sé glan. 43Agus thug sé ordaithe dó go dian docht, agus scaoil sé uaidh é ar an bpointe, 44agus dúirt sé leis; “Seachain gan focal a rá faoi le haon duine beo; ach imigh romhat do do thaispeáint don sagart, agus tabhair an méid atá ordaithe ag Maois ar son do ghlanta, lena dhearbhadh do na daoine.” 45Ach ní luaithe a bhí sé imithe ná thosaigh sé ar scaoileadh a bhéil agus ag scaipeadh an scéil, sa dóigh nár fhéad Íosa siúl isteach go follasach in aon bhaile, ach é ag fanacht amuigh ar an tuath; agus daoine ag tarraingt air as na ceithre aird.

Currently Selected:

Marcas 1: OC1970

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in