YouVersion Logo
Search Icon

Marcas 4

4
1Agus thosaigh sé ar theagasc le cois na farraige. Agus chruinnigh slua an-mhór ina thimpeall, ionas go ndeachaigh sé isteach i mbád, agus bhí sé ina shuí mar sin ar an bhfarraige; agus an slua uile ar an talamh i mbéal na toinne. 2Agus thug sé mórán teagaisc dóibh i bhfáithscéalta, agus dúirt sé an chaint seo ina theagasc: 3“Éistigí! Chuaigh síoladóir amach a chur an tsíl. 4Agus nuair a bhí sé ag cur an tsíl, thit cuid de amach roimhe ar an gcosán, agus chuaigh an éanlaith á ithe. 5Thit tuilleadh ar thalamh creagach, an áit nach raibh mórán cré faoi, agus thosaigh sé ar ghobadh aníos, ó nach raibh aon doimhneacht cré faoi; 6agus nuair a chuaigh an ghrian in airde sa spéir dódh é, agus nuair nach raibh aon fhréamh aige, dʼfheoigh sé agus cailleadh é. 7Thit síol eile i measc na ndriseog agus dʼfhás na driseoga aníos go dtí gur thacht siad é, agus ní raibh toradh air. 8Agus thit síol eile ar thalamh maith agus thug sé barr, ag fás agus ag faibhriú agus ag tabhairt uaidh faoi thríocha agus faoi sheasca agus faoi chéad.” 9Agus ar seisean, “An té a bhfuil cluas air le héisteacht, tugadh sé cluas.”
10Agus nuair a bhí sé ina aonar, dʼfhiafraigh an dream a bhí leis agus an dáréag de i dtaobh na bhfáithscéalta. 11Agus dúirt sé leo, “Is libhse a scaoileadh rún ríocht Dé, ach don dream a fágadh taobh amuigh di bíonn na nithe seo ina bhfáithscéalta; 12ar nós go bhfeicfidh siad gan a thabhairt faoi deara, agus go gcluinfidh siad gan a thuiscint; le heagla go n‑athróidís a mbéasa agus go maithfí dóibh.” 13Agus dúirt sé leo, “An é nach dtuigeann sibh an fáithscéal seo? Conas mar sin a thuigfidh sibh na fáithscéalta uile? 14Bíonn an síoladóir ag síoladh an bhriathair. 15Agus is iad an méid a thiteas ar an gcosán, a síoltar an briathar air; nuair a chluineas siad, tagann Sátan ar an toirt agus tógann sé uathu an briathar a shíoltar iontu. 16Mar an gcéanna don mhéid a shíoltar ar thalamh creagach, a ghlacas gan mhoill leis an mbriathar agus lúcháir orthu roimhe nuair a chluineas siad é; 17agus ní bhíonn fréamh acu iontu féin, agus ní fhanann siad ach seal, agus nuair a thagas trioblóid nó géarleanúint mar gheall ar an mbriathar, tréigeann siad é ar an toirt. 18Agus tá tuilleadh ann a chuirtear i measc na ndriseog; is iad a éisteas leis an mbria­thar, 19ach go dtagann cúram an tsaoil, agus áilíos an tsaibhris, agus mianta faoi nithe eile isteach iontu go dtachtann siad an briathar, agus ní thugann sé toradh. 20Ach an méid a chuirtear sa talamh maith, is iad a chluineas an briathar agus a ghlacas chucu é, agus a thugas toradh, faoi thríocha agus faoi sheasca agus faoi chéad.”
21Agus dúirt sé leo, “An dtugtar lampa isteach lena chur faoi bhéal soithigh, nó faoin leaba, agus gan a chur in airde? 22Mar ní chuirtear aon ní i bhfolach, gan a nochtadh; ná níl aon ní ina rún, nach dtugtar chun solais. 23Má tá cluas le héisteacht ag aon duine, éisteadh sé.” 24Agus dúirt sé leo, “Tugaigí aire don rud a chluineas sibh; tomhasfar chugaibh mar a thomhasas sibh uaibh go raibh sé ag cur thar maoil. 25Óir cuirfear tuilleadh leis an té ag a bhfuil cheana, agus an té nach bhfuil aige cheana, bainfear de an méid atá aige.”
26Agus dúirt sé, “Tá ríocht Dé mar dhuine a scaipfeadh síol ar an talamh, 27agus a rachadh a luí agus a dʼéireodh dʼoíche agus de lá, agus an síol ag fás aníos agus ag faibhriú ar dhóigh nárbh fheasach dó. 28Óir is uaidh féin a thugas an talamh a thoradh, an geamhar ar dtús, an dias ina dhiaidh sin, go dtagann iomlán na cruithneachta i gcraobh. 29Ach nuair a bhíos an t‑arbhar aibí, cuireann sé an corrán ann láithreach, ós rud é go bhfuil aimsir an fhómhair ann.”
30Agus dúirt sé, “Cad é sin a chuirimid i gcosúlacht le ríocht Dé, nó cad é an fáithscéal is fearr dúinn lena léiriú? 31Is cosúil í le síol mustaird, an síol is lú de shíolta an talaimh nuair a chuirtear i dtalamh é; 32ach ní luaithe a chuirtear an síol sin ná fásann sé aníos ina thom, an tom is mó de na tomóga agus cuireann sé amach craobhacha móra uaidh, go dtí go bhféadann éin an aeir a neadacha a dhéanamh faoina scáth.”
33Agus is i mórán fáithscéalta den sórt sin a labhraíodh sé an briathar leo, de réir mar a dʼfhéadaidís éisteacht leis; 34ní labhraíodh sé leo gan fáithscéal, agus é ag míniú gach ní os íseal dá dheisceabail féin.
35Nuair a tháinig tráthnóna an lae úd, dúirt sé leo, “Téimis anonn.” 36Agus dʼfhág siad an slua ina ndiaidh agus thug siad leo é, díreach mar a bhí sé, sa bhád. Agus bhí báid eile ina chuideachta. 37Agus dʼéirigh gála mór gaoithe, agus bhí na tonnta ag stealladh isteach sa bhád, go raibh sé ag líonadh cheana féin. 38Ach bhí seisean i ndeireadh an bháid ina chodladh ar an adhairt; agus dhúisigh siad é agus dúirt siad leis, “A Oide, an beag leat ár mbascadh?” 39Agus dhúisigh sé agus bhagair sé ar an ngaoth, agus dúirt sé leis an bhfarraige, “Fan socair suaimhneach!” Agus stad an ghaoth agus bhí ciúnas mór ann. 40Dúirt sé leo. “Cad í an eagla seo oraibh? Nach bhfuil creideamh agaibh?” 41Agus bhí siad lán de dhianeagla, agus iad á rá lena chéile, “Cé hé seo, a ngéilleann gaoth agus farraige dó?”

Currently Selected:

Marcas 4: OC1970

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in