YouVersion Logo
Search Icon

Marcas 5

5
1Tháinig siad go tír na nGeraséanach, ar an taobh thall den fharraige. 2Agus nuair a tháinig sé amach as an mbád, is ea a casadh air fear a tháinig amach as na tuamaí, fear a raibh sprid neamhghlan ann, 3a bhíodh ina chónaí sna tuamaí; agus nárbh fhéidir a cheangal níos mó, go fiú le slabhra féin; 4óir is minic a ceanglaíodh é le geimhle agus le slabhraí, ach tharraingíodh sé na slabhraí as a chéile, agus dhéanadh sé giotaí beaga de na geimhle; agus gan duine ann a bhí láidir go leor lena smachtú. 5Bhíodh sé oíche agus lá sna tuamaí nó ar na sléibhte agus gan stad air ag búiríl agus ag brú a chraicinn le clocha. 6Agus nuair a chonaic sé Íosa i bhfad uaidh, rith sé chuige agus thug sé ómós dó; 7agus ghlaoigh sé in ard a chinn, “Cad chuige a bhfuil tú dom, a Íosa, a Mhic an Ard-Dé? Impím ort as ucht Dé, gan mo chéasadh.” 8Mar bhí sé i ndiaidh a rá leis, “Fág an duine seo, a sprid neamhghlan!” 9Agus dʼfhiafraigh Íosa di; “Cad is ainm duit?” Dʼfhreagair si, “Léigiún is ainm dom, mar táimid inár mórshlua ann.” 10Agus dʼiarr sí go dian air gan a ndíbirt as an dúiche ar fad. 11Anois bhí tréad mór muc ag innilt ar leataobh an chnoic; 12agus dʼiarr siad air, “Cuir amach chuig na muca sinn, lig dúinn dul isteach iontu.” 13Agus thug sé an cead dóibh. Agus tháinig na spridí neamhghlana amach, agus chuaigh siad isteach sna muca; agus i dtaca leis an tréad, a raibh tuairim is dhá mhíle muc ann, chuaigh siad de ruathar síos leis an bhfána ghéar agus amach san fharraige, agus bádh san fharraige iad.
14Theith na tréadaithe, agus dʼinis siad faoi sa chathair agus sa dúiche. Agus tháinig daoine amach go bhfeicfidís cad é a tharla. 15Agus tháinig siad chuig Íosa, agus chonaic siad an fear a raibh an deamhan ina chorp, an fear a raibh an léigiún ann, agus é ina shuí ansin agus éadaí air, agus é ar a chiall; agus bhí eagla orthu. 16Agus dʼinis an dream a chonaic é cad é a dʼéirigh don fhear a raibh an deamhan ann agus do na muca. 17Agus thosaigh siad ar iarraidh dʼimpí ar Íosa a gcomharsanachtsan a fhágáil. 18Agus nuair a bhí sé ag dul isteach sa bhád, dʼiarr an fear a raibh an deamhan ann air é féin a thabhairt leis. 19Ach dhiúltaigh sé é, agus dúirt sé leis, “Gabh abhaile chuig do mhuintir féin, agus inis dóibh faoina ndearna an Tiarna de thrócaire ort.” 20Agus dʼimigh sé agus thosaigh sé ar fhorfhógairt ar fud chríoch Dhecapolis faoin méid a rinne Íosa dó; rud a chuir iontas ar na daoine uile.
21Agus nuair a dʼfhill Íosa arís sa bhád go dtí an taobh eile, chruinnigh slua mór ina thimpeall; agus bhí sé le cois na farraige. 22Ba ansin a tháinig fear dʼuachtaráin na sionagóige, darbh ainm Iáras; agus ní luaithe a chonaic sé é ná chaith sé é féin ag a chosa, 23agus dʼiarr sé dʼachainí air, ag rá, “Tá mʼiníon óg i gcróilí an bháis. Tar agus leag do lámha uirthi, go bhfaighe sí a beatha agus a sláinte.” 24Agus chuaigh sé leis.
Agus lean slua mór é agus iad ag plódú thart air. 25Agus bhí bean ann a raibh rith fola uirthi le dhá bhliain déag, 26agus a dʼfhulaing a lán ó mhórán leá, agus a chaith a raibh aici dʼairgead, gan biseach a fháil ach ag dul i ndonas i gcónaí. 27Bhí sise i ndiaidh iomrá a chluinstin ar Íosa, agus tháinig sí taobh thiar de i measc an tslua gur leag sí lámh ar a éadach. 28Mar dúirt sí léi féin, “Mura ndéanainn ach mo lámh a leagan ar a éadaí, beidh mé leigheasta.” 29Agus stad an rith fola láithreach agus mhothaigh sí ina corp féin gur leigheasadh í ón aicíd a bhíodh uirthi. 30Agus mhothaigh Íosa go ndeachaigh cumhacht as féin amach, agus thiontaigh sé thart sa mhóimint sin i measc an tslua, agus dúirt sé, “Cé sin a leag a lámh ar mʼéadai?” 31Agus dúirt a dheisceabail leis, “Feiceann tú an slua ag plódú thart ort, cad í an chaint sin ort ag rá, ‘Cé a leag lámh orm?’ ” 32Agus dʼfhéach sé thart timpeall go bhfeicfeadh sé cé a rinne é. 33Ach bʼaithnid don bhean cad é a dʼéirigh di, agus tháinig sí faoi chritheagla agus chaith sí í féin síos roimhe, agus dʼinis sí iomlán na fírinne dó. 34Agus dúirt sé léi, “A iníon, shlánaigh do chreideamh thú; imigh i síocháin, agus faigh biseach ón aicid atá ort.”
35Nuair a bhí sé ag rá na cainte sin, tháinig daoine ó theach an uachtaráin a dúirt leis, “Tá dʼiníon marbh. Ní fiú an tOide a bhuaireamh níos faide.” 36Ach rinne Íosa neamh-aird díobh, agus dúirt sé le huachtarán na sionagóige, “Ná bíodh eagla ort, níl agat le déanamh ach bheith creidmheach.” 37Agus níor lig sé ach do Pheadar agus Shéamas agus Eoin deartháir Shéamais a leanúint. 38Nuair a shroich siad teach uachtarán na sionagóige, chonaic sé go raibh gleo ann, agus daoine ag caoineadh agus ag mairgneach go hard. 39Agus nuair a bhí sé istigh, dúirt sé leo, “Cad chuige an gleo agus an caoineadh? Ní marbh atá an leanbh ach ina codladh.” 40Agus rinne siad gáire faoi. Ach chaith seisean amach iad uile go léir, agus thug sé leis athair agus máthair an linbh agus an chuideachta a bhí leis, agus chuaigh isteach go dtí an áit a raibh an leanbh. 41Agus rug sé ar a láimh agus dúirt sé léi, “Talíta cúmí,” a chiallaíos, “A chailín óig, ordaím duit éirí.” 42Agus dʼéirigh an cailín ar a cosa láithreach agus shiúil sí, mar bhí sí in aois an dó dhéag. Agus leis sin bhí dubh-iontas orthu. 43Agus dʼordaigh sé go dian dóibh gan insint faoi dʼaon duine, agus dúirt sé leo bia a thabhairt chuici.

Currently Selected:

Marcas 5: OC1970

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in