Marcas 6
6
1Dʼimigh sé as sin agus tháinig sé go dti a dhúiche féin; agus lean a dheisceabail é. 2Agus thosaigh sé ar theagasc sa tsionagóg lá na Sabóide; rud a chuir iontas ar a lán, a dúirt, “Cá bhfuair an duine sin seo uile? Cad í an eagna seo a bronnadh air? Cad é chomh mór leis na hoibreacha seo a lámh! 3Nach é seo an saor adhmaid; mac Mhuire, deartháir Shéamais agus Ioséis agus Iúdáis agus Shíomóin, agus nach bhfuil a dheirfiúracha anseo inár measc?” Agus thug siad dímheas dó. 4Agus dúirt Íosa leo, “Ní bhíonn fáidh gan a chion féin dʼonóir a fháil, ach amháin nuair a bhíos sé ina dhúiche féin, agus i measc a dhaoine muinteartha, agus ina theaghlach féin.” 5Agus níor fhéad sé aon obair mhór a dhéanamh san áit úd, ach amháin a lámha a leagan ar dhornán daoine breoite agus a leigheas. 6Agus chuir a n‑easpa chreidimh iontas air.
Agus shiúil sé na bailte ag teagasc.
7Agus ghlaoigh sé an dáréag chuige, agus thosaigh sé ar a gcur amach ina mbeirteanna, agus ar chumhacht a thabhairt dóibh os cionn na spridí neamhghlana. 8Dʼordaigh sé dóibh gan aon rud a bheith leo ar a n‑aistear ach bata; gan arán, gan mhála, gan airgead ina gcriosanna; 9ach cuaráin a chaitheamh agus gan dhá léine a chur orthu. 10Agus dúirt sé leo, “Nuair a thagann sibh go teach, fanaigí sa teach úd nó go bhfágann sibh an baile. 11Agus más rud é go mbíonn siad doicheallach romhaibh agus mura dtugann siad éisteacht daoibh, nuair a imíonn sibh, croithigí an deannach de bhur gcosa mar fhianaise ina n‑éadan.” 12Dʼimigh siad mar sin a sheanmóireacht na haithrí do na daoine. 13Agus chuir siad mórán deamhan amach, agus chuir siad ola ar a lán daoine breoite agus leigheas siad iad.
14Chuala Ri Iorua faoi; óir bhí ainm Íosa i mbéal an phobail. Bhí cuid de na daoine ag rá, “Is é Eoin Baiste é a tógadh ó na mairbh; agus sin an chúis go mbíonn na cumhachtaí sin ar obair ann.” 15Ach dúirt dream eile, “Is é Elia é.” Agus deireadh dream eile fós, “Fáidh é, mar fháidh de na seanfháithe.” 16Ach nuair a chuala Iorua faoi, dúirt sé, “Is é Eoin, ar bhain mise an ceann de, atá beo arís.” 17Óir ba é Iorua a rinne Eoin a ghabháil, agus a cheangail i bpríosún i ngeimhle é mar gheall ar Heródias, bean a dhearthár Pilip; de bhrí gur phós sé ise. 18Óir dúirt Eoin le hlorua, “Níl sé de réir dlí bean do dhearthár a bheith agatsa.” 19Agus bhí olc ag Heródias dó, agus ba mhian léi a mharú. Ach níor fhéad sí sin a dhéanamh. 20Óir bhí eagla ar Iorua roimh Eoin, agus a dhea-fhios aige gurbh fhear naofa fíréan é, agus mar sin choinnigh sé sábháilte é. Bhíodh sé idir comhairle nuair a chluineadh sé é; ach dʼéisteadh sé leis go fonnmhar. 21Ach fuarthas faill air nuair a thug Iorua fleá a bhreithlae dá chúirteoirí agus dá oifigigh agus do lucht céimíochta na Galailí. 22Mar nuair a tháinig iníon Heródias isteach, rinne sí cúrsa damhsóireachta a thaitin le hlorua agus lena aíonna; agus is é a dúirt an rí leis an gcailín, “Iarr do rogha rud orm agus bronnfaidh mé ort é.” 23Agus mhionnaigh sé di, “Tabharfaidh mé duit cibé rud a iarrfas tú orm, dá mba é leathroinn mo ríochta é.” 24Chuaigh sí amach ansin chuig a máthair gur fhiafraigh sí di, “Cad é a iarrfas mé air?” Agus dúirt sise, “Iarr ceann Eoin Bhaiste.” 25Agus tháinig sí isteach faoi dheifir go dti an rí go ndearna a hiarratas agus í á rá, “Iarraim ort ceann Eoin Bhaiste a thabhairt dom ar an bpointe ar thrinsiúr.” 26Agus bhí brón agus buairt ar an rí faoi sin; ach bhí leisce air gan cur lena fhocal i ndiaidh a mhionnaí os comhair a aíonna. 27Mar sin chuir an rí saighdiúir dá gharda uaidh ar ordaigh sé dó a cheann a thabhairt chuige. Chuaigh seisean gur dhícheann sa phríosún é, 28agus gur thug sé a cheann ar thrinsiúr gur thug don chailín é; agus thug an cailín dá máthair é ansin. 29Nuair a chuala deisceabail Eoin é sin, tháinig siad gur thóg siad a chorp lena chur san uaigh.
30Dʼfhill na haspail chuig Íosa, agus dʼinis siad dó a ndearna siad de ghníomhartha agus de theagasc. 31Agus dúirt sé leo, “Tagaigí go raibh scíste agaibh tamall libh féin ar an uaigneas.” Mar bhí mórán mór ag teacht agus ag imeacht, gan faoiseamh a thabhairt dóibh fiú lena mbia a chaitheamh. 32Agus dʼimigh siad leo sa bhád go háit uaigneach leo féin. 33Anois bhí mórán ann a chonaic ag imeacht iad agus a dʼaithin iad, agus chuaigh siad as na bailte uile de shiúl cos, go raibh siad ann rompu. 34Nuair a tháinig sé i dtír chonaic sé mórshlua, agus bhí trua aige dóibh, ó bhí siad ar nós caorach gan aoire; agus thosaigh sé ar mhórán nithe a theagasc dóibh. 35Agus nuair a bhí sé ina thráthnóna deireannach, tháinig a dheisceabail chuige agus ar siad leis, “Áit uaigneach an áit seo, agus é anonn sa lá; 36cuir ar shiúl iad, go dti an tuath agus na bailte thart timpeall le greim bia a cheannach dóibh féin.” 37Ach ba é a fhreagra, “Caithfidh sibhse bia a sholáthar dóibh.” Agus dúirt siad leis, “An rachaimid go gceannóimid luach dhá chéad déanar dʼarán, go dtabharfaimid dóibh é le n‑ithe?”#6:37 Bʼfhiú seacht bpingin déag an déanar. 38Agus dʼfhiafraigh sé díobh, “Cé mhéid de bhuilíní aráin atá agaibh? Imigí go bhfeice sibh.” Agus nuair a fuair siad a fhios sin, dúirt siad leis, “Cúig bhuilín aráin agus dhá iasc.” 39Dʼordaigh sé dóibh ansin suí fúthu ina gcuideachtaí ar an bhféar glas. 40Shuigh siad mar sin ina scataí, ina gcéadta nó ina leathchéadta. 41Agus ghlac sé na cúig bhuilín aráin agus an dá iasc agus dʼamharc sé suas i spéartha neimhe, gur bheannaigh sé agus gur roinn sé na builiní agus thug sé iad do na deisceabail lena gcur roimh na daoine; agus roinn sé an dá iasc ar an iomlán acu. 42Agus dʼith siad uile go léir a ndóthain. 43Agus thóg siad lán dhá chiseán déag de ghiotaí aráin agus éisc. 44Agus bhí siad cúig mhíle fear ann a dʼith na builíní úd.
45Thug sé ar a dheisceabail dul ar an mbád gan tuilleadh moille agus imeacht anonn roimhe go dtí an taobh eile, go Bétsáida, le linn dó féin a bheith ag scaoileadh an tslua. 46Agus nuair a bhí cead fágtha aige acu siúd, chuaigh sé suas faoi na cnoic le hurnaí a dhéanamh. 47Agus nuair a thit an oíche orthu, bhí an bád amuigh ar an bhfarraige, agus bhí seisean ar an talamh leis féin. 48Agus chonaic sé go raibh siad i gcruachás, ag iomramh in éadan na gaoithe. Agus tháinig sé chucu de shiúl cos ar uachtar na farraige sa cheathrú deireannach den oíche. Agus rinne sé mar a rachadh sé tharstu, 49ach nuair a chonaic siad é agus é ag siúl na farraige, shíl siad gur taibhse a bhí ann, agus lig siad béic astu; 50mar níl duine nach bhfaca é agus nach raibh uafás air. Ach labhair sé leo ar an bpointe agus dúirt sé leo, “Tógaigí bhur gcroíthe, mise atá ann; ná bíodh aon eagla oraibh.” 51Agus chuaigh sé isteach leo sa bhád agus scoir an ghaoth leis sin. Agus bhí iontas as cuimse orthu, 52mar níor thuig siad cad é a tharla i dtaobh na mbuilíni aráin, mar bhí a gcroíthe crua.
53Agus nuair a bhí siad thall, tháinig siad i dtír ag Genésaret agus dʼfheistigh siad an bád ar an trá. 54Agus nuair a tháinig siad amach as an mbád, dʼaithin na daoine é gan mhoill ar bith, 55agus bhí rith agus fuadar faoin gcomharsanacht uile agus daoine breoite á n‑iompar acu ar shráideoga go háit ar bith a raibh iomrá ar é a bheith ann.
56Agus níl áit ar bith dár tháinig sé, dá mba bhaile beag é, nó chathair mhór nó áit tíre, nach raibh daoine breoite fágtha ina luí acu i sráid an mhargaidh, agus iad ag cur impí air ligean dóibh méar a leagan ar chiumhais a bhrait-sean; agus níl duine dár bhain leis nár leigheasadh.
Currently Selected:
Marcas 6: OC1970
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
Cóipcheart 1970 Cumann Gaelach na hEaglaise
Copyright 1970 The Gaelic Guild of the Church of Ireland

: