agus uime sin níor ṁeasas go mb’ ḟiú mé féin teaċt id airċis: aċt abair an focal aṁáin, agus leiġeasfar mo ġiolla. Óir is duine mise atá fá ċeannas, agus atá saiġdiúirí fá smaċt agam: agus adeirim leis an ḃfear so, Imṫiġ, agus imṫiġeann sé; agus le fear eile, Tar, agus tig sé; agus lem’ ṡeirḃíseaċ, Déan so, agus do‐ġní sé é. Agus nuair do‐ċuala Íosa an méid sin, ba iongnaḋ mór leis é, agus d’iompuiġ sé agus aduḃairt sé leis an sluaġ do ḃí g‐á leanaṁain, Adeirim liḃ, Naċ ḃfuaras an oiread sin creidiṁ i nIsrael féin.