Lúcás 7
7
1Agus nuair do ḃí a ḃriaṫra go léir críoċnuiġṫe aige i n‐éisteaċt na ndaoine, do ċuaiḋ sé isteaċ i gCafarnaúm.
2Agus do ḃí seirḃíseaċ ceanntúra áiriṫe, fear do b’ionṁain le n‐a ṁáiġistir, do ḃí sé breoite agus i rioċtaiḃ báis. 3Agus nuair do‐ċuala sé i dtaoḃ Íosa, do ċuir sé ċuige cuid de ṡeanóiriḃ na nIúdaċ, g‐á iarraiḋ air teaċt agus a ṡeirḃíseaċ do leiġeas. 4Agus nuair ṫángadar‐san ċum Íosa d’aṫċuinġeadar go dian air, g‐á ráḋ, Is fiú é go ndéanfá an niḋ sin dó; 5óir atá gráḋ aige d’ár gcineaḋ, agus do ṫóg sé féin ár sionagóg dúinn. 6Agus do‐ċuaiḋ Íosa i n‐éinḟeaċt leo. Agus nuair naċ raiḃ sé i ḃfad ó’n tiġ, do ċuir an ceanntúir cáirde leis ċuige, g‐á ráḋ leis, A Ṫiġearna, ná cuir aon trioblóid ort féin: óir ní fiú mise go dtiocfá isteaċ fám’ ḋíon: 7agus uime sin níor ṁeasas go mb’ ḟiú mé féin teaċt id airċis: aċt abair an focal aṁáin, agus leiġeasfar mo ġiolla. 8Óir is duine mise atá fá ċeannas, agus atá saiġdiúirí fá smaċt agam: agus adeirim leis an ḃfear so, Imṫiġ, agus imṫiġeann sé; agus le fear eile, Tar, agus tig sé; agus lem’ ṡeirḃíseaċ, Déan so, agus do‐ġní sé é. 9Agus nuair do‐ċuala Íosa an méid sin, ba iongnaḋ mór leis é, agus d’iompuiġ sé agus aduḃairt sé leis an sluaġ do ḃí g‐á leanaṁain, Adeirim liḃ, Naċ ḃfuaras an oiread sin creidiṁ i nIsrael féin. 10Agus na daoine do cuireaḋ ċuige, nuair d’ḟilleadar ċum an tiġe, fuaradar an seirḃíseaċ slán, leiġeasta.
11Agus ṫarla, tamall ’n‐a ḋiaiḋ sin, go ndeaċaiḋ sé go caṫair ar a dtugtar Náin, agus do ċuaiḋ a ḋeisceabail agus sluaġ mór daoine i n‐éinḟeaċt leis. 12Agus nuair do ḃí sé ag teaċt i ngar do ġeata na caṫraċ, féaċ, do ḃí corp d’á ḃreiṫ amaċ, aon‐ṁac a ṁáṫar, agus ise ’n‐a baintreaḃaiġ: agus do ḃí mórán de ṁuinntir na caṫsaċ ’n‐a foċair. 13Agus nuair do ċonnaic an Tiġearna í, do ġaḃ truaġ ḋí é, agus aduḃairt sé léi, Ná bí ag gol. 14Agus táinig sé agus do ċuir sé a láṁ ar an gcróċar: agus do stad an luċt iomċair Agus aduḃairt sé, A óigḟir, adeirim leat, Éiriġ. 15Agus d’éiriġ an duine marḃ ’n‐a ṡuiḋe, agus do ṫosnuiġ sé ar laḃairt. 16Agus ṫug sé d’á ṁáṫair é. Agus ṫáinig criṫ‐eagla ar gaċ uile ḋuine: agus ṫugadar glóir do Ḋia, g‐á ráḋ, Atá fáiḋ mór éiriġṫe ’n‐ár measc: agus, Ṫáinig Dia ar cuairt ċum a ṁuinntire. 17Agus do leaṫ an tuaraisc seo amaċ ar fud Iúdaea ar fad, agus ar fud na dúiṫċe má gcuaird.
18Agus d’innis deisceabail Eoin na scéala sin go léir dó. 19Agus do ġlaoḋ Eoin ċuige beirt d’á ḋeisceablaiḃ, agus do ċuir sé ċum an Tiġearna iad, g‐á ráḋ, An tusa an té atá le teaċt, nó an ḃfuil orainn fanaṁain le duine éigin eile? 20Agus nuair ṫáinig na fir ċuige, aduḃradar, Do ċuir Eoin Baiste ċugat‐sa sinn, g‐á ráḋ, An tusa an té atá le teaċt, nó an ḃfuil orainn fanaṁain le duine éigin eile? 21Agus an uair ċéadna sin do leiġeas sé mórán daoine ó ġalaraiḃ, agus ó aicídiḃ, agus ó ḋroċ‐spioraidiḃ; agus ṫug sé raḋarc do ṁórán dall, 22Agus d’ḟreagair sé agus aduḃairt sé leo, Téiġiḋ, agus innisiḋ d’Eoin gaċ a bfacaḃar agus a gcualaḃar; do‐ġeiḃ na daill a raḋarc; siuḃlann na bacaiġ, glantar na loḃair, cluineann na boḋair, aiséiriġeann na mairḃ, craoḃscaoiltear an soiscéal do na boċtaiḃ. 23Agus is aoiḃinn do’n té naċ ḃfaiġiḋ aḋḃar scannail ionnaim‐se.
24Agus nuair do ḃí deisceabail Eoin imṫiġṫe, do ṫosnuiġ sé ar a ráḋ leis an sluaġ i dtaoḃ Eoin, Créad é go ndeaċaḃar amaċ sa ḃfásaċ le n’ḟeicsin? giolcaċ d’á luascaḋ ag an ngaoiṫ? 25Aċt créad é go ndeaċaḃar amaċ le n’ḟeicsin? Duine agus éadaiġe míne air? Féaċ, iad‐san go mbíonn éadaiġe maiseaċa umpa, agus go mbíonn saoġal sócaṁlaċ aca, is i dtiġṫiḃ na ríoġ ḃíd. 26Aċt créad é go ndeaċamar amaċ le n’ḟeicsin? Fáiḋ an eaḋ? Is eaḋ adeirim liḃ, agus duine is mó go mór ’ná fáiḋ. 27Is é sin an té go ḃfuil scríoḃṫa ’n‐a ṫaoḃ,
Féaċ, cuirim mo ṫeaċtaire ar d’aġaiḋ amaċ,
Agus réiḋteoċaiḋ sé do ṡliġe róṁat.
28Adeirim liḃ, Ar a rugaḋ ó ṁnáiḃ ní ḟuil aoinneaċ is mó ’ná Eoin; aċt ċeana an té is luġa i ríoġaċt Dé is mó é ’ná eisean. 29(Agus nuair do‐ċuala na daoine go léir agus na poibleacáin an méid sin d’adṁuiġeadar fíréantaċt Dé, d’á mbaisteaḋ féin le baisteaḋ Eoin. 30Aċt do ḋiúltuiġ na Fairisíniġ agus ollaṁain na dliġe de’n ċóṁairle do ċinn Dia ’n‐a dtaoḃ féin gan baisteaḋ do ġlacaḋ uaiḋ.) 31Cia leis, d’á ḃriġ sin, go saṁlóċad muinntear an ċiniḋ seo, agus cia leis gur cosṁail iad? 32Is cosṁail iad le leanḃaiḃ ’n‐a suiḋe ar áit an ṁargaiḋ, agus iad ag glaoḋaċ ar a ċéile g‐á ráḋ, Do‐rinneamar ceol ar an bfeadán daoiḃ, agus ní ḋearnaḃar daṁsa; do‐rinneamar caoineaḋ, agus ní ḋearnaḃar gol. 33Óir ṫáinig Eoin Baiste gan ḃeiṫ ag iṫe aráin ná ag ól fíona; agus adeir siḃ, Atá deaṁan ann. 34Ṫáinig Mac an Duine, agus é ag iṫe agus ag ól; agus adeir siḃ, Féaċ, an duine craosaċ, pótaire an ḟíona, cara na bpoibleacán agus na bpeacaċ! 35Agus fíoruiġtear an eagna tré n‐a clainn féin go léir.
36Agus d’iarr duine de na Fairisíneaċaiḃ air biaḋ do ċaiṫeaṁ ’n‐a ḟoċair. Agus do ċuaiḋ sé isteaċ i dtiġ an Ḟairisíniġ, agus do ṡuiḋ sé síos ċum biḋ. 37Agus féaċ, bean de’n ċaṫair, peacaċ, nuair do ḃí a ḟios aici go raiḃ sé ’n‐a ṡuiḋe ċum biḋ i dtiġ an Ḟairisíniġ, ṫug sí léi crúsca alabástair d’uinneimint, 38agus ’n‐a seasaṁ ḋí taoḃ ṫiar de i n‐aice a ċos, do ṫionnscain sí ag fliuċaḋ a ċos le n‐a deoraiḃ, agus do ṫiormuiġ sí le gruaig a cinn iad, agus do ḃí sí ag pógaḋ a ċos, agus g‐á n‐ongaḋ leis an uinneimeint. 39Agus an Fairisíneaċ ṫug an cuireaḋ ḋó, nuair do ċonnaic sé sin, aduḃairt sé ’n‐a inntinn féin, Dá mba fáiḋ an fear so, do ḃéaḋ a ḟios aige cia h‐í an ḃean so atá ag baint leis, agus caidé an sórt í, gur peacaċ í. 40Agus d’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé leis, A Ṡíomóin, atá focal agam le ráḋ leat. Agus aduḃairt seisean, Abair leat, a Ṁáiġistir. 41Do ḃí iasaċtaiḋe ann agus beirt i ḃfiaċa aige: do ḃí cúig céad pinginn aige ar ḋuine aca, agus deiċ is dá ḟiċid pinginn ar an duine eile. 42Agus nuair naċ raiḃ ar ċumas dóiḃ íoc, do ṁaiṫ sé ḋóiḃ araon é. Cia aca ḋíoḃ is mó gráḋ ḋó? 43D’ḟreagair Síomón agus aduḃairt, Measaim gurb é an té d’ár ṁaiṫ sé an ċuid is mó. Agus aduḃairt seisean leis, Is maiṫ í do ḃreiṫ. 44Agus ag casaḋ ċum na mná ḋó, aduḃairt sé le Síomón, An ḃfeiceann tú an ḃean so? Ṫáinig mise isteaċ id’ ṫiġ‐se, ní ṫug tú uisce dom’ ċosaiḃ ḋom: aċt d’ḟluiċ sise mo ċosa le n‐a cuid deor, agus do ṫiormuiġ sí le n‐a gruaig iad. 45Ní ṫugais‐se póg dom, aċt ó ṫáinig mise isteaċ níor stad sí de ḃeiṫ ag pógaḋ mo ċos. 46Níor ongais‐se mo ċeann le h‐ola: aċt d’ong sise mo ċosa le h‐uinneimeint. 47D’á ḃriġ sin adeirim leat, Atá a peacaiḋe, a lán mór peacaiḋe, maiṫte ḋí; óir ba ṁór é a gráḋ: aċt an té d’á maiṫtear beagán, is beag é a ġráḋ. 48Agus aduḃairt sé léi‐se, Atá do ṗeacaiḋe maiṫte ḋuit. 49Agus na daoine do ḃí ’n‐a suiḋe ċum biḋ ’n‐a ḟoċair, do ṫosnuiġeadar ar a ráḋ eadorṫa féin, Cia h‐é seo ṁaiṫeas fiú aṁáin peaċaiḋe? 50Agus aduḃairt sé leis an mnaoi, Do ṡlánuiġ do ċreideaṁ ṫú: imṫiġ i síoṫċáin.
S'ha seleccionat:
Lúcás 7: JOYNTG
Subratllat
Comparteix
Copia
Vols que els teus subratllats es desin a tots els teus dispositius? Registra't o inicia sessió
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.