Eoin 11
11
1Agus do ḃí duine áiriṫe breoite, Lasarus ó Ḃétánia, baile Ṁáire agus Ṁarta, a ḋeirḃṡiúr. 2Máire d’ong an Tiġearna le h‐uinnimint, agus do ṫriomuiġ a ċosa le n‐a gruaig, do b’í sin an té go raiḃ a dearḃráṫair Lasarus breoite. 3Agus do ċuir an ḃeirt deirḃṡiúr teaċtaireaċt ċuige, g‐á ráḋ, A Ṫiġearna, féaċ, an té is ionṁain leat atá sé breoite. 4Aċt nuair do‐ċuala Íosa é, aduḃairt sé, Ní ċum báis an ḃreoiteaċt so, aċt ċum glóire Dé, ionnas go ḃfaiġeaḋ Mac Dé glóir d’á ḃárr. 5Agus do ḃí an‐ċion ag Íosa ar Ṁarta, agus ar a deirḃṡiúr, agus ar Lasarus. 6Aċt ar n‐a ċlos dó go raiḃ sé breoite, d’ḟan sé ḋá lá san áit ’n‐a raiḃ sé. 7Annsin, ’n‐a ḋiaiḋ sin, aduḃairt sé le n‐a ḋeisceablaiḃ, Téiġimís arís go h‐Iúdaea. 8Aduḃairt na deisceabail leis, A Rabbí, do ḃí na h‐Iúdaiġ ag iarraiḋ gaḃáil de ċloċaiḃ ort le déiḋeannaiġe; agus an ag dul annsin arís atáir? 9D’ḟreagair Íosa, Naċ ḃfuil ḋá uair déag san lá? Má ṡiuḃlann duine san lá, ní baintear tuisleaḋ as, óir do‐ċí sé solas an tsaoġail seo. 10Aċt má ṡiuḃlann duine san oiḋċe, baintear tuisleaḋ as, óir ní ḟuil an solas ann. 11Aduḃairt sé an méid sin: agus aduḃairt sé leo ’n‐a ḋiaiḋ sin, Atá ár gcara Lasarus ’n‐a ċodlaḋ; áċt atáim ag dul g‐á ḋúiseaċt. 12Annsin aduḃairt na deisceabail leis, A Ṫiġearna, má ta sé ’n‐a ċodlaḋ, slánóċar é. 13Aċt is ag tagairt d’á ḃás do ḃí Íosa; aċt do ċeapadar‐san gur ag cainnt ar ṡuan codlata do ḃí sé. 14Annsin aduḃairt Íosa leo go cruinn, Atá Lasarus marḃ. 15Agus is maiṫ liom ar ḃúr son‐sa naċ raḃas ann, ċum go gcreidfeaḋ siḃ; aċt téiġmís ċuige. 16Agus aduḃairt Tomás, ar a dtugtar Didimus, le n‐a ċóṁ‐ḋeisceablaiḃ, Téiġmís‐ne mar an gcéadna, go ḃfaiġmís bás i n‐éinḟeaċt leis.
17Agus nuair ṫáinig Íosa, fuair sé go raiḃ sé ceiṫre lá ċeana sa tuama. 18Agus ḃí Bétánia i ngiorraċt cúig staid déag d’Iarúsalem; 19agus do ḃí mórán Iúdaċ ṫáinig ċum Marta agus Máire, ag déanaṁ sóláis dóiḃ i dtaoḃ a ndearḃráṫar. 20Agus nuair do‐ċuala Marta go raiḃ Íosa ag teaċt, do ċuaiḋ sí ’n‐a airċis: aċt d’ḟan Máire ’n‐a suiḋe istiġ. 21Agus aduḃairt Marta le h‐Íosa, A Ṫiġearna, dá mbeiṫeá annso, ní ḃfaiġeaḋ mo ḋearḃráṫair bás. 22Aċt atá a ḟios agam anois féin, cibé niḋ iarrfas tú ar Ḋia, go dtiuḃraiḋ Dia ḋuit é. 23Aduḃairt Íosa léi, Éireoċaiḋ do ḋearḃráṫair arís. 24Aduḃairt Marta leis, Atá a ḟios agam go n‐éireoċaiḋ sé arís san aiséirġe an lá deireannaċ. 25Aduḃairt Íosa léi, Is mise an aiséirġe agus an ḃeaṫa: cibé ċreideas ionnam‐sa, má ġeiḃ sé bás féin, mairfiḋ sé: 26agus cibé ṁaireas agus ċreideas ionnam‐sa ní ḃfaiġiḋ sé bás go deoiḋ. An gcreideann tú sin? 27Aduḃairt sise leis, Creidim, A Ṫiġearna: creidim gur tusa an Críost, Mac Dé, do ḃí le teaċt ar an saoġal. 28Agus nuair aduḃairt sí sin, d’imṫiġ sí, agus do ġlaoḋ sí ós íseal ar Ṁáire, a deirḃṡiúr, g‐á ráḋ, Atá an Máiġistir annso, agus atá sé ag glaoḋaċ ort. 29Agus nuair do‐ċuala sise é, d’éiriġ sí go tapaiḋ, agus do ċuaiḋ sí ċuige. 30(Óir ní raiḃ Íosa tagṫa fós sa mbaile beag, aċt ḃí sé fós san áit ’n‐ar casaḋ Marta leis.) 31Agus na h‐Iúdaiġ do ḃí i ḃfoċair Ṁáire sa tiġ, ag déanaṁ sóláis dí, nuair do ċonnacadar gur éiriġ sí go tapaiḋ, do leanadar í, g‐á ċeapaḋ gur ag dul ċum an tuama do ḃí sí, le caoineaḋ do ḋéanaṁ ann. 32Agus nuair ṫáinig Máire go dtí an áit ’n‐a raiḃ Íosa, do ċaiṫ sí í féin ag a ċosaiḃ, g‐á ráḋ leis, A Ṫiġearna, dá mbéiṫeá annso, ní ḃfaiġeaḋ mo ḋearḃráṫair bás. 33Agus nuair do ċonnaic Íosa í ag caoineaḋ, agus na h‐Iúdaiġ ṫáinig i n‐éineaċt léi ag caoineaḋ, do ċorruiġ an spioraid ann, agus do ḃí sé buaiḋearṫa, 34Agus aduḃairt sé, Cá ḃfuil sé curṫa agaiḃ? Aduḃradar leis, A Ṫiġearna, tar go ḃfeicfir. 35Do ḃris a ġol ar Íosa. 36Agus aduḃairt na h‐Iúdaiġ, Féaċ an cion do ḃí aige air! 37Aċt do ḃí cuid aca aduḃairt, An fear so d’ḟoscail súile an daill, naċ mbéaḋ ar ċumas dó an duine so do ċosaint ar an mbás? 38Agus táinig Íosa ċum an tuama, agus a spioraid ag corrú ann. Agus pluais ab eaḋ í, agus leac ar a béal. 39Aduḃairt Íosa, Tógaiḋ an leac. Aduḃairt Marta, deirḃṡiúr an duine ṁairḃ, A Ṫiġearna, atá sé bréan fá’n am so: óir atá sé marḃ le ceiṫre lá. 40Aduḃairt Íosa léi, Naċ nduḃras leat, má ċreideann tú, go ḃfeicfir glóir Dé? 41Agus do ṫógadar an leac. Agus d’ḟéaċ Íosa i n‐áirde, agus aduḃairt, A Aṫair, do‐ḃeirim a ḃuiḋeaċas leat gur éistis liom. 42Agus do ḃí a ḟios agam go n‐éisteann tú liom i gcóṁnaiḋe: aċt mar ġeall ar an sluaġ atá ’n‐a seasaṁ im’ ṫimċeall aduḃras é, ċum go gcreidfidís gur ċuiris uait mé. 43Agus tar a éis dó sin a ráḋ, do ġlaoḋ sé de ġuṫ árd, A Lasaruis, tar amaċ. 44Agus ṫáinig an duine marḃ amaċ, agus na ceangail báis ar láiṁ agus ar ċois air; agus do ḃí éadaċ ceangailte ar a aġaiḋ. Aduḃairt Íosa leo, Scaoiliḋ é, agus leigiḋ ċum siuḃail é.
45Ar an aḋḃar sin, mórán de na h‐Iúdaiġ ṫáinig ċum Máire, agus do ċonnaic na neiṫe do‐rinne sé, do ċreideadar ann. 46Aċt d’imṫiġ cuid aca ċum na ḃFairisíneaċ, agus d’inniseadar dóiḃ na neiṫe do ḃí déanta ag Íosa.
47Annsin do ċruinniġ uaċtaráin na sagart agus na Fairisíniġ cóṁairle, agus aduḃradar, Créad atá le déanaṁ againn? Óir atá an fear so ag déanaṁ a lán míorḃal. 48Má leigimíd dó ar an gcuma so, creidfiḋ gaċ uile ḋuine ann: agus tiocfaiḋ na Róṁánaiġ agus scriosfaiḋ siad ár n‐áit agus ár gcineaḋ. 49Aċt aduḃairt duine aca darḃ ainm Cáiafas, do ḃí ’n‐a árd‐ṡagart an ḃliaḋain sin, Ní ṫuigeann siḃ aon niḋ ’n‐a ṫaoḃ, 50agus ni ċuiṁniġeann siḃ go n‐oireann sé ḋaoiḃ go ḃfaiġeaḋ aon duine aṁáin bás ar son an ṗobail, agus naċ scriosfaiḋe an cineaḋ uile. 51Aċt ní uaiḋ féin aduḃairt sé sin: aċt ó ḃí sé ’n‐a árd‐ṡagart an ḃliaḋain sin, do ṫairngir sé go raiḃ Íosa ċum bás d’ḟáġáil ar son an ċiniḋ; 52Agus ní h‐aṁáin ar son an ċiniḋ, aċt go gcruinneoċaḋ sé i n‐aon ċineaḋ aṁáin clann Dé atá scaipṫe. 53D’á ḃriġ sin, ó’n lá sin amaċ, do ċeapadar de ċóṁairle le ċéile a ċur ċum báis.
54Uime sin níor ṡiuḃail Íosa go poibliḋe i measc na nIúdaċ ó’n am sin, aċt d’imṫiġ sé isteaċ sa tír atá i n‐aice an ḟásaiġ, go caṫair ar a dtugtar Efráim; agus d’ḟan sé annsin i ḃfoċair a ḋeisceabal. 55Agus do ḃí cáisc na nIúdaċ i n‐aṫċomaireaċt: agus do ċuaiḋ mórán daoine ó’n dúṫaiġ sin suas go h‐Iarúsalem, g‐á nglanaḋ féin roiṁ an gcáisc. 56Agus do ḃíodar ag lorg Íosa, agus iad ag cainnt le ċéile ’n‐a seasaṁ ḋóiḃ sa teampall, Créad ṁeasas siḃ? Naċ dtiocfaiḋ sé ċum na féile? 57Agus do ḃí órdú tugṫa ag uaċtaránaiḃ na sagart agus ag na Fairisíneaċaiḃ, dá mb’ eol d’aoinneaċ cá raiḃ sé, a innsin, go ngaḃfaidís é.
S'ha seleccionat:
Eoin 11: JOYNTG
Subratllat
Comparteix
Copia
Vols que els teus subratllats es desin a tots els teus dispositius? Registra't o inicia sessió
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.