Eoin 18

18
1Nuair do ḃí na briaṫra sin ráiḋte ag Íosa, do ċuaiḋ sé amaċ mar aon le n‐a ḋeisceablaiḃ ṫar sruṫ Ċedron, mar a raiḃ garrḋa, agus do ċuaiḋ sé féin isteaċ ann i n‐éinḟeaċt le n‐a ḋeisceablaiḃ. 2Agus do ḃí fios na h‐áite sin ag Iúdás, do ḃí g‐á ḃraṫ: óir ba ṁinic do ṫéiġeaḋ Íosa agus a ḋeisceabail ann. 3Agus Iúdás, nuair fuair sé buiḋean agus oifigiġ ó na h‐árd‐ṡagartaiḃ agus ó na Fairisíneaċaiḃ, ṫáinig sé ċum na h‐áite, agus lóċrainn, agus tóirsí, agus airm aige. 4Agus ó ḃí a ḟios ag Íosa gaċ a raiḃ le teaċt air, do ċuaiḋ sé amaċ, agus aduḃairt sé leo, Cia atá uaiḃ? 5D’ḟreagradar dó, Íosa Nasarḋa. Aduḃairt Íosa leo, Is mise é. Agus Iúdás do ḃí g‐á ḃraṫ, ḃí sé ’n‐a ṡeasaṁ i n‐éinḟeaċt leo. 6Agus, ní túisce aduḃairt sé leo, Is mise é, ’ná ċuadar siar, agus do ṫuiteadar ar an talaṁ. 7Uime sin d’ḟiafruiġ sé ḋíoḃ arís, Cia atá uaiḃ? Agus aduḃradar, Íosa Nasarḋa. 8D’ḟreagair Íosa, Aduḃras liḃ gur mise é: d’á ḃriġ sin má’s mise atá uaiḃ, leigiḋ ḋóiḃ seo ḃeiṫ ag imṫeaċt: 9ċum go gċóiṁlíonfaiḋe an briaṫar aduḃairt sé, Ḋíoḃ‐san ṫugais dom níor ċailleas duine. 10Annsin Síomón Peadar, go raiḃ claiḋeaṁ aige, do ṫarraing sé é, agus do ḃuail sé seirḃíseaċ an árd‐ṡagairt, gur ḃain sé an leaṫ‐ċluas ḋeas de. 11Agus Malċus ab ainm do’n tseirḃíseaċ. Agus aduḃairt Íosa le Peadar, Cuir do ċlaiḋeaṁ ar ais ’n‐a ṫruaill: an cupán ṫug an t‐Aṫair le n’ól dom, naċ n‐ólfad é?
12Annsin rug an ḃuiḋean, agus oifigiġ na nIúdaċ ar Íosa, 13agus do ċeangladar é, agus rugadar i láṫair Annais ar dtús é; óir ba é aṫair céile Ċáiafais é, do ḃí ’n‐a árd‐ṡagart an ḃliaḋain sin. 14Agus ba é Cáiafas an té ṫug de ċóṁairle do na h‐Iúdaċaiḃ, go n‐oirfeaḋ bás duine aṁáin do’n ṗobal.
15Agus do lean Síomón Peadar Íosa, agus deisceabal eile, leis. Agus do ḃí aiṫne ag an árd‐ṡagart ar an deisceabal sin, agus do ċuaiḋ sé isteaċ mar aon le h‐Íosa i gcúirt an árd‐ṡagairt; 16aċt do ḃí Peadar ’n‐a ṡeasaṁ taoḃ amuiġ de’n doras. Agus an deisceabal eile go raiḃ aiṫne ag an árd‐ṡagart air, do ċuaiḋ sé amaċ agus do laḃair sé leis an gcailín do ḃí i mbun an dorais, agus ṫug sé Peadar isteaċ. 17Annsin aduḃairt cailín an dorais le Peadar, Naċ duine de ḋeisceablaiḃ an ḟir seo ṫusa, leis? Aduḃairt seisean, Ní h‐eaḋ. 18Agus do ḃí na seirḃísiġ agus na h‐oifigiġ ’n‐a seasaṁ, agus teine fíoḋġuail ar lasaḋ aca; óir ḃí sé fuar; agus ḃí siad g‐á dtéiḋeaḋ: agus do ḃí Peadar ’n‐a ḃfoċair, leis, ’n‐a ṡeasaṁ agus g‐á ṫéiḋeaḋ.
19Agus do ċuir an t‐árd‐ṡagart ceist ar Íosa i dtaoḃ a ḋeisceabal agus i dtaoḃ a ṫeagaisc. 20D’ḟreagair Íosa ḋó, Do laḃras go foscailte leis an saoġal; do‐ġnínn teagasc i gcóṁnaiḋe san tsionagóig agus san teampall mar a gcruinniġeann na h‐Iúdaiġ uile le ċéile; níor laḃras éinniḋ fá ċeilt. 21Cad ċuige ḋuit ḃeiṫ ’gam’ ċeistiú? Cuir ceist orṫa‐san do‐ċuala a nduḃairt mé leo: féaċ, is eol dóiḃ‐sean céard aduḃairt mé. 22Ar n‐a ráḋ sin dó, do ḃuail duine de na h‐oifigeaċaiḃ do ḃí láiṫreaċ ’n‐a ṡeasaṁ, ḃuail sé buille boise ar Íosa, g‐á ráḋ, An mar sin do‐ḃeir tú freagra ar an árd‐ṡagart? 23D’ḟreagair Íosa ḋó, Má laḃras go h‐olc, taḃair fiaḋnaise i dtaoḃ an uilc; aċt má laḃras san gceart, ċad ċuige ar ḃuailis mé? 24Annsin do ċuir Annas é ceangailte ċum an árd‐ṡagairt.
25Agus do ḃí Síomón Peadar ’n‐a ṡeasaṁ g‐á ġoraḋ féin. Agus aduḃradar leis, Naċ duine d’á ḋeisceablaiḃ‐siúd ṫusa, leis? Do ṡéan seisean, agus aduḃairt, Ní h‐eaḋ. 26Aduḃairt duine de ṡeirḃíseaċaiḃ an árd‐ṡagairt, gaol do’n té gur ḃain Peadar an leaṫ‐ċluas de, Naċ ḃfacassa sa ngarrḋa ṫú ’n‐a ḟoċair? 27Do ṡéan Peadar arís: agus ar an láṫair do ġlaoḋ an coileaċ.
28Do ṫreoruiġeadar Íosa annsin ó Ċáiafas isteaċ sa bPraetorium; agus do ḃí moċ na maidne ann; agus ní ḋeaċadar féin isteaċ sa bPraetorium ċum naċ dtruailleoċaiḋe iad, aċt go n‐íosfaidís an ċáisc. 29Uime sin do ċuaiḋ Píoláid amaċ ċuca, agus aduḃairt, Caidé an ċúis atá agaiḃ i n‐aġaiḋ an ḟir seo? 30D’ḟreagradar agus aduḃradar leis, Muna mbéaḋ gur cuirpṫeaċ an fear so, ní ṫiuḃraimís ar láiṁ duit é. 31Annsin aduḃairt Píoláid leo, Tógaiḋ liḃ féin é, agus beiriḋ breiṫ air de réir ḃúr ndliġe féin. Aduḃairt na h‐Iúdaiġ leis, 32Ní dlistineaċ dúinne aon duine do ċur ċum báis: ċum go gcóiṁlíonfaiḋe an briaṫar aduḃairt Íosa, g‐á ċur i n‐uṁail cia an saġas báis do ḃí i ndán dó.
33Annsin do ċuaiḋ Píoláid isteaċ san bPraetorium arís, agus do ġlaoḋ sé Íosa ċuige, agus aduḃairt sé leis, An tusa Rí na nIúdaċ? 34D’ḟreagair Íosa, An uait féin adeir tú sin, nó an daoine eile aduḃairt leat é im’ ṫaoḃ‐sa? 35D’ḟreagair Píoláid, An Iúdaċ mise? Ba iad do ċineaḋ féin agus na h‐árd‐ṡagairt ṫug ar láiṁ dom ṫú: créad atá déanta agat? 36D’ḟreagair Íosa, Ní de’n tsaoġal so mo ríoġaċt: dá mba de’n tsaoġal so mo ríoġaċt do ṫroidfeaḋ mo ṁuinntear, ċum naċ dtiuḃarṫaí mé ar láiṁ do na h‐Iúdaċaiḃ: aċt anois ní h‐as so dom’ ríoġaċt‐sa. 37Annsin aduḃairt Píoláid leis, An rí ṫú mar sin? D’ḟreagair Íosa, Mar adeirir, is rí mé. Ċuige sin rugaḋ mé, agus ċuige sin ṫánag ar an saoġal, ċum go dtiuḃrainn fiaḋnaise do’n ḟírinne. Gaċ duine atá ar ṫaoḃ na fírinne, éisteann sé lem ġlór. 38Aduḃairt Píoláid leis, Créad is fírinne ann?
Agus nuair aduḃairt sé sin, do ċuaiḋ sé amaċ arís ċum na nIúdaċ, agus aduḃairt sé leo, Ní ḟaġaim‐se coir ar biṫ ann. 39Aċt atá gnáṫ‐nós agaiḃ go scaoilfinn duine saor ċugaiḃ le linn na cásca: an áil liḃ, d’á ḃriġ sin go scaoilfinn saor ċugaiḃ Rí na nIúdaċ? 40Annsin do liúġadar uile go léir amaċ arís, Ná scaoil saor an duine seo, aċt Barabbas. Agus biṫeaṁnaċ ab eaḋ Barabbas.

S'ha seleccionat:

Eoin 18: JOYNTG

Subratllat

Comparteix

Copia

None

Vols que els teus subratllats es desin a tots els teus dispositius? Registra't o inicia sessió