Lúcás 23
23
1Agus d’éiriġ a raiḃ sa gcruinniú, agus rugadar ċum Píoláid é. 2Agus do ṫosnuiġeadar ar neiṫiḃ do ċur ’n‐a leiṫ, g‐á ráḋ, Fuaramar an fear so ag déanaṁ toirmisc i measc ár gciniḋ, agus ag cosc cánaċ do ṫaḃairt do Ċéasar, agus é g‐á ráḋ gur ab é féin Críost rí. 3Agus d’ḟiafruiġ Píoláid de, g‐á ráḋ, An tusa Rí na nIúdaċ? Agus d’ḟreagair sé agus aduḃairt, Adeirir é. 4Agus aduḃairt Píoláid le h‐uaċtaránaiḃ na sagart, Ní ḟaiġim aon loċt sa duine seo. 5Aċt ba ḋéine d’áitiġeadar air, g‐á ráḋ, Atá sé ag buaiḋreaḋ na ndaoine, ag tosnú ḋó ó’n nGalilé go dtí an áit seo. 6Aċt nuair do‐ċuala Píoláid sin, d’ḟiafruiġ sé ar Ġaliléaċ an fear. 7Agus nuair do ṫuig sé gur le líomatáiste Ioruaiṫ do ḃain sé, do ċuir sé ċum Ioruaiṫ é, mar ḃí sé féin i nIarúsalem le n‐a linn sin.
8Agus nuair do ċonnaic Ioruaṫ Íosa, do ḃí an‐áṫas air: óir do b’ḟada do ḃí sé ag súil le n‐a ḟeicsin, de ḃriġ go gcuala sé tráċt air; agus do ḃí súil aige go ḃfeicfeaḋ sé míorḃail éigin d’á déanaṁ aige. 9Agus do ċuir sé a lán ceisteann air; aċt ní ṫug seisean freagra ar biṫ air. 10Agus do ḃí uaċtaráin na sagart agus na scríoḃaiḋṫe ’n‐a seasaṁ, agus iad g‐á ċionntú go dian. 11Agus do‐rinne Ioruaṫ agus a ċuid saiġdiúir fonoṁaid faoi, agus ṫugadar tarcuisne ḋó, agus do ċuireadar éadaċ geal air, agus do ċuireadar ar ais ċum Píoláid é. 12Agus do‐rinneaḋ caradas an lá sin idir Ioruaṫ agus Píoláid: óir do ḃíodar ’n‐a náiṁdiḃ d’á ċéile roiṁe sin.
13Agus do ċruinniġ Píoláid uaċtaráin na sagart, agus na ceann‐ṗuirt, agus na daoine le ċéile, agus aduḃairt sé leo, 14Ṫugaḃar ċugam an fear so mar ḋuine atá ag buaiḋreaḋ na ndaoine agus féaċ, tar a éis dom a ċeistiú ’n‐ḃúr ḃfiad naise, ní ḟuaras cionntaċ é ins na neiṫiḃ atá agaiḃ‐se d’á gcur ’n‐a leiṫ: 15agus ní luġa naċ ḃfuair Ioruaṫ: óir do ċuir seisean ar ais ċugainn é; agus féaċ, ní ḟuil éinniḋ déanta aige ṫuilleas bás. 16Ar an áḋḃar sin smaċtóċad é agus scaoilfead saor é. 18Aċt do ġlaoḋadar go léir amaċ d’aon ġuṫ, g‐á ráḋ, Glan as an tsliġe é so, agus scaoil ċugainn Barabbas: 19duine do ḃí curṫa i bpríosún mar ġeall ar ċeannairc do‐rinneaḋ sa gcaṫair, agus mar ġeall ar ḋúnṁarḃaḋ. 20Agus do laḃair Píoláid leo arís, agus é ag iarraiḋ Íosa do leigean saor; 21aċt do ġlaoḋadar amaċ, g‐á ráḋ, Céas, céas é. 22Agus aduḃairt sé leo an treas uair, Cad ċuige, cad é an t‐olc atá déanta aige? Ní ḟuaras‐sa aon ċúis báis ann: smaċtóċad é, d’á ḃriġ sin, agus scaoilfead saor é. 23Aċt do ṡeasadar go dána, ag glaoḋaċ i n‐árd a ngoṫa, ag iarraiḋ é do ċéasaḋ. Agus do ḃuaiḋ a nglór. 24Agus ṫug Píoláid mar ḃreiṫ go ndéanfaiḋe an niḋ d’iarradar air. 25Agus do scaoil sé saor an duine do cuireaḋ i bpríosún mar ġeall ar ċeannairc agus ar ḋúnṁarḃaḋ, an duine d’iarradar; aċt ṫug sé Íosa ḋóiḃ ċun a dtoil d’imirt air.
26Agus nuair do ṡeoladar leo é, rugadar ar ḋuine ó Ċuréne darḃ ainm Síomón, do ḃí ag teaċt isteaċ ó’n tuaiṫ, agus do ċuireadar an ċroċ airsean ċum í d’iomċar i ndiaiḋ Íosa.
27Agus do ḃí sluaġ mór daoine g‐á leanaṁain, agus mná, agus iad ag caoin‐ġol agus ag déanaṁ truaiġe ḋó. 28Aċt d’iompuiġ Íosa ċuca, agus aduḃairt sé, A inġeana Iarúsalem, ná biḋiḋ ag gol ar mo ṡon‐sa, aċt ar ḃúr son féin, agus ar son ḃúr gclainne. 29Óir, féaċ, atá na laeṫe ag teaċt ’n‐a ndéarfar, Is aoiḃinn dóiḃ‐sean atá aimrid, agus do na bronnaiḃ naċ rug clann, agus do na cíoċaiḃ nár ṫál. 30Tosnóċaid annsin ar a ráḋ leis na sléiḃtiḃ, Tuitiḋ anuas orainn; agus leis na cnocaiḃ, Clúduiġiḋ sinn. 31Óir má ġníd na neiṫe seo san aḋmad úr, créad do‐ġéantar san aḋmad críon?
32Agus do ḃí beirt eile, cuirpṫiġ, do seolaḋ i n‐éinḟeaċt leis ċum go gcuirfiḋe ċum báis iad.
33Agus nuair do ṡroiċeadar an áit ar a dtugtar An Cloigeann, do ċéasadar annsin é, agus na cuirpṫiġ, duine aca ar a láiṁ ḋeis, agus an duine eile ar a láiṁ ċlé. 34Agus aduḃairt Íosa, A Aṫair, maiṫ ḋóiḃ, óir ní ḟuil a ḟios aca créad atá aca d’á ḋéanaṁ. Agus do roinneadar a ċuid éadaiġe eadorṫa féin, g‐á gcur ar ċrannaiḃ. 35Agus do ḃí na daoine ’n‐a seasaṁ ag féaċain. Agus do ḃí na h‐uaċtaráin, leis, ag taḃairt tarcuisne ḋó, g‐á ráḋ, D’ḟuascail an té seo daoine eile; fuasclaḋ sé é féin, má’s é an Críost é, do ṫoġ Dia. 36Agus do ḃí na saiġdiúirí, mar an gcéadna, ag magaḋ faoi, ag teaċt ċuige, ag tairgsin ḃínéagra ḋó, 37agus iad g‐á ráḋ, Má’s tú Rí na nIúdaċ, saor ṫú féin. 38Agus do ḃí scríḃinn os a ċionn, IS É SEO RÍ NA n‐IÚDAĊ.
39Agus duine de na cuirpṫeaċaiḃ do croċaḋ ṫug sé masla ḋó, g‐á ráḋ, Naċ tusa an Críost? saor ṫú féin agus sinne. 40Aċt d’ḟreagair an duine eile, agus do ċeartuiġ sé é, g‐á ráḋ, An aṁlaiḋ naċ ḃfuil eagla Dé ort, agus tú fá’n daoir‐ḃreiṫ ċéadna? 41Sinne, go deiṁin, san gceart; óir is ag díol as a ḃfuil déanta againn atáimíd: aċt ní ḋearna an fear so mí‐ġníoṁ ar biṫ. 42Agus aduḃairt sé, A Íosa, cuiṁniġ orm‐sa nuair ṫiocfas tú id’ ríoġaċt. 43Agus aduḃairt seisean leis, Go fírinneaċ adeirim leat, Béiḋ tú im’ ḟoċair‐se indiu i bPárrṫas.
44Agus do ḃí sé timċeall na séṁaḋ h‐uaire, agus do leaṫ dorċadas ar an talaṁ uile go dtí an naoṁaḋ h‐uair, 45solas na gréine ag dul i laiġead: agus do réabaḋ brat an teampaill tré n‐a lár. 46Agus do ġlaoḋ Íosa de ġuṫ árd, agus aduḃairt, A Aṫair, do‐ḃeirim m’anam i leiṫ do láṁ‐sa; agus ag ráḋ na ḃfocal sin dó, do scar a anam leis. 47Agus nuair do ċonnaic an ceanntúir créad ṫarla, ṫug sé glóir do Ḋia, g‐á ráḋ, Go deiṁin ba fíréan an fear so. 48Agus na sluaiġte ṫáinig le ċéile ag féaċain ar an raḋarc sin, nuair do ċonnacadar gaċ a dtarla, d’ḟilleadar agus iad ag bualaḋ a n‐uċt. 49Agus a luċt aiṫeantais, agus na mná do lean é ó’n nGalilé, do ṡeasadar i ḃfad uaiḋ, ag féaċain ar na neiṫiḃ sin.
50Agus féaċ, fear darḃ ainm Seosaṁ, do ḃí ’n‐a ċóṁairleoir, 51fear cóir fíréanta (níor aontuiġ sé le ’n‐a gcóṁairle ná le n‐a ngníoṁ), fear as Arimatéa, caṫair de ċaṫraċaiḃ na nIúdaċ, do ḃí ag súil le ríoġaċt Dé: 52do‐ċuaiḋ an fear so ċum Píoláid, agus d’iarr sé corp Íosa air. 53Agus do ṫóg sé anuas é, agus d’ḟill sé i línéadaċ é, agus do ċuir sé é i dtuama do ḃí gearrṫa i gcarraig, tuama nár cuireaḋ aon duine riaṁ roiṁe sin ann. 54Agus ba é lá an Ullṁuiġṫe do ḃí ann, agus do ḃí an tsabóid ag teaċt. 55Agus na mná ṫáinig i n‐éinḟeaċt leis ó’n nGalilé, do leanadar ’n‐a ḋiaiḋ, agus do ċonnacadar an tuama, agus cionnas ḃí a ċorp curṫa ann. 56Agus d’ḟilleadar ar ais, agus d’ullṁuiġeadar spíosraḋ agus uinnimeintí.
S'ha seleccionat:
Lúcás 23: JOYNTG
Subratllat
Comparteix
Copia
Vols que els teus subratllats es desin a tots els teus dispositius? Registra't o inicia sessió
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.