Lúcás 20
20
Ceist faoi Údarás Chríost
1Aon lá amháin, agus é ag teagasc an phobail sa Teampall agus ag fógairt an dea-scéil, tháinig uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe i láthair mar aon leis na seanóirí, 2agus dúirt an méid seo leis: “Inis dúinn cén t‑údarás atá agat leis na nithe seo a dhéanamh, nó cé hé seo a thug an t‑údarás sin duit?” 3Dúirt sé leo á bhfreagairt: “Tá ceist agamsa le cur oraibhse freisin: insígí dom: 4An ó neamh nó ó dhaoine a tháinig baisteadh Eoin?” 5Ach bhí siad ag suaitheadh an scéil eatarthu, á rá: “Má deirimid: ‘Ó neamh,’ déarfaidh sé: ‘Cad chuige nár chreid sibh ann?’ 6Ach má deirimid: ‘Ó dhaoine,’ gabhfaidh an pobal uile de chlocha orainn, óir is deimhin leo go raibh Eoin ina fháidh.” 7Agus ba é freagra a thug siad, nach raibh a fhios acu cárbh as dó. 8Dúirt Íosa leo: “Nílimse chun a insint daoibhse ach oiread cén t‑údarás atá agam leis na nithe seo a dhéanamh.”
Máistir an Fhíonghoirt agus na Curadóirí Mallaithe
9Thosaigh sé ansin ag rá an pharabail seo leis an bpobal: “Phlandaigh duine fíonghort, agus chuir ar cíos chun curadóirí é, agus chuaigh ar an gcoigrích go cionn mórán aimsire. 10Nuair a tháinig an t‑am, chuir sé seirbhíseach uaidh go dtí na curadóirí chun go dtabharfaidís dó a chion de thoradh an fhíonghoirt; ach chuir na curadóirí ar ais folamh é tar éis dóibh é a bhualadh. 11Chuir sé seirbhíseach eile freisin, ach tar éis dóibh é seo a bhualadh chomh maith, agus easonóir a thabhairt dó, chuir siad ar ais folamh é. 12Chuir sé uaidh fós an tríú duine: ach é seo arís, rinne siad é ghoin agus é thiomáint amach. 13Dúirt máistir an fhíonghoirt ansin: ‘Cad a dhéanfaidh mé? Cuirfidh mé uaim mo mhac muirneach féin; b'fhéidir go dtabharfaidís ómós dó sin.’ 14Ach nuair a chonaic na curadóirí eisean, bhí siad ag plé an scéil le chéile: ‘Is é seo an t‑oidhre,’ ar siad, ‘maraímis é, chun go mba linn féin an oidhreacht.’ 15Agus tar éis dóibh é a thiomáint amach as an bhfíonghort, mharaigh siad é. Dá bhrí sin, cad a dhéanfaidh máistir an fhíonghoirt leo? 16Tiocfaidh sé agus cuirfidh sé na curadóirí sin chun báis, agus tabharfaidh an fíonghort do dhaoine eile.” Ar a chloisteáil sin dóibh, dúirt siad: “Nárab ea!” 17Ach bhreathnaigh sé orthu agus dúirt: “Murab ea, cad is ciall leis an rud úd atá scríofa:
‘An chloch dár dhiúltaigh na saoir,
rinne di ceann an chúinne’?
18“Gach aon duine a thitfidh ar an gcloch sin, bascfar é, ach cibé a dtitfidh sí air, déanfaidh sí é a bhrú ina cháith.” 19Agus b'fhonn leis na scríobhaithe agus le huachtaráin na sagart a lámha a leagan air an uair sin féin ach eagla an phobail a bheith orthu; óir bhí a fhios acu gur chucu féin a bhí sé nuair a labhair sé an parabal úd.
Cion Chéasair agus Cion Dé
20Ansin, ag faire na faille dóibh, chuir siad brathadóirí chuige a ligfeadh orthu bheith ina bhfíréin, chun go mbéarfaidís air ina chaint, ionas go dtabharfaí suas é do smacht agus d'údarás an ghobharnóra. 21Chuir siad ceist air: “A Mháistir,” ar siad, “tá a fhios againn go labhraíonn tú agus go múineann tú an ceart, agus gur cuma leat duine seachas a chéile, ach tú ag múineadh slí Dé de réir na fírinne. 22An dleathach dúinn cíos a íoc le Céasar nó an mídhleathach?” 23Ach thuig sé a gceilg agus dúirt leo: 24“Taispeánaigí dom déanar. Cé hé a bhfuíl a íomhá air agus a inscríbhinn?” Dúirt siad: “Céasar.” 25Dúirt sé leo: “Íocaigí le Céasar, mar sin, na nithe is le Céasar agus le Dia na nithe is le Dia.” 26Agus níor fhéad siad breith air i bhfocal ar bith i bhfianaise an phobail, agus, ó b'ionadh leo a fhreagra, d'fhan siad ina dtost.
Aiséirí na Colainne
27Tháinig chuige ansin cuid de na Sadúcaigh - iad seo a shéanann aiséirí a bheith ann - 28agus chuir siad ceist air: “A Mháistir,” ar siad, “seo mar a d'ordaigh Maois dúinn sa scríbhinn: ‘Má bhíonn ag duine deartháir pósta a gheobhadh bás gan chlann, é féin a ghabháil na baintrí chun gin sleachta a thógáil dá dheartháir.’ 29Sea: bhí seachtar dearthár ann: phós an chéad duine agus fuair bás gan chlann. 30An dara duine ansin, 31agus an tríú duine, ghabh siad an bhaintreach, agus an seachtar ar fad mar an gcéanna; níor fhág siad sliocht agus fuair bás. 32Sa deireadh, fuair an bhean féin bás. 33San aiséirí, más ea, cé acu a mbeidh an bhean ina bean chéile aige? Óir bhí sí ina bean chéile ag an seachtar.” 34Dúirt Íosa leo: “Gabhann clann an tsaoil seo fear céile nó bean chéile, 35ach iad seo a mheasfar gur fiú iad an saol úd eile a shroicheadh agus an aiséirí ó mhairbh, ní ghabhann siad fear céile ná bean chéile; 36óir ní fhéadann siad bás a fháil níos mó, mar is geall le haingil iad; agus is clann iad do Dhia ós clann iad don aiséirí. 37Ach thug Maois féin le tuiscint na mairbh a éirí, sa dréacht úd faoin tor, mar a dtugann ar an Tiarna, Dia Abrahám agus Dia Íosác agus Dia Iacóib. 38Ní hé Dia na marbh é, ach na mbeo; óir is dó is beo cách.” 39Dúirt cuid de na scríobhaithe á fhreagairt: “A Mháistir, is maith a dúirt tú é!” 40Óir níor leomh siad as sin amach ceist ar bith a chur air.
Conas is Mac do Dháiví an Críost?
41Dúirt sé leo ansin: “Conas is féidir a rá gur Mac do Dháiví an Críost? 42Óir is é Dáiví féin a deir i Leabhar na Salm:
‘Dúirt an Tiarna le mo Thiarna:
Suigh ar mo dheis,
43nó go gcuirfead do naimhde mar stól faoi do chosa.’
44“Dá bhrí sin, glaonn Dáiví Tiarna air, agus cad a bheir ina mhac dó é?”
Na Scríobhaithe á gCaineadh
45Agus i gcomhchlos don phobal uile dúirt sé lena dheisceabail: 46“Seachnaígí na scríobhaithe, an dream arb áil leo a bheith ag siúl timpeall sna róbaí fada, agus gur gnaoi leo go mbeifí ag beannú dóibh sna háiteanna poiblí, agus na príomhshuíocháin sna sionagóga agus na príomhthoilg ag na fleánna; 47an dream a ídíonn tithe na mbaintreach, ar scáth bheith ag déanamh urnaithe fada. Is daoire an bhreith a gheobhaidh siad seo.”
S'ha seleccionat:
Lúcás 20: ABN
Subratllat
Comparteix
Copia
Vols que els teus subratllats es desin a tots els teus dispositius? Registra't o inicia sessió
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.