Matha 15
15
1Annsin ṫáinig Fairisínig agus scríoḃaiḋṫe ó Iarúsalem ċum Íosa, g‐á ráḋ, 2Cad ċuige a sáruiġeann do ḋeisceabail‐se gnáiṫ‐ċleaċta na seanóir? óir ní niġeann siad a láṁa nuair ḃíos siad ag caiṫeaṁ biḋ. 3Agus d’ḟreagair seisean agus aduḃairt sé leo, Cad ċuige a sáruiġeann siḃ‐se aiṫne Dé ar son ḃúr sean‐ġnás? 4Óir aduḃairt Dia, Taḃair onóir dot’ aṫair agus dod’ ṁáṫair: agus an té ṁasluiġeas a aṫair nó a ṁáṫair, curtar ċum báis é. 5Aċt is é adeir siḃ‐se, Cibé duine adéarfas le n‐a aṫair nó le n‐a ṁáṫair, An ċuid sin dem’ ṁaoin do raċaḋ i dtairḃe ḋuit‐se, is aḋḃar íoḋbarṫa é; 6ní onóróċaiḋ seisean a aṫair. Agus atá aiṫne Dé curṫa ar neaṁ‐niḋ agaiḃ ar son ḃúr sean‐ġnás. 7A ċealgairí, is maiṫ do‐rinne Ésáias fáiḋeadóireaċt i n‐ḃúr dtaoḃ, g‐á ráḋ,
8Onóruiġeann na daoine seo mé le n‐a mbéal;
Aċt is fada uaim atá a gcroiḋe.
9Aċt is baoṫ an t‐aḋraḋ do‐ḃeirid dom,
Agus aiṫeanta daoine d’á múineaḋ mar ṫeagasc aca.
10Agus do ġlaoḋ sé ċuige an sluaġ, agus aduḃairt sé leo, Éistiḋ agus tuigiḋ: 11An rud ṫéiġeas isteaċ sa mbéal, ní h‐é sin ṡaluiġeas an duine; aċt an rud ṫéiġeas amaċ as an mbéal, is é sin ṡaluiġeas an duine. 12Annsin ṫáinig na deisceabail, agus aduḃradar leis, An eol duit gur ġlac na Fairisíniġ scannal, nuair do‐ċualadar na briaṫra sin? 13Aċt d’ḟreagair seisean agus aduḃairt, Gaċ plannda nár ċuir m’Aṫair neaṁḋasa, tarraingeoċar é as a ḟréaṁaċaiḃ. 14Leigiḋ ḋóiḃ siúd: treoraiḋṫe dalla is eaḋ iad. Agus má ṫreoruiġeann dall dall eile, tuitfid araon sa díg. 15Agus d’ḟreagair Peadar, agus aduḃairt sé leis, Míniġ ḋúinne an tsaṁlaoid úd. 16Agus aduḃairt sé, An ḃfuil siḃ‐se gan tuigsin fós? 17Naċ dtuigeann siḃ, cibé rud ṫéiġeas isteaċ sa mbéal, go dtéiġeann sé isteaċ sa mbolg, agus go gcaiṫtear é sa gcamra. 18Aċt na neiṫe ṫigeas amaċ as an mbéal, is as an gcroiḋe ṫigeas siad; agus is iad‐san ṡaluiġeas an duine. 19Óir is as an gcroiḋe amaċ ṫig droċ‐smaointe, dúnṁarḃaḋ, aḋaltrannas, scriapaċas, gadaiḋeaċt, fiaḋnaise éiṫiġ, dia‐ṁaslaḋ: 20is iad sin na neiṫe ṡaluiġeas an duine: aċt biaḋ d’iṫe gan na láṁa do niġe, ní ṡaluiġeann sin an duine.
21Agus d’imṫiġ Íosa as an áit sin, agus do ċuaiḋ sé isteaċ i gcríoċaiḃ Ṫuire agus Ṡídóine. 22Agus féaċ, ṫáinig bean Ċanáníteaċ amaċ as na críoċaic sin, agus do liúiġ sí, g‐á ráḋ, Déan ṫrócaire orm‐sa, a Ṫiġearna, a Ṁic Ḋáiḃi; atá m’inġean d’á ciapaḋ go millteaċ ag deaṁan. 23Aċt ní ṫug seisean aon ḟreagra uirṫi. Agus ṫáinig a ḋeisceabail, agus d’iarradar air, Cuir ċum siuḃail í siúd; óir atá sí ag síor‐ġlaoḋaċ ’n‐ár ndiaiḋ. 24Aċt d’ḟreagair seisean, agus aduḃairt, Níor cuireaḋ mise aċt aṁáin ċum na gcaoraċ fáin de ṫeaġlaċ Israel. 25Aċt ṫáinig sise, agus do ṡléaċt sí ḋó, g‐á ráḋ, A Ṫiġearna, fóir orm! 26Agus d’ḟreagair seisean, agus aduḃairt, Ní cuiḃe arán na clainne do ġlacaḋ, agus a ċaiṫeaṁ ċum na ngaḋar. 27Aċt aduḃairt sise, Is fíor sin, a Ṫiġearna, aċt iṫeann na coileáin féin na sprúilleoga ṫuiteas ó ḃórd a máiġistir. 28Annsin d’ḟreagair Íosa, agus aduḃairt sé léi, A ḃean, is mór é do ċreideaṁ: go ndéantar duit mar is mian leat. Agus do ḃí a h‐inġean leiġeasta ó’n uair sin.
29Agus d’imṫiġ Íosa ó’n áit sin, agus ṫáinig sé i n‐aice le muir Ġaililé; agus do ċuaiḋ sé suas ar ṡléiḃ, agus do ṡuiḋ sé ann. 30Agus ṫáinig sluaiġte móra ċuige, agus daoine bacaċa aca, agus daill, agus balḃáin, agus mairtíniġ, agus mórán eile, agus do ċuireadar síos ag a ċosaiḃ iad; 31agus do leiġeas sé iad: i dtreo go raiḃ iongnaḋ ar an sluaġ, nuair do ċonnacadar na balḃáin ag laḃairt, agus na mairtíniġ slán, agus na daoine bacaċa ag siuḃal, agus raḋarc ag na dallaiḃ: agus ṫugadar molaḋ do Ḋia Israeil.
32Agus do ġlaoḋ Iosa ċuige a ḋeisceabail, agus aduḃairt sé, Atá truaġ agam do’n tsluaġ, óir atá siad im’ ḟoċair le trí lá anóis, agus gan éinniḋ le n’iṫe aca: agus níor ṁaiṫ liom iad do ċur uaim ’n‐a dtroscaḋ, ar eagla go dtuitfidís ar an sliġe. 33Agus aduḃairt na deisceabail leis, Cá ḃfuiġmís‐ne i ḃfásaċ an oiread sin aráin agus ṡásóċaḋ a leiṫéid de ṡluaġ mór? 34Agus aduḃairt Íosa leo, Cá ṁéad bollóg atá agaiḃ? Agus aduḃradar, A seaċt, agus roinnt d’iascaiḃ beaga. 35Agus d’órduiġ sé do’n tsluaġ suiḋe síos ar an talaṁ; 36agus do ġlac sé na seaċt mbollóga agus na h‐iascanna, agus do ġaḃ sé buiḋeaċas, agus do ḃris sé iad, agus ṫug sé do na deisceablaiḃ iad, agus ṫug na deisceabail do’n tsluaġ iad. 37Agus d’iṫeadar go léir, agus do ḃí a ndóṫain aca: agus do ṫógadar lán seaċt gciseán de’n ḃiaḋ briste do fágaḋ. 38Agus is é méid na ndaoine do ḃí ag iṫe, ceiṫre míle fear, taoḃ amuiġ de ṁnáiḃ agus de leanḃaiḃ.
39Agus do ċuir sé uaiḋ na sluaiġte, agus do ċuaiḋ sé isteaċ i mbád, agus ṫáinig sé isteaċ i gcríoċaiḃ Ṁagadán.
Právě zvoleno:
Matha 15: JOYNTG
Zvýraznění
Sdílet
Kopírovat
Chceš mít své zvýrazněné verše uložené na všech zařízeních? Zaregistruj se nebo se přihlas
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.