Matha 25
25
1Annsin béiḋ ríoġaċt na ḃflaiṫeas cosṁail le deiċneaḃar maiġdean, do ġlac a lóċrainn, agus do ċuaiḋ amaċ fá ḋéin an ḟir nua‐ṗósta. 2Agus do ḃí cúigear díoḃ dí‐ċéilliḋe, agus do ḃí cúigear eile céilliḋe. 3Óir, iad‐san do ḃí dí‐ċéilliḋe, nuair do ġlacadar a lóċrainn, ní ṫugadar íle leo: 4aċt ṫug siad‐san a ḃí cé illiḋe íle ’n‐a soiṫiġiḃ ċóṁ maiṫ leis na lóċrannaiḃ. 5Agus ó ḃí moill ar an ḃfear nua‐ṗósta, ṫáinig táiṁ‐néall orṫa agus do‐ċuadar a ċodlaḋ. 6Aċt ar uair an ṁeaḋon‐oiḋċe d’éiriġ an ġáir, Féaċ, an fear nua‐ṗósta! 7Téiġiḋ amaċ ’n‐a airċis. Agus d’éiriġ na maiġdeana sin, agus do ċuireadar a lóċrainn i ḃfearas. 8Agus aduḃairt an ċuid aca a ḃí dí‐ċéilliḋe leo‐san do ḃí ciallṁar, Taḃraiḋ ḋúinn beagán de ḃúr gcuid íle; óir atá ár lóċrainn ag dul i n‐éag. 9Aċt d’ḟreagair an dream ciallṁar, agus aduḃradar, Do b’ḟéidir naċ mbéaḋ ár ndóṫain ann dúinne agus daoiḃ‐se: do b’ḟearr daoiḃ dul ċum na gceannaiḋe, agus cuid do ċeannaċ ḋaoiḃ féin. 10Agus fad agus ḃíodar ag imṫeaċt g‐á ċeannaċ, ṫáinig an fear nua‐ṗósta; agus na daoine do ḃí ullaṁ do ċuadar isteaċ leisean ċum na bainse: agus do dúnaḋ an doras. 11I n‐a ḋiaiḋ sin ṫáinig na maiġdeana eile, agus aduḃradar, A Ṫiġearna, a Ṫiġearna, foscail dúinn‐ne. 12Aċt d’ḟreagair seisean agus aduḃairt, Go deiṁin adeirim liḃ, Ní ḟuil aiṫne agam oraiḃ. 13Déanaiḋ‐se faire, d’á ḃriġ sin, óir ní h‐eol daoiḃ an lá ná an uair.
14Óir is aṁlaiḋ atá, mar do ḃéaḋ duine, do ġlaoḋ ċuige a searḃóntaí, ag imṫeaċt ar aistear dó, agus ṫug a ṁaoin dóiḃ. 15Agus ṫug sé cúig tallanna do ḋuine aca, agus ḋá ṫalainn do ḋuine eile, talann aṁáin do ḋuine eile; do gaċ duine de réir a ġustail; agus d’imṫiġ sé ar a aistear. 16Agus an té fuair na cúig tallanna, d’imṫiġ sé ar ball agus do‐rinne sé ceannaiḋeaċt leo, agus do ġnóṫuiġ sé cúig tallanna eile. 17Ar an gcuma ċéadna, an duine fuair an dá ṫallainn, do ġnóṫuiġ seisean ḋá ṫallainn eile. 18Aċt an té fuair an aon talann aṁáin, d’imṫiġ sé agus do ṫoċail sé poll sa talaṁ, agus do ċuir sé airgead a ṫiġearna i ḃfolaċ ann. 19Agus tar éis tamaill ḟada ṫáinig tiġearna na searḃónta úd, agus do‐rinne sé cunntas leo. 20Agus an té fuair na cúig tallanna, ṫáinig sé agus ṫug sé cúig tallanna sa mbreis leis, agus aduḃairt, A ṫiġearna, ṫugais cúig tallanna ḋom: féaċ, atá cúig tallanna eile gnóṫuiġṫe agam. 21Aduḃairt a ṫiġearna leis, Go maiṫ, a ṡearḃónta ċóir, ḋílis: do ḃís dílis agus tú i mbun beagáin, cuirfead i mbun móráin ṫú: téir isteaċ i n‐aoiḃneas do ṫiġearna. 22Agus an té fuair an dá ṫallainn, ṫáinig sé agus aduḃairt A ṫiġearna, ṫugais ḋá ṫallainn dom: féaċ atá ḋá ṫallainn eile gnóṫuiġṫe agam. 23Aduḃairt a ṫiġearna leis Go maiṫ, a ṡearḃónta ċóir, ḋílis; do ḃís dílis agus tú i mbun beagáin, cuirfead i mbun móráin ṫú: téir isteaċ i n‐aoiḃneas do ṫiġearna. 24Agus an té fuair talann aṁáin, ṫáinig sé agus aduḃairt, A ṫiġearna, do ḃí a ḟios agam gur duine cruaiḋ ṫú, ag baint i n‐áit nár ċuiris riol, 25agus ag cnuasaċ i n‐áit nár ċáiṫis: agus do ḃí eagla orm, agus d’imṫiġeas agus do ċuireas do ṫallann i ḃfolaċ sa talaṁ; féaċ, sin é do ċuid féin agat. 26Aċt d’ḟreagair a ṫiġearna agus aduḃairt sé leis, A ḋroċ‐ṡearḃónta ḋíoṁaoin, do ḃí a ḟios agat go mbainim i n‐áit nár ċuireas síol, agus go gcnuasaim i n‐áit nár ċáiṫeas; 27ba ċeart duit, d’á ḃriġ sin, mo ċuid airgid ṫaḃairt do na banncairiḃ, go ḃfaiġinn mo ċuid féin le brabaċ ag teaċt dom. 28Bainiḋ ḋe, d’á ḃriġ sin, an tallann, agus taḃraiḋ í do’n té sin ag a ḃfuil na cúig tallanna. 29Óir an té ag a ḃfuil niḋ doḃéarfar dó, agus béiḋ flúirse aige: aċt an té naċ ḃfuil niḋ aige, tógfar uaiḋ fiú aṁáin a ḃfuil aige. 30Agus caiṫiḋ amaċ an searḃónta neam‐hṫairḃeaċ sa dorċaċt atá amuiġ: annsin béiḋ gol agus gíoscán fiacal.
31Aċt nuair ṫiocfas Mac an Duine ’n‐a ġlóir, agus na h‐aingil go léir i n‐éinḟeaċt leis, suiḋfiḋ sé annsin i gcaṫaoir a ġlóire: 32agus cruinneoċar na cineaḋaċa uile os a ċóṁair: agus deaġlóċaiḋ sé ó ċéile iad, mar ḋeaġluiġeas an t‐aoḋaire na caoiriġ ó na gaḃaraiḃ: 33agus cuirfiḋ sé na caoiriġ ar a láiṁ ḋeis, agus na gaḃair ar a láiṁ ċlé. 34Annsin adéarfaiḋ an Rí leo‐san ḃéas ar a láiṁ ḋeis, Tigiḋ, a ḋaoine beannuiġṫe lem’ Aṫair, sealḃuiġiḋ an ríoġaċt atá ullṁuiġṫe ’n‐ḃúr gcóṁair ó ḃunú an doṁain: 35óir do ḃí ocras orm, agus ṫugaḃar rud le n’iṫe ḋom: ḃí tart orm, agus ṫugaḃar le n’ól dom: ḃíos im’ ċoiṁṫiġeaċ, agus d’ḟáiltiġeaḃar róṁam: 36do ḃíos lomnoċt, agus do ċuireaḃar éadaiġe orm: do ḃíos breoite, agus ṫángaḃar dom’ ḟéaċaint: ḃíos i bpríosún, agus ṫángaḃar ċugam. 37Annsin freagróċaiḋ na fíréin é, g‐á ráḋ, A Ṫiġearna, cá h‐uair ċonnacamar‐ne ṫú fá ocras agus go dtugamar biaḋ ḋuit? nó fá ṫart, agus go dtugamar deoċ duit? 38Agus cá h‐uair ċonnacamar ṫú id’ċoiṁṫiġeaċ agus gur ḟáiltiġeamar róṁat? nó lomnoċt, agus gur ċuireamar éadaiġe ort? 39No, cá h‐uair ċonnacamar ṫú breoite, nó i bpríosún, agus go dtángamar ċugat? 40Agus freagróċaiḋ an Rí agus adéarfaiḋ sé leo, Go fírinneaċ adeirim liḃ, Cibé niḋ do‐rinneaḃar do’n duine is suaraiġe dem’ ḃráiṫriḃ annso, gur daṁ‐sa do‐rinneaḃar é. 41Annsin adéarfaiḋ sé leo‐san ḃéas ar a láiṁ ċlé, Imṫiġiḋ uaim, a ḋaoine malluiġṫe, isteaċ sa teiniḋ ṡíorraiḋe do h‐ullṁuiġeaḋ do’n diaḃal agus d’á aingliḃ: 42óir ḃí ocras orm, agus ní ṫugaḃar biaḋ ḋom: ḃí tart orm, agus ní ṫugaḃar deoċ dom: 43ḃíos im’ ċoiṁiġṫeaċ, agus níor ḟáiltiġeaḃar róṁam; ḃíos lomnoċt, agus níor ċlúduiġeaḃar mé; breoite, agus i bpríosún, agus ní ṫángaḃar ċugam. 44Annsin freagróċaid siad‐san, leis, agus adéarfaiḋ siad, A Ṫiġearna, cá h‐uair ċonnacamar‐ne ṫú fá ocras, nó fá ṫart, nó id’ ċoṁiġṫeaċ, nó lomnoċt, nó breoite, nó i bpríosún, agus naċ ndearnamar fortaċt ort? 45Annsin freagróċaiḋ seisean, g‐á ráḋ, Adeirim liḃ go fírinneaċ, Ó’s rud é naċ ndearnaḃar é d’aoinneaċ de na daoiniḃ seo is suaraiġe, naċ ndearnaḃar daṁ‐sa é. 46Agus imṫeoċaiḋ siad‐so isteaċ i bpeannaid ṡíorraiḋe: aċt imṫeoċaiḋ na fíréin isteaċ sa mbeaṫaiḋ ṡíorraiḋe.
Právě zvoleno:
Matha 25: JOYNTG
Zvýraznění
Sdílet
Kopírovat
Chceš mít své zvýrazněné verše uložené na všech zařízeních? Zaregistruj se nebo se přihlas
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.