Matha 24
24
1Dʼfhág Íosa an teampall agus bhí sé ag imeacht, nuair a tháinig a dheisceabail a thaispeáint fhoirgnimh an teampaill dó. 2Ach dʼfhreagair sé iad, “An é nach bhfeiceann sibh iad seo uile? Deirim go fíor libh, nach bhfágfar cloch anseo ar mhuin chloiche, nach gcaithfear anuas.”
3Tháinig a dheisceabail chuige os íseal, agus é ina shuí ar Chnoc na nOlóg, á rá, “Inis dúinn, cá huair a tharlóidh seo, agus cad é comhartha do theachtsa a chuirfeas críoch ar an aois?” 4Agus dʼfhreagair Íosa iad agus dúirt sé, “Tugaigí faichill nach meallann aon duine sibh. 5Mar is iomaí duine a thiocfas i mʼainmse, agus a déarfaidh ‘Is mé an Críost,’ agus meallfaidh siad mórán. 6Agus cluinfidh sibh faoi chogaí agus cluinfidh sibh iomráite cogaí; seachnaigí gan faitíos a bheith oraibh; mar caithfidh sin titim amach, ach níl an chríoch ann fós. 7Mar éireoidh náisiún in aghaidh náisiúin, agus éireoidh ríocht in aghaidh ríochta, agus beidh gortaí agus creathanna talaimh ann in áiteanna éagsúla: 8ach níl san iomlán ach tosach an anró.
9“San uair úd beidh bior sa tine acu daoibh, agus beifear do bhur gcur chun báis; agus beidh fuath ag na ciníocha uile daoibh mar gheall ar mʼainmse. 10Agus is iomaí sin duine a shéanfas an creideamh ansin, agus a bheidh ag fealladh ar a chéile agus a mbeidh fuath acu dá chéile. 11Agus éireoidh mórán fáithe bréige agus cuirfidh siad cluain ar mhórán. 12Agus ó rachaidh an t‑olc i méid, fuaróidh an grá sa chuid is mó de na daoine. 13Ach an té a fhulaingeos go deireadh is é a shlánófar. 14Agus caithfear an soiscéal seo na ríochta a chraobh scaoileadh ar fud na cruinne, mar fhianaise do na ciníocha uile; agus is ansin a thiocfas an chríoch.
15“Nuair a fheiceann sibh mar sin an sárú scriosúil ar labhair an fáidh Daníél air, ina sheasamh sa naomháit (tuigeadh an té a léas), 16teitheadh ansin a mbíonn in Iúdaea chun na sléibhte; 17an té a bhíos i mullach tí ná téadh sé síos lena bhfuil ina theach a thabhairt leis; 18agus an té atá sa ghort ná filleadh sé lena fhallaing a thógáil. 19Agus mo bhrón iad an dream a bhíos ag iompar clainne agus ag tabhairt na cíche sna laethanta úd! 20Bígí ag guí nach mbeidh oraibh teitheadh sa gheimhreadh nó lá na sabóide. 21Mar beidh anró mór ann an uair úd, nach raibh a leithéid ann ó thús na cruinne go dtí anois, agus nach mbeidh a leithéid ann arís choíche. 22Agus murab é gur giorraíodh na laethanta úd, ní rachadh aon duine den Ádhamhchlann slán; ach giorrófar na laethanta úd mar mhaithe leis an dream tofa. 23San am úd má deir aon duine libh, ‘Seo é an Críost!’ nó, ‘Siúd ansin é!’ ná creidigí uathu é. 24Mar éireoidh Críosta bréige agus fáithe bréige agus taispeánfaidh siad comharthaí agus iontais mhóra, sa tslí go meallfaidh siad, dá mbʼfhéidir é, go fiú an dream tofa. 25Féachaigí, tá sé uile inste agam roimh ré. 26Mar sin, má deir siad libh, go bhfuil sé ar an bhfásach amuigh, ná himígí; nó má deir siad go bhfuil sé sna seomraí istigh, ná creidigí uathu é. 27Ó mar a thagann an splanc thintrí anoir agus mar a shroicheann a soilse an domhan thiar, is amhlaidh a bheidh teacht Mhac an duine. 28Cibé áit a mbíonn an conablach, is ann a chruinneos na hiolair.
29“Go díreach i ndiaidh na laethanta úd na buartha tiocfaidh smúid ar an ngrian, agus ní bheidh solas á thabhairt ag an ngealach, agus titfidh na réaltaí den spéir, agus bainfear creathadh as cumhachtaí neimhe; 30is ansin a nochtfaidh ar neamh comhartha Mhac an duine, agus beidh ciníocha na cruinne ag mairgneach, agus feicfidh siad Mac an duine ag teacht i néalta neimhe le cumhacht agus le mórghlóir; 31agus cuirfidh sé amach uaidh a aingil le hardseinm stoic, agus cruinneoidh siad an dream atá tofa aige ó cheithre aird na gaoithe, ó cheann ceann na spéire.
32“Foghlaimígí a cheacht ón gcrann fige: chomh luath agus a fhásas a chraobh bhog mhaoth agus a chuireas sé a dhuilliúr as, aithníonn sibh nach fada uaibh an samhradh.
33“Mar an gcéanna, nuair a fheicfeas sibh na nithe seo uile, aithneoidh sibh go bhfuil sé ag teacht i bhfogas, agus sna geataí féin. 34Deirim go fírinneach libh, nach rachaidh an ghlúin seo as go dtarlóidh seo uile. 35Rachaidh neamh agus talamh as, ach ní rachaidh mo bhriathrasa as.
36“Ach níl a fhios ag aon neach i dtaobh an lae úd ná i dtaobh na huaire úd, níl a fhios ag aingil na bhflaitheas féin, ná ag an Mac, ach ag an Athair amháin. 37Mar a bhí laethanta Naoi, is amhlaidh a bheidh teacht Mhac an duine. 38Mar sna laethanta úd roimh an díle bhítí ag ithe agus ag ól, ag déanamh cleamhnas agus ag pósadh, go dtí an lá úd a ndeachaigh Naoi isteach san Áirc, 39agus ní raibh fhios acu go dtí gur tháinig an díle agus gur chart sí ar shiúl iad, is amhlaidh a bheidh nuair a thiocfas Mac an duine. 40Beidh beirt fhear sa ghort; tógtar duine agus fágtar duine. 41Beidh beirt bhan ag meilt na bró; tógtar bean agus fágtar an bhean eile. 42Bígí ar bhur gcoimeád mar sin, mar ní feasach cad é an lá a thiocfas bhur dTiarna. 43Ach bíodh a fhios seo agaibh, dá mba rud é go mbeadh fhios ag ceann urra an tí an uair den oíche a dtiocfadh an gadaí, go mbeadh sé ag coimeád, agus nach ligfeadh sé dʼaon duine briseadh isteach ina theach. 44Caithfidh sibhse bheith ullamh mar an gcéanna; mar tiocfaidh Mac an duine san am nach bhfuil coinne agaibh leis.
45“Cé mar sin atá ina sheirbhíseach iontaofa céillí atá curtha ag a mháistir os cionn a theaghlaigh, chun go dtabharfadh sé a gcuid dóibh sa tráth is cóir? 46Is beannaithe an seirbhíseach a bhfaighidh a mháistir é ag déanamh amhlaidh nuair a thiocfas sé. 47Deirim go fírinneach libh go gcuirfidh sé cúram a mhaoine uile air. 48Ach má deir an cneamhaire seirbhísigh úd ina intinn féin, ‘Tá moill ar mo mháistir,’ 49agus má théann sé ag bualadh a chomhsheirbhíseach agus ag ithe agus ag ól i gcuideachta na bpótairí, 50tiocfaidh máistir an tseirbhísigh úd i lá nach bhfuil sé ag dréim leis agus ar uair nach bhfuil súil aige leis, 51agus bainfidh sé cúiteamh as agus cuirfidh sé i gcuideachta lucht na bréagchráifeachta é; an áit ina mbeidh caoí agus díoscán fiacla.
Právě zvoleno:
Matha 24: OC1970
Zvýraznění
Sdílet
Kopírovat
Chceš mít své zvýrazněné verše uložené na všech zařízeních? Zaregistruj se nebo se přihlas
Cóipcheart 1970 Cumann Gaelach na hEaglaise
Copyright 1970 The Gaelic Guild of the Church of Ireland