Logo YouVersion
Ikona vyhledávání

Marcas 3

3
1Uair eile chuaigh sé isteach sa tsionagóg agus bhí fear ansin a raibh leathlámh sheargtha aige. 2Agus bhíothas ag faire air le feiceáil an leigheasfadh sé é lá na sabóide, le cionta a chur ina leith. 3Agus dúirt sé le fear na leathláimhe seargtha, “Tar i leith.” 4Agus dúirt sé leo, “Cé acu is cirte de réir dhlí na sabóide an mhaith a dhéanamh nó an t‑olc a dhéanamh, beo an duine a tharrtháil, nó a scriosadh?” Ach dʼfhan siad ina dtost. 5Agus dʼfhéach sé go feargach orthu, ó ghoill cruas a gcroíthe air, agus dúirt sé leis an bhfear, “Sín amach do lámh uait.” Shín sé an lámh agus leigheasadh í. 6Ní luaithe sin déanta ná amach leis na Fairiséigh, le dul i gcomhairle le lucht Iorua lena mhilleadh.
7Dʼfhág Íosa agus a dheisceabail an áit sin le dul chun na farraige, agus slua mór ina ndiaidh as Galailí; agus tháinig sluaite ina dhiaidh ó Iúdaea 8agus ó Iarúsailéim agus ó Idúmaea agus ón taobh thall den Iornán agus ó cheantar Thiora agus Shiodóin nuair a chuala siad an méid a bhí á dhéanamh aige. 9Agus dúirt sé lena dheisceabail bád a bheith réidh acu faoina choinne as siocair an tslua ar eagla go mbrúfaidís é; 10óir is iomaí duine a bhí leigheasta aige, ionas go mbíodh an dream a mbíodh aicídí orthu ag brú isteach air le cuimilt leis. 11Agus níl sprid neamhghlan a chonaic é nár thit os a choinne agus nár ghlaoigh os ard, “Is tú Mac Dé.” 12Agus bhagair sé go dian orthu gan a n‑aithne air a ligean le haon duine. 13Agus chuaigh sé suas i measc na gcnoc, agus ghlaoigh sé chuige na fir a bhí uaidh; agus tháinig siad chuige. 14Agus cheap sé dáréag, le bheith ina chuideachta, agus lena gcur amach ag seanmóireacht 15agus le húdarás a bheith acu leis na deamhain a chaitheamh amach: 16Síomón ar thug sé Peadar mar fhorainm air; 17Séamas mac Shebidé agus Eoin deartháir Shéamais, ar thug sé Bóanergés mar fhorainm orthu, sé sin clann na toirní; 18Aindrias, agus Pilib, agus Parthalón, agus Matha, agus Tomás, agus Séamas mac Alfaeus, agus Tadéus, agus Siomón as Cána, 19agus Iúdás Iscariót, an té a bhraith é.
Chuaigh sé abhaile ansin; 20agus chruinnigh an mórshlua le chéile arís, ionas nárbh fhéidir leo fiú bia a chaitheamh. 21Agus nuair a chuala a chairde sin, chuaigh siad amach le breith air, mar dúirt siad, “Is as a chiall atá sé.” 22Agus dúirt na scríobhaithe a tháinig anuas ó Iarúsailéim, “Tá Beelsebúl ina chorpsan, agus bíonn taoiseach na ndeamhan ag cuidiú leis na deamhain a chur amach as na daoine.” 23Agus ghlaoigh sé orthu chuige, agus dúirt sé leo i bhfáithscéalta, “Conas a chuirfeadh Sátan Sátan amach? 24Má roinntear ríocht ina héadan féin, ní fhéadfaidh an ríocht sin seasamh. 25Agus má scoiltear teach ina éadan féin, ní fhéadfaidh an teach sin seasamh. 26Agus más rud é go bhfuil Sátan i ndiaidh éirí amach ina aghaidh féin, agus é easaontach leis féin, ní féidir leis seasamh, ach tá a ré caite. 27Ach ní féidir do dhuine dul isteach i dteach an fhir thréin agus a mhaoin a thabhairt leis, mura mbíonn an fear tréan ceangailte aige an chéad uair; má tá, féadann sé creach a dhéanamh dá theach.
28“Deirim libh i bhfírinne go maithfear don Ádhamhchlann a ndéanann siad de pheacaí, agus a ndeir siad de dhiamhasla; 29ach an té a thugas masla don Spiorad Naomh níl maithiúnas le fáil aige, ach tá peaca síoraí air” 30—óir bhí siad i ndiaidh a rá, “Tá sprid neamhghlan ann.”
31Agus tháinig a mháthair agus a dheartháireacha; agus dʼfhan siad ina seasamh amuigh, agus chuir siad fios air. 32Agus bhí slua ina suí ina thimpeall; agus dúradh leis, “Tá do mháthair agus do dheartháireacha amuigh agus iad do dʼiarraidh.” 33Agus dʼfhreagair sé, “Cé hiad mo mháthair agus mo dheartháireacha?” 34Agus dʼfhéach sé thart ar an dream a bhí ina suí ina thimpeall, agus dúirt sé, “Seo iad mo mháthair agus mo dheartháireacha. 35Cibé duine a dhéanas toil Dé is é an duine sin mo dheartháir, agus mo dheirfiúr agus mo mháthair.”

Právě zvoleno:

Marcas 3: OC1970

Zvýraznění

Sdílet

Kopírovat

None

Chceš mít své zvýrazněné verše uložené na všech zařízeních? Zaregistruj se nebo se přihlas