Matha 13

13
1An lá céadna sin do chuaidh Íosa amach as an tigh, agus bhí sé ’n‐a shuidhe ar bhruach na fairrge. 2Agus do chruinnigh na sluaighte móra chuige, ionnas go ndeachaidh sé isteach i mbád, agus gur shuidh sé innti; agus do bhí an sluagh go léir ’n‐a seasamh ar an dtráigh. 3Agus do mhúin sé mórán neithe i samhlaoidibh dhóibh, agus adubhairt sé, Féach, do chuaidh síoladóir amach ag cur síl; 4agus ag cur an tsíl dó, thuit cuid de le h‐ais an bhealaigh mhóir, agus tháinig na h‐éanlaithe agus d’itheadar é: agus do thuit cuid eile dhe ar thalamh clochach, 5i n‐áit nach raibh mórán úire aige: agus d’fhás se go luath, toisc nach raibh aon doimhneacht úire aige: 6agus nuair d’éirigh an ghrian, do dóigheadh é, agus de bhrigh nach raibh aon fhréamh aige, d’fheogh sé. 7Agus do thuit cuid eile dhe ar an drisleach; agus d’fhás an drisleach, agus do thacht sé é; 8agus do thuit cuid eile dhe ar an talamh maith, agus thug sé toradh uaidh, cuid de fá chéad, cuid eile fá thrí fichid, cuid eile fá thriochaid. 9An té ag a bhfuil cluasa chum éisteachta, éisteadh sé. 10Agus tháinig na deisceabail, agus adubhradar leis, Cad chuige a labhrann tú leo i samhlaoidibh? 11Agus d’fhreagair sé, agus adubhairt, Tugadh dhaoibh‐se eolas ar rúin‐diamhair ríoghachta na bhflaitheas, acht ní tugadh dhóibh‐siúd é. 12Óir an té ag a bhfuil nidh, do‐bhéarfar dó, agus béidh flúirse aige: acht an té nach bhfuil éinnidh aige, bainfear de fiú amháin a bhfuil aige. 13Is ar an adhbhar sin labhraim leo i samhlaoidibh: óir, gidh go bhfuil radharc aca, ní fheiceann siad, agus gidh go bhfuil éisteacht aca, ní chluineann siad, agus ní thuigeann siad. 14Agus cóimhlíontar, ’n‐a dtaobhsan, tarngaireacht Ésáias adeir,
Le h‐éisteacht cluinfidh sibh, agus ní thuigfidh sibh;
Agus ag féachaint daoibh, dearcfaidh sibh, agus ní fheicfidh sibh;
15Óir atá croidhe an phobail seo dúr,
Agus cluineann siad agus bodhaire ’n‐a gcluasaibh,
Agus atá a súile dúnta aca;
Ar eagla go bhfeicfidís le n‐a súilibh,
Agus go gcluinfidís le n‐a gcluasaibh,
Agus go dtuigfidís le n‐a gcroidhe
Agus go n‐iompóchaidís,
Agus go leigheasfainn iad.
16Acht is aoibhinn d’bhúr súilibh‐se, óir do‐chíd: agus do bhúr gcluasaibh, óir do‐chluinid.
17Óir adeirim libh go fírinneach, gurbh iomdha fáidh agus fíréanach gur mhian leo na neithe do‐chí sibh‐se d’fheicsin, agus nach bhfacadar iad; agus na neithe do‐chluin sibh‐se do chluinsin, agus nach gcualadar iad. 18Éistidh, mar sin, le samhlaoid an tsíoladóra. 19Nuair do‐chluin aoinneach briathar na ríoghachta, agus nach dtuigeann sé é, tig an ainspioraid, agus sciobann sí léi an nidh do cuireadh ’n‐a chroidhe. Is é sin an té ’n‐ar cuireadh an síol le h‐ais an bhealaigh mhóir. 20Agus an duine ’n‐ar cuireadh an síol ins na h‐áiteannaibh clochacha, is é sin an duine do‐chluin an briathar, agus ghlacas le h‐áthas ar an láthair é; 21acht ní fhuil aon fhréamh aige ann féin, acht seasann sé ar feadh scathaimh; agus nuair éirigheas trioblóid nó géirleanmhain, mar gheall ar an mbriathar, glacann sé scannal ar an láthair. 22Agus an duine ’n‐ar cuireadh an síol sa drisleach, is é sin an té do‐chluin an briathar; agus tachtann cúram an tsaoghail, agus mealladh an tsaidhbhris an briathar, agus bíonn sé gan toradh. 23Agus an duine ’n‐ar cuireadh an síol sa talamh maith, is é sin an té do‐chluin an briathar, agus thuigeas é; agus do‐bheir toradh uaidh, cuid de fá chéad, cuid de fá thrí fichid, cuid de fá thriochaid.
24Agus do chuir sé samhlaoid eile rómpa, g‐á rádh, Is cosmhail ríoghacht na bhflaitheas le duine do chuir síol maith ’n‐a ghort: 25acht nuair do bhí na daoine ’n‐a gcodladh, tháinig a námhaid agus do chroith sé cogal i measc na cruithneachtan, agus d’imthigh sé. 26Acht nuair d’fhás an geamhar, agus thug sé toradh, annsin do‐chonnacthas an cogal, leis. 27Annsin tháinig na searbhóntaí chum fir an tighe, agus adubhradar leis, A dhuine uasail, nach síol maith do chuiris id’ ghort? Cad fá ndeara an cogal bheith ann mar sin? 28Agus adubhairt seisean leo, Námhaid do‐rinne é sin. Agus adeir na searbhóntaí leis, An áil leat go rachaimíd agus go gcnuasfaimíd é? 29Acht adubhairt seisean, Ní h‐áil liom; ar eagla, ag cnuasach an chogail daoibh, 30go sracfadh sibh an chruithneacht as a fhréamhachaibh leis. Leigidh dhóibh araoin fás go dtí an fóghmhar: agus i n‐aimsir an fhóghmhar adéarfad‐sa leis na buanaidhthibh, Bailighidh ar dtús an cogal, agus ceanglaidh é ’n‐a phunnannaibh le dóghadh; acht bailighidh an chruithneacht isteach im’ scioból.
31Do chuir sé samhlaoid eile rómpa, g‐á rádh, Is cosmhail ríoghacht na bhflaitheas le gráinne síl mustáird, do ghlac duine chuige, agus do chuir ’n‐a ghort: 32is é sin an síol is lugha d’á bhfuil ann; acht nuair fhásas sé, is é an luibh is mó d’á bhfuil ann, agus éirigheann sé ’n‐a chrann, i dtreo go dtig éanlaithe an aéir agus go neaduighid ’n‐a ghéagaibh.
33Do labhair sé samhlaoid eile leo: Is cosmhail ríoghacht na bhflaitheas le laibhín do ghlac bean, agus do chuir i bhfolach i dtrí tómhasaibh mine, nó gur ghlac an t‐iomlán de an laibhín.
34Do labhair Íosa na neithe sin uile leis na sluaightibh i samhlaoidibh; agus nior labhair sé leo‐san acht i samhlaoidibh: 35ionnas go gcóimhlíonfaidhe an nidh adubhradh tríd an bhfáidh, g‐á rádh,
Fosclóchad mo bhéal i samhlaoidibh;
Nochtfad neithe atá i bhfolach ó cruthuigheadh an domhan.
36Annsin d’fhág sé na sluaighte, agus do chuaidh sé isteach sa tigh: agus tháinig a dheisceabail chuige, g‐á rádh, Mínigh dhúinn samhlaoid an chogail sa ngort. 37Agus d’fhreagair sé agus adubhairt, An té chuireas an síol maith, is é Mac an Duine é; 38agus is é an domhan an gort; agus is iad clann na ríoghachta an síol maith; agus is iad clann an droich‐spioraid an cogal; 39agus is é an diabhal an námhaid do chuir iad: agus is é deireadh an tsaoghail an fóghmhar; agus is iad na h‐aingil na buanaidhthe, 40Agus fá mar bailightear an cogal agus dóightear é le teinidh; mar sin bhéas i ndeireadh an tsaoghail. 41Cuirfidh Mac an Duine a aingil amach, agus baileochaidh siad as a ríoghacht gach adhbhar scannail, agus lucht déanta an uilc, 42agus caithfidh sé isteach sa teinidh loiscnigh iad: annsin béidh gol agus gíoscán fiacal. 43Annsin béidh na fíréin ag soillsiú ar nós na gréine i ríoghacht a nAthar. An té ag a bhfuil cluasa chum éisteachta, éisteadh sé.
44Is cosmhail ríoghacht na bhflaitheas le ciste i bhfolach i ngort; go bhfuair duine, agus gur chuir sé fá cheilt é; agus tré mhéid a áthais imthigheann sé, agus díolann sé a bhfuil aige, agus ceannuigheann sé an gort sin.
45Arís, is cosmhail ríoghacht na bhflaitheas le ceannaidhe agus é ar lorg péarla luachmhair: 46agus nuair fuair sé péarla an‐luachmhar amháin, d’imthigh sé, agus do dhíol sé a raibh aige, agus do cheannuigh sé é.
47Arís, is cosmhail ríoghacht na bhflaitheas le líon do cuireadh isteach sa bhfairrge, agus do thóg gach uile shórt éisc: 48agus nuair do bhí sé lán, do tarraingeadh é ar an gcladach; agus ar suidhe dhóibh, do bhailigh na daoine na h‐iascanna maithe i soithighibh, acht do chaitheadar uatha na droch‐iascanna. 49Mar sin bhéas i ndeireadh an tsaoghail: tiocfaidh na h‐aingil amach, agus deaghlóchaid na droch‐dhaoine as lár na bhfíréan, 50agus caithfid isteach sa teinidh loiscnigh iad: annsin béidh gol agus gíoscán fiacal.
51Ar thuigeabhar an méid sin? Adubhradar leis, Do thuigeamar. 52Agus adubhairt seisean leo, D’á bhrigh sin, gach scríobhaidhe atá ’n‐a dheisceabal do ríoghacht na bhflaitheas, is cosmhail é le fear tighe, do‐bheir amach as a chiste neithe nua agus neithe seanda.
53Agus tharla, nuair do bhí na samhlaoidí críochnuighthe ag Íosa, gur imthigh sé as an áit sin. 54Agus ag teacht isteach ’n‐a dhúthaigh féin dó, thug sé teagasc dóibh ’n‐a sionagóig, i dtreo go raibh iongnadh ortha, agus go ndubhradar, Cá bhfuair an fear so an eagna, agus na cumhachta móra so. 55Nach é seo mac an tsiúinéara? Nach dtugtar Muire ar a mháthair? agus Séamas, agus Seosamh, agus Síomón, agus Iúdás ar a dhearbhráithribh? 56Agus a dheirbhsheathracha, nach bhfuilid‐sean go léir ’n‐ár measc. Cad as, mar sin, a bhfuair an fear so na neithe sin go léir? 57Agus fuaradar scannal ann. Acht adubhairt Íosa leo, Ní bhíonn fáidh gan onóir, acht ’n‐a dhúthaigh féin, agus ’n‐a theaghlach féin. 58Agus ní dhearna sé mórán míorbhal san áit sin mar gheall ar a ndíthchreideamh.

Valgt i Øjeblikket:

Matha 13: ATN1951

Markering

Del

Kopiér

None

Vil du have dine markeringer gemt på tværs af alle dine enheder? Tilmeld dig eller log ind