Matha 15

15
1Annsin tháinig Fairisínig agus scríobhaidhthe ó Iarúsalem chum Íosa, g‐á rádh, 2Cad chuige a sáruigheann do dheisceabail‐se gnáith‐chleachta na seanóir? óir ní nigheann siad a lámha nuair bhíos siad ag caitheamh bidh. 3Agus d’fhreagair seisean agus adubhairt sé leo, Cad chuige a sáruigheann sibh‐se aithne Dé ar son bhúr sean‐ghnás? 4Óir adubhairt Dia, Tabhair onóir dot’ athair agus dod’ mháthair: agus an té mhasluigheas a athair nó a mháthair, curtar chum báis é. 5Acht is é adeir sibh‐se, Cibé duine adéarfas le n‐a athair nó le n‐a mháthair, An chuid sin dem’ mhaoin do rachadh i dtairbhe dhuit‐se, is adhbhar íodhbartha é; 6ní onóróchaidh seisean a athair. Agus atá aithne Dé curtha ar neamh‐nidh agaibh ar son bhúr sean‐ghnás. 7A chealgairí, is maith do‐rinne Ésáias fáidheadóireacht i n‐bhúr dtaobh, g‐á rádh,
8Onóruigheann na daoine seo mé le n‐a mbéal;
Acht is fada uaim atá a gcroidhe.
9Acht is baoth an t‐adhradh do‐bheirid dom,
Agus aitheanta daoine d’á múineadh mar theagasc aca.
10Agus do ghlaodh sé chuige an sluagh, agus adubhairt sé leo, Éistidh agus tuigidh: 11An rud théigheas isteach sa mbéal, ní h‐é sin shaluigheas an duine; acht an rud théigheas amach as an mbéal, is é sin shaluigheas an duine. 12Annsin tháinig na deisceabail, agus adubhradar leis, An eol duit gur ghlac na Fairisínigh scannal, nuair do‐chualadar na briathra sin? 13Acht d’fhreagair seisean agus adubhairt, Gach plannda nár chuir m’Athair neamhdhasa, tarraingeochar é as a fhréamhachaibh. 14Leigidh dhóibh siúd: treoraidhthe dalla is eadh iad. Agus má threoruigheann dall dall eile, tuitfid araon sa díg. 15Agus d’fhreagair Peadar, agus adubhairt sé leis, Mínigh dhúinne an tsamhlaoid úd. 16Agus adubhairt sé, An bhfuil sibh‐se gan tuigsin fós? 17Nach dtuigeann sibh, cibé rud théigheas isteach sa mbéal, go dtéigheann sé isteach sa mbolg, agus go gcaithtear é sa gcamra. 18Acht na neithe thigeas amach as an mbéal, is as an gcroidhe thigeas siad; agus is iad‐san shaluigheas an duine. 19Óir is as an gcroidhe amach thig droch‐smaointe, dúnmharbhadh, adhaltrannas, scriapachas, gadaidheacht, fiadhnaise éithigh, dia‐mhasladh: 20is iad sin na neithe shaluigheas an duine: acht biadh d’ithe gan na lámha do nighe, ní shaluigheann sin an duine.
21Agus d’imthigh Íosa as an áit sin, agus do chuaidh sé isteach i gcríochaibh Thuire agus Shídóine. 22Agus féach, tháinig bean Chanáníteach amach as na críochaic sin, agus do liúigh sí, g‐á rádh, Déan thrócaire orm‐sa, a Thighearna, a Mhic Dháibhi; atá m’inghean d’á ciapadh go millteach ag deamhan. 23Acht ní thug seisean aon fhreagra uirthi. Agus tháinig a dheisceabail, agus d’iarradar air, Cuir chum siubhail í siúd; óir atá sí ag síor‐ghlaodhach ’n‐ár ndiaidh. 24Acht d’fhreagair seisean, agus adubhairt, Níor cuireadh mise acht amháin chum na gcaorach fáin de theaghlach Israel. 25Acht tháinig sise, agus do shléacht sí dhó, g‐á rádh, A Thighearna, fóir orm! 26Agus d’fhreagair seisean, agus adubhairt, Ní cuibhe arán na clainne do ghlacadh, agus a chaitheamh chum na ngadhar. 27Acht adubhairt sise, Is fíor sin, a Thighearna, acht itheann na coileáin féin na sprúilleoga thuiteas ó bhórd a máighistir. 28Annsin d’fhreagair Íosa, agus adubhairt sé léi, A bhean, is mór é do chreideamh: go ndéantar duit mar is mian leat. Agus do bhí a h‐inghean leigheasta ó’n uair sin.
29Agus d’imthigh Íosa ó’n áit sin, agus tháinig sé i n‐aice le muir Ghaililé; agus do chuaidh sé suas ar shléibh, agus do shuidh sé ann. 30Agus tháinig sluaighte móra chuige, agus daoine bacacha aca, agus daill, agus balbháin, agus mairtínigh, agus mórán eile, agus do chuireadar síos ag a chosaibh iad; 31agus do leigheas sé iad: i dtreo go raibh iongnadh ar an sluagh, nuair do chonnacadar na balbháin ag labhairt, agus na mairtínigh slán, agus na daoine bacacha ag siubhal, agus radharc ag na dallaibh: agus thugadar moladh do Dhia Israeil.
32Agus do ghlaodh Iosa chuige a dheisceabail, agus adubhairt sé, Atá truagh agam do’n tsluagh, óir atá siad im’ fhochair le trí lá anóis, agus gan éinnidh le n’ithe aca: agus níor mhaith liom iad do chur uaim ’n‐a dtroscadh, ar eagla go dtuitfidís ar an slighe. 33Agus adubhairt na deisceabail leis, Cá bhfuighmís‐ne i bhfásach an oiread sin aráin agus shásóchadh a leithéid de shluagh mór? 34Agus adubhairt Íosa leo, Cá mhéad bollóg atá agaibh? Agus adubhradar, A seacht, agus roinnt d’iascaibh beaga. 35Agus d’órduigh sé do’n tsluagh suidhe síos ar an talamh; 36agus do ghlac sé na seacht mbollóga agus na h‐iascanna, agus do ghabh sé buidheachas, agus do bhris sé iad, agus thug sé do na deisceablaibh iad, agus thug na deisceabail do’n tsluagh iad. 37Agus d’itheadar go léir, agus do bhí a ndóthain aca: agus do thógadar lán seacht gciseán de’n bhiadh briste do fágadh. 38Agus is é méid na ndaoine do bhí ag ithe, ceithre míle fear, taobh amuigh de mhnáibh agus de leanbhaibh.
39Agus do chuir sé uaidh na sluaighte, agus do chuaidh sé isteach i mbád, agus tháinig sé isteach i gcríochaibh Mhagadán.

Valgt i Øjeblikket:

Matha 15: ATN1951

Markering

Del

Kopiér

None

Vil du have dine markeringer gemt på tværs af alle dine enheder? Tilmeld dig eller log ind