Marcus 6
6
Caibidil VI
Ḃeir Íosa teagasc ag Nasair: cuireann sé an dáréag amaċ a ṡeanmóireaċt: coṫuiġeann sé cúig ṁíle le cúig h-aráin: agus siuḃlann sé ar mullaċ na fairrge.
1Agus ar imṫeaċt as sin dó, ċuaiḋ sé go dtí a ṫír féin,#Mait. 13, 54; Lúc. 4, 16. agus lean a ḋeisciobail é.
2Agus nuair a ṫáinic an tsabóro, ṫoisiġ sé a teagasc san tsineagóig, agus ċuala mórán é agus rinne siad iongantas dá teagasc, ag ráḋ: Cá ḃfuair sé seo na neiṫe seo uilig? Agus cad é an eagna seo a tugaḋ dó, agus a leiṫéroí de ṁíorḃailte agus atá dá ndéanaṁ tré n-a láṁa?
3Naċ é seo an saor, mac Ṁuire, bráṫair Séamuis, agus Ióseṗ, agus Iúdais, agus Ṡíomoin?#Eoin 6, 42. Naċ ḃfuil a ḋeirḃṡeaṫraċa fosta annseo i n-ár measc? Agus fuair siad scainneal ann.
4Agus duḃairt Íosa leo: Ní ḃíonn fáiḋ gan onóir, aċt ina ṫír féin, agus ina ṫiġ féin, agus imeasc a ṁuinntire féin.#Mait. 13, 57; Eoin 4, 24; Eoin 4, 44.
5Agus níorḃ ḟéidir leis#6, 5 Níorḃ ḟéidir leis, ⁊c. Ní díoġḃáil cuṁaċta, aċt de ḃríġ nár ṁian leis míorḃailte a ḋéanaṁ i ḃfaḃar le daoine a ḃí ceanndána agus míċreidṁeaċ, agus nárḃ airiḋe orṫa faḃair dá leitéid. aon ṁíorḃail a ḋéanaṁ annsin, aċt beagán de ḋaoine breoiḋte a leiġeas tré ċur a láṁ orṫa.
6Agus ba iongnaḋ leis a n-easbaiḋ creidiṁ; agus ṫaisteal sé na bailte ṫart timċeall ag teagasc.
7Agus ġoir sé an dáréag,#Mait. 10, 1; Lúc. 9, 1. agus ṫoisiġ sé a gcur ina mbeirt agus ina mbeirt, agus ṫug sé cuṁaċt dóiḃ ar na spioraid neaṁġlana.
8Agus dʼórduiġ sé dóiḃ gan aon níḋ a ṫaḃairt leo ċun an ḃealaiġ, aċt aṁáin bata: gan mála, gan arán, agus gan airgead ina gcrios,
9Aċt cuaráin#Gníoṁ. 12, 8. a ċaiṫeaṁ, agus gan ḋá ċóta a ḃeiṫ orṫa.
10Agus duḃairt sé leo: Cibé áit ma raċaiḋ siḃ isteaċ i dtiġ, fanaigiḋ annsin go dtí go n-imṫiġiḋ siḃ as an áit sin,
11Agus cibé ar biṫ iad naċ ḃfáilteoċaiḋ róṁaiḃ agus naċ n-éistfiḋ liḃ, ag imṫeaċt as sin díḃ, craiṫigiḋ an dusta de ḃur gcosa mar ḟiaḋnaise ina n-aġaiḋ.#Mait. 10, 14; Lúc. 9, 5; Gníoṁ. 13, 51, agus 18, 6.
12Agus ċuaiḋ siad amaċ agus dʼḟuagair siad aiṫriġe a ḋéanaṁ,
13Agus ṫeilg siad amaċ mórán deaṁan, agus rinne siad mórán daoine breoiḋte dʼungaḋ#Séamus 5, 14. le h-ola, agus leiġeas siad iad.
14Agus ċuala loruaḋ,#Mait. 14, 1; Lúc. 9, 7. rí, seo (óir ṫáinic cliú ar a ainm#6, 14 A ainm. Ainm Íosa.), agus deireaḋ sé: Dʼéiriġ Eoin Baiste arís ó na mairḃ, agus dá ḃríġ sin tá míorḃailte dá n-oibriuġaḋ tríd.
15Agus deireaḋ daoine eile: Is é Elias é. Aċt deireaḋ tuilleaḋ: Is fáiḋ mar ḋuine de na fáiḋe é.
16Nuair a ċuala Ioruaḋ sin, duḃairt sé: Eoin ar ḃain mise an ceann de, is é seo é a dʼéiriġ arís ó na mairḃ.
17Óir ċuir loruaḋ é féin daoine amaċ gur ġaḃ#Mait. 14, 4; Lúc. 3, 19. sé Eoin, agus ċeangail sé i bpríosún é, mar ġeall ar Herodias, bean Ṗilip, a ḋearḃráṫair, óir ṗós sé í.
18Óir duḃairt Eoin le h-Ioruaḋ: Ní ḟuil sé dlisteannaċ agat bean do ḋearḃráṫar a ḃeiṫ agat.#Leiḃ. 18, 16.
19Agus ḃíoḋ Herodias ag déanaṁ ceilge ina aġaiḋ, agus fonn uirṫí é a ṁarḃaḋ, aċt níor éiriġ léi.
20Óir ḃí eagla ar Ioruaḋ roiṁ Eoin, mar go raiḃ a ḟios aige é ḃeiṫ ina ḟear ċóir, naoṁṫa, agus ċoiṁéad sé é#6, 20 Ċoiṁéad sé é. Ċoiṁéad sé é ar ċeilt Herodiaise; ar eagla roiṁ na daoine ní ċuirfeaḋ sé ċun báis é, gró go mbíoḋ sise ġá iarraiḋ sin: dʼéiriġ léi a toil a ċur i gcríċ le congnaṁ a h-inġine., agus ġníoḋ sé mórán neiṫe ar a ċóṁairle, agus dʼéisteaḋ sé leis go fonnṁar.
21Agus nuair a ṫárla lá oireaṁnaċ, rinne loruaḋ suipéar i gcóṁair an lae ina rugaḋ é do ṫaoisiġ, dʼoificiġ, agus dʼuaisle na Gailile,
22Agus nuair a ṫáinic mġean na Herodiaise úd isteaċ, agus rinne sí daṁsa, agus ṫaitin sí le h-Ioruaḋ agus le n-a raiḃ ag caiṫeaṁ bíḋ ina ċuroeaċta, duḃairt an rí leis an ċailín: Iarr cibé is mian leat orm, agus ḃéarfaiḋ mé duit é.
23Agus ṁionnuiġ sé dí: Cibé rud a iarrfas tú, ḃéarfaiḋ mé duit é, ḃíoḋ gur leaṫ mo ríoġaċta é.
24Agus nuair a ċuaiḋ sí amaċ, duḃairt sí le n-a ṁáṫair: Cad é iarrfas mé? Agus duḃairt sise: Ceann Eoin Baiste.
25Agus gan ṁoill ṫáinic sí isteaċ fá ḋeifre ċuig an ríġ, agus rinne aṫċuinge, ag ráḋ: Is toil liom go dtaḃarṫá daṁ láiṫreaċ ar méis ceann Eoin Baiste.
26Agus ṫáinic aiṫreaċas ar an ríġ; mar ġeall ar a ṁionna agus mar ġeall ar an ṁuinntir a ḃí ag caiṫeaṁ bíḋ leis, níorḃ áil leis mí-ṡásaṁ a ċur uirṫí,
27Aċt ċuir sé gárḋa amaċ agus dʼórḋuiġ dó a ċeann suíd a ṫaḃairt leis ar méis. Agus ḃain sé an ceann de san ṗríosún,
28Agus ṫug sé a ċeann leis ar méis, agus ṫug sé doʼn ċailín é, agus ṫug an cailín dá máṫair é.
29Agus nuair a ċuala a ḋeisciobail seo, ṫáinic siad agus ṫóg leo a ċorp,#Mait. 14, 12. agus ċuir siad i dtuamba é.
30Agus ar ċruinniuġaḋ ċuig Íosa do na h-Abstail, dʼinnis#Lúc. 9, 10. siad dó gaċ níḋ dá ndearna siad agus dár teagasc siad.
31Agus duḃairt sé leo: Taraigiḋ í leiṫ#Mait. 14, 13; Lúc. 9, 10; Eoin 6, 1. go h-áit uaigniġ, agus déanaigiḋ ḃur scíste tamall, Óir ḃí mórán ann ag teaċt agus ag imṫeaċt, agus ní raiḃ am acu fiú ċun biaḋ a ċaiṫeaṁ.
32Agus ar ḋul isteaċ san luing dóiḃ, dʼimṫiġ siad i leaṫ taoiḃ go dtí áit uaigneaċ.
33Agus ċonnaic siad ag imṫeaċt iad, agus ḃí a ḟios sin ag mórán, agus riṫ siad de ṡiuḃal cos annsiúd as na caṫraċa go h-uile, agus ḃí siad ann rompa.
34Agus ag dul amaċ do Íosa ċonnaic sé sluaġ mór,#Mait. 9, 36, agus 14, 14. agus ḃí truaiġe aige dóiḃ, mar go raiḃ siad mar ċaoiriġ gan tréadaiḋe acu, agus ṫoisiġ sé a ṫeagasc mórán neiṫe dóiḃ.
35Agus nuair a ḃí cuid ṁór deʼn lá ċeana féin caiṫte, ṫáinic a deisciobail ċuige agus duḃairt: Is fásaċ an áit seo, agus ċuarḋ an t-am ṫart;
36Cuir ar ṡiuḃal iad go dtéiġiḋ siad isteaċ ms na feirmeaċa agus na bailte is giorra dóiḃ go gceannuiġiḋ siad dóiḃ féin biaḋ a dʼíosaḋ siad.#Lúc. 9, 12.
37Agus duḃairt seisean leo, ġá ḃḟreagairt: Taḃairigiḋ siḃ-se rud le h-iṫe dóiḃ. Agus duḃairt siad leis: Téiġimís agus ceannuiġimís aráin ar ḋá ċéad piġinn, agus ḃéarḟamuro le h-iṫe dóiḃ.
38Agus deir sé leo: Cá ṁéad arán agaiḃ? Imṫiġigiḋ agus feicigiḋ. Agus nuair a ḃí a fios acu, deir siad: Cúig cinn, agus ḋá iasc.
39Agus dʼórduiġ#Eoin 6, 10. sé dóiḃ an t-iomlán a ċur ina suiḋe ina gcuideaċtain ar an ḟéar ġlas.
40Agus ṡuiḋ siad síos ina mbuiḋeanta de ċéadtaí agus de ċaogaid.
41Agus ag glacaḋ na gcúig n-arán agus an dá iasc dó, dʼaṁarc sé suas ar neaṁ, ḃeannuiġ agus ḃris sé na h-aráin, agus ṫug dá ḋeisciobail iad le cur ós a gcóṁair, agus rann sé an dá iasc orṫa uilig.
42Agus dʼiṫ siad uilig agus ḃí a sáiṫ acu.
43Agus ṫóg siad an fuiġleaċ, ḋá ḃascáid ḋéag lán de ċonamair, agus de na h-éisc.
44Agus ḃí an méro a dʼiṫ i lion a gcúig mile fear.
45Agus ar an ḃall ṫug sé ar a ḋeisciobail dul san luing, go dtéiġeaḋ siad roiṁe ṫar uisce go Beṫsaroa, nó go gcuireaḋ sé féin na daoine ar ṡiuḃal.
46Agus nuair a ċuir sé ar ṡiuḃál iad, dʼimṫiġ sé suas ar an tsliaḃ a ḋéanaṁ urnaiġe.
47Agus nuair a ḃí deireaḋ an lae ann, ḃí an long i lár na mara, agus ḃí sé féin ina aonar ar an talaṁ.
48Agus ċonnaic sé iad fá ṡaoṫar ag iomraṁ (óir ḃí an ġaoṫ ina n-éadan),#Mait. 14, 24. agus timċeall na ceaṫraṁaḋ faire deʼn oiḋċe tig sé ċuca ag siuḃal ar an ḟairrge, agus ṁeas sé dul ṫarstú.
49Aċt nuair a ċonnaic siad-san é ag siuḃal ar an ḟairrge, ṡíl siad gur saṁailt a ḃí ann, agus leig siad uaill astú.
50Óir ċonnaic siad uilig é, agus ḃí scannruġaḋ orṫa. Agus laḃair seisean leo ar an ḃomaite, agus duḃairt sé leo: Bíoḋ misneaċ agaiḃ; is mise atá ann; ná bíoḋ eagla oraiḃ.
51Agus ċuaiḋ sé suas ar an luing ċuca, agus stad an ġaoṫ. Agus ba ṁóroe go mór an t-uaṫḃás a ṫáinic orṫa ina n-aigne.
52Óir níor ṫuig siad fá na h-aráin; óir ḃí a gcroiḋe dúr.
53Agus nuair a ċuaiḋ siad trasna, ṫáinic siad go tír Ġenesaret,#Mait. 14, 34. agus ċuir siad i dtír.
54Agus nuair a ṫáinic siad amaċ as an luing, dʼaiṫin siad eisean láiṫreaċ,
55Agus ag riṫ fríd an ċeanntar sin uilig dóiḃ, ṫoisiġ siad ar iomċar na ndaoine breoiḋte ṫart ar sráideogaí, áit a gcluineaḋ siad é ḃeiṫ ann.
56Agus cibé áit ina dtéiġeaḋ sé isteaċ, i mbailte, nó i ḃfeirmeaċa, nó i gcaṫraċa, leagaḋ siad na daoine breoiḋte ar na sráiḋeaċa, agus dʼiarraḋ siad air leigint dóiḃ baint fiú le feaiṫim a éidiḋ; agus an méid a ḃain, rinneaḋ slán iad.
Zur Zeit ausgewählt:
Marcus 6: ASN1943G
Markierung
Kopieren
Vergleichen
Teilen
Möchtest du deine gespeicherten Markierungen auf allen deinen Geräten sehen? Erstelle ein kostenloses Konto oder melde dich an.
rights held by the Bible Society in Northern Ireland