Lúcás 2
2
CAIBIDIOL II.
Beirtear Críost. Tugtar do’n Tiġearna é. Targaireaċt Simeón. Faġtar Críost, i n-aoír a ḋá ḃlian déag, ameasg na ndoċtúirí.
1Do ṫárla, áṁṫaċ, ins na laeṫiḃ sin go ndeaġaiḋ reaċt amaċ ó Ċaesar August go ndéanfaí áireaṁ ar an ndoṁan go léir. 2Do deineaḋ an ċéad áireaṁ so nuair a ḃí Curínus i n’ uaċtarán ar críċ Síria. 3Agus do ġluais na daoine go léir ċun go ndéanfaí iad d’áireaṁ, gaċ aoinne ’n-a ċaṫair féin. 4Agus ċuaiḋ Ióseṗ ó Ġaililí, ó ċaṫair Nasareit, suas go Iúdaéa, go #1 Ríġ. 20:6.caṫair Ḋáiḃid ar a dtugtar #Mích. 5:2.Betlehem, toisg go mba de ṫeaġlaċ agus de ṡlioċt Dáiḃid é. 5Ċun go ndéanfaí é ḋ’áireaṁ i n-aonḟeaċt le Muire, a ḃan-ċéile a ḃí ag iompar clainne.
6Agus do ṫárla, agus iad ann, go dtáinig a h-aimsir ċun na clainne do ḃreiṫ; 7Agus do rug sí a mac, a céadġein, agus d’ḟill sí i n-éadaiġiḃ é, agus ċuir sí ’n-a luiġe i mainséar é, mar ní raiḃ aontslíġ ḋóiḃ sa tiġ ósda.#2:7 Ver. 7. a céadġein, Ní h-aṁlaiḋ a ċialluiġeann an ċaint go raiḃ tuille clainne aici n-a ḋiaiḋ san. Nós cainte ag na h-eaḃraiġ ab eaḋ “céadġein” do ṫaḃairt ar leanḃ bíoḋ ná beaḋ ag an lánṁain sin aċ an t-aon leanḃ aṁáin sin.
8Agus do ḃí aoḋairí sa ċeanntar ċéadna agus iad ag faire na dtráṫ sa n-oiḋċe ar a dtréad. 9Agus féaċ, ṫáinig aingeal ó’n dTiġearna agus ṡeasaiṁ sé ’n-a n-aice, agus do las solus Dé ’n-a dtímpal, agus ṫáinig eagla mór orṫa. 10Agus duḃairt an t-aingeal leó: Ná bíoḋ eagla oraiḃ, mar féaċ, tugaim sgéala ḋaoiḃ ar lúṫġáir ṁór atá le teaċt ċun na ndaoine go léir; 11mar go ḃfuil Slánuiġṫeóir beirṫe ḋaoiḃ indiu, ’sé sin Críost an Tiġearna, i gcaṫair Dáiḃid. 12Agus seo cóṁarṫa ḋaoiḃ: Ġeoḃaiḋ siḃ an leanḃ fillte i n-éadaiġiḃ ’n-a luiġe i mainséar. 13Agus láiṫreaċ do ḃí i ḃfoċair an aingil mór-ṡluaġ na ḃflaṫas agus iad ag molaḋ Dé, agus deiridís: 14Glóire do Ḋia ins na flaṫais go h-árd, agus ar talaṁ síoṫcáin do luċt deaġ-ṁéinne.
15Agus do ṫárla, nuair a d’imṫiġ na h-aingil uaṫa suas ins na flaṫais, gur laḃair na h-aoḋairí le n-a ċéile: Téiġmís go Betlehem agus feicimís an briaṫar so do ṫárla ann, agus a ṫaisbeáin Dia ḋúinn. 16Agus ṫánadar ar luas, agus do fuaradar Muire agus Ióseṗ, agus an leanḃ ’n-a luiġe sa ṁainséar. 17Agus nuair a ċonacadar do ṫuigeadar ’n-a n-aigne i dtaoḃ an ḃréiṫir a laḃraḋ leó ar an leanḃ san. 18Agus gaċ ar airiġ iad, ḋeineadar iongna de sna neiṫe a ḋ’innis na h-aoḋairí ḋóiḃ. 19Agus do ċoimeád Muire na laḃarṫa san go léir, ġá mbreiṫniú ’n-a croiḋe. 20Agus d’ḟill na h-aoḋairí agus ṫugadar molaḋ agus glóire do Ḋia mar ġeall ar a ḃfeacadar agus ar ar ċloiseadar, fé mar a duḃraḋ leó.
21 #
Gen. 17:12; Leḃit. 12:3. Agus nuair a críoċnuiġeaḋ an t-oċt lá agus a deineaḋ an tímpalġearraḋ ar an leanḃ, do tugaḋ mar ainim air ÍOSA, an ainim a ṫug an t-aingeal air sar ar gaḃaḋ é sa broinn.
22Agus nuair a ḃí laeṫanta a h-íoḋnuiġṫe caiṫte #Leḃit. 12:6.do réir dlíġe Ṁaoise, do rugadar leó an leanḃ go Ierúsalem ċun go gcuirfidís i láṫair an Tiġearna é, 23Do réir mar atá sgríoḃṫa i ndlíġ an Tiġearna: #Exod. 13:2; Uiṁ. 8:16.Gaċ firean ag osgailt broinne is naoṁṫa ċun an Tiġearna é. 24Agus ċun go dtaḃarfaidís an ofráil #Leḃit. 12:8.mar a h-órduiġṫear i ndlíġ an Tiġearna, cúpla colúr nó ḋá ġearrcaċ colúir.
25Agus féaċ, ḃí i n-Ierúsalem duine dár ḃ’ainim Simeón, agus ḃí an duine sin fíoraonta, diaḋa, ag súil le sólás Israéil, agus ḃí an Spioraid Naoṁ ann. 26Agus do tugaḋ foillsiú ḋó ó’n Spioraid Naoṁ ná feicfeaḋ sé bás ċun go ḃfeicfeaḋ sé Críost an Tiġearna. 27Agus ṫáinig sé, sa spioraid, isteaċ sa teampul. Agus nuair a ṫug a ṁuintir an leanḃ Íosa isteaċ ann, ag cóṁlíonaḋ nóis na dlíġe ḋó; 28Do ṫóg seisean ċuige i n’uċt é, agus ṫug sé molaḋ do Ḋia agus duḃairt sé:
29Anois a leigeann tú ċun siuḃail, a Ṫiġearna, do seirḃíseaċ, do réir t’ḟocail i síoṫċáin, 30Óir ċonaic mo ṡúile do ṡlánú, 31A ḋ’ollaṁuiġis os cóṁair na bpobal go léir; 32Solus ċun na ngeinte do ṡoillsiú, agus glóire do d’ṗobul féin Israél.
33Agus ḃí Ióseṗ agus an ṁáṫair ag déanaṁ iongna de sna neiṫe a ḃí d’á ráḋ ’n-a ṫaoḃ; 34Agus do ċuir Simeón a ḃeannaċt orṫa, agus duḃairt sé le Muire a ṁáṫair: Féaċ, #Isáias 8:14.tá so ceapaiṫe ċun díṫe agus ċun aiseiriġṫe ḋ’á lán i n-Israél, agus ċun ḃeiṫ ’n-a ċóṁarṫa a ġeoḃaiḋ diúltaḋ;#2:34 Ver. 34. ċun díṫe Táinig Críost ċun na cine daona go léir do ṡaoraḋ, aċ d’innis Simeón anso an níḋ a ḃí le teaċt .i. go mbeaḋ a lán a ḋiúltóċaḋ’, tré n-a gceanntréine féin agus tré n-a ndaille toilteanaċ féin, do ṫeagasg Críost, agus ná glacfaḋ an ċreideaṁ, agus go mbeaḋ san ’n-a ṫrúig díṫe ḋóiḃ; agus go mbeaḋ a lán eile a ḃeaḋ uṁal do Críost agus do ġlacfaḋ an creideaṁ agus a ċimeadfaḋ a ḋlíġ, agus go mbeaḋ san, i n’ aḋḃar aiseiriġṫe ḋóiḃ sin. 35Agus raġaid claiḋeaṁ tré t’anam-sa féin, ionus go noċtfaí smuínte as mórán croiḋṫe.
36Agus ban-ḟáiḋ dob’ eaḋ Anna inġean Ṗanuéil, de ṫreiḃ Aser, agus ḃí sí tar éis mórán laeṫanta ċur di, agus ḃí sí tar éis seaċt mbliana ó n-a h-óige do ċaiṫeaṁ agá fear. 37Agus ḃí sí sin ’n-a baintriġ go dtí go raiḃ sí ceiṫre bliana agus ċeiṫre fiċid, agus ní ḟaġaḋ sí an teampal, aċ ag déanaṁ trosgaiḋ agus úrnuiġṫe i n-onóir do Ḋia do ló agus d’oiḋċe. 38Agus ṫáinig sí sin do láṫair an uair ċéadna, agus d’adṁuiġ sí an Tiġearna agus do laḃair sí ’n-a ṫaoḃ le gaċ duine a ḃí ag súil le fuasgailt Israéil.
39Agus nuair a ḃí gaċ níḋ cóṁliónta acu do réir dlíġe an Tiġearna, d’ḟilleadár go Gaililí agus go dtí a mbaile féin Nasaret.
40Agus d’fás an mac agus do neartuiġ sé, lán d’eagna, agus ḃí grásta Dé ann.
41Agus do ṫéiġeaḋ a ṁuintir go Ierúsalem gaċ bliain uim ḟéile na Cásga. 42Agus nuair a ḃí sé ḋá ḃliain déag do ċuadar suas go Ierúsalem do réir ġnáis na féile, 43Agus nuair a ḃí na laeṫanta caiṫte agus iad ag filleaḋ d’ḟan an mac, Íosa, i n-Ierúsalem, agus ní raiḃ a ḟios san agá ṁuintir. 44Ċeapadar go raiḃ sé ameasg na ndaoine, agus ṫánadar siuḃal aon lae ar aġaiḋ, agus ḃíodar ’ġá lorg ameasg a ngaolta agus a luċt aiṫne, 45Aċ ní ḃfuaradar é, agus d’ḟilleadar go Ierúsalem, ’ġá lorg. 46Agus do ṫárla, tar éis trí lá go ḃfuaradar é sa teampul ’n-a ṡuiḋe ameasg na n-ollaṁ, ag éisteaċt leó agus ’ġá gceisdiú. 47Agus ḃí iongna ar a raiḃ ag éisteaċt leis, mar ġeall ar a ġuntaċt agus ar na freagraí a ṫugaḋ sé. 48Agus ḃí iongna orṫa-san nuair a ċonacadar é. Agus duḃairt a ṁáṫair leis: A ṁic, cad é seo atá déanta agat orainn? Féaċ, ḃí t’aṫair agus mise go buarṫa ar do lorg. 49Agus duḃairt sé leó: Cad ċuige go raḃaḃair ar mo lorg? Ná raiḃ ’ḟios agaiḃ náċ foláir mé ḃeiṫ ins na neiṫiḃ a ḃaineann le m’Aṫair? 50Agus níor ṫuigeadar-san an focal a laḃair sé leó. 51Agus d’ḟill sé anuas leó agus ṫáinig sé go Nasaret, agus ḃí sé úṁal dóiḃ. Agus do ċoimeád a ṁáṫair na focail sin go léir ’n-a croiḋe féin.
52Agus do ċuaiḋ Íosa ar aġaiḋ i n-eagna agus i n-aois, agus i ngrásta i láṫair Dé agus daoine.
Currently Selected:
Lúcás 2: ABNPOLG
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
historic text maintained by the Bible Society.