Lúcás 4:5-8
Lúcás 4:5-8 ABNPOLG
Agus do ṡeól an diaḃal é go mullaċ cnuic aoird, agus ṫaisbeáin sé do, i n-aon ṗúnc aṁáin aimsire, ríġeaċta an doṁain go léir, Agus duḃairt sé leis: Taḃarfad-sa ḋuit-se na cóṁaċta san uile go léir, agus a ngradam, óir do tugaḋ dom iad, agus tugaim iad do m’roġa duine. D’á ḃríġ sin, má ḋeineann tú mise ḋ’aḋraḋ, ansan os mo ċoṁair, is leat iad go léir. Agus d’ḟreagair Íosa agus duḃairt leis: Tá sgríoḃṫa: Aḋarfaiḋ tú do Ṫiġearna Dia agus déanfair seirḃís dó san aṁáin.