YouVersion Logo
Search Icon

Lúcás 4

4
CAIBIDIOL IV.
Trosgaḋ Ċríost, agus caṫ d’á ċur air. Géarleanṁaint air i Nasaret: A ṁírḃúiltí i gCapbarnaum.
1Agus ḃí Íosa lán de’n Spioraid Naoṁ, agus ṫáinig sé ṫar n-ais ó’n Iórdan, agus do ṡeól an Spioraid isteaċ sa ḃfásaċ é, 2Ar feaḋ daċad lá, agus do cuireaḋ caṫ air ó’n annsprid; agus níor iṫ sé bia i gcaiṫeaṁ na h-aimsire sin; agus nuair a ḃí an aimsir caiṫte ṫáinig ocras air. 3Agus duḃairt an diaḃal leis: Má’s tu Mac Dé abair leis an gcloiċ seo go ndéanfaḋ arán di. 4Agus d’ḟreagair Íosa é: Tá sgríoḃṫa: #Deut. 8:3.Ní h-ar arán aṁáin a ṁaireann an duine aċ ar gaċ briaṫar a ṫagann ó Ḋia. 5Agus do ṡeól an diaḃal é go mullaċ cnuic aoird, agus ṫaisbeáin sé do, i n-aon ṗúnc aṁáin aimsire, ríġeaċta an doṁain go léir, 6Agus duḃairt sé leis: Taḃarfad-sa ḋuit-se na cóṁaċta san uile go léir, agus a ngradam, óir do tugaḋ dom iad, agus tugaim iad do m’roġa duine. 7D’á ḃríġ sin, má ḋeineann tú mise ḋ’aḋraḋ, ansan os mo ċoṁair, is leat iad go léir. 8Agus d’ḟreagair Íosa agus duḃairt leis: Tá sgríoḃṫa: #Deut. 6:13; 10:20.Aḋarfaiḋ tú do Ṫiġearna Dia agus déanfair seirḃís dó san aṁáin. 9Agus do rug sé leis é isteaċ i n-Ierúsalem, agus ċuir sé ’n-a ṡeasaṁ é ar spuaic an teampail, agus duḃairt sé leis: Má’s tu Mac De caiṫ ṫu féin le fánaiḋ; 10Óir tá sgríoḃṫa: #Salm 90:11.Gur ṫug sé órdú ad’ ṫaoḃ d’á aingealaiḃ go ndéanfaidís tu ṫaḃairt saor, 11Agus go ndéanfaidís tu ġaḃáil ’n-a nglacaiḃ sar a’ mbuailfá do ċos i gcoinniḃ cloiċe. 12Agus duḃairt Íosa ’ġá ḟreagraḋ: Tá ráiḋte, leis: #Deut. 6:16.Ná déin froṁaḋ ar do Ṫiġearna Dia. 13Agus nuair a ḃí an caṫ go léir críoċnuiġṫe d’imṫiġ an diaḃal uaiḋ ar feaḋ aimsire.
14Agus ṫáinig Íosa, i gcóṁaċt an Spioraid, ṫar n-air go Gaililí agus ċuaiḋ a ċáil amaċ ar fuid na tíre sin go léir. 15Agus ḃíoḋ sé ag teagasg ins na sinagógaiḃ agus iad go léir ’ġá ṁolaḋ.
16Agus ṫáinig sé go Nasaret mar ar h-oileaḋ é, agus ċuaiḋ sé, mar ba ġnáṫ leis, lá na sabbóide, isteaċ sa tsinagóig, agus d’eiriġ sé ’n-a ṡeasaṁ ċun léiġṫeóireaċta ḋéanaṁ. 17Agus do tugaḋ dó leaḃar Isáias fáiḋ. Agus d’osgail sé an leaḃar go dtáinig sé ċun na h-áite ’n-a raiḃ sgríoḃṫa: 18#Isáias 61:1.Tá Spioraid an Tiġearna orm, agus d’á ḃríġ sin d’ong sé me, ċun soisgéil do ċraoḃsgaoileaḋ do sna boċtaiḃ, do ċuir sé uaiḋ mé ċun luċt an ċroiḋe ḃrúiġte do leiġeas, 19Ċun fuasgailte ḋ’ḟógairt do’n ṁuintir atá i mbraiġdineas, agus raḋarc do sna dallaiḃ, agus dul as do’n ṁuintir atá i gcruaḋtan, ċun bliana faḃair an Tiġearna a ḋ’ḟógairt, agus lae an tuarasdail. 20Agus nuair a ḋún sé an leaḃar agus ṫug sé ṫar n-ais é do’n timṫire, do ṡuiḋ sé; agus ḃí súile a raiḃ de ḋaoine sa tsinagóig dlúiṫte air.
21Agus ṫusnuiġ sé ar a rád leó: Tá an scriptiúir sin tagaiṫe ċun cinn indiu i nḃúr gcluasaiḃ-se. 22Agus ṫugadar go léir fiaḋnuise ḋó; agus dob’ iongna leó an grásta a ḃí sa ċaint a ḃí ag teaċt as a ḃéal, agus deiridís: Náċ é mac Ióseiṗ é seo? 23Agus duḃairt sé leó: Gan aṁras déarfiḋ siḃ liom, mar adeir an seanḟocal, A liaiġ, leiġis ṫu féin. Na neiṫe móra a ḋ’airiġeamair a ḋeinis i gCaṗarnaum, dein anso ad’ ḋúṫaiġ féin iad. 24Agus duḃairt sé leó: Go deiṁin adeirim liḃ, ní glactar aoinne i n’ḟáiḋ ’n-a ḋúṫaiġ féin. 25Deirim liḃ le fírinne go raiḃ mórán baintreaċ i n-Israél i laeṫiḃ Elias, nuair a ḃí an spéir dúnta ar feaḋ trí bliana agus sé ṁí, agus an gorta mór sa tír go léir: 26Agus ní h-ag triall ar aoinne acu do cuireaḋ Elias #3 Ríġ. 17:9.aċ ag triall ar an mnaoi a ḃí ’n-a baintriġ i Sarepta Ṡidónia. 27Agus ḃí a lán loḃar i n-Israél le linn an ḟáiḋ Elisaéus agus níor glanaḋ aoinne acu #4 Ríġ. 5:14.aċ Naaman an Síriánaċ. 28Agus ḃí a raiḃ sa tsinagóig lán d’ḟeirg nuair airiġeadar an ċaint sin. 29Agus d’eiriġeadar agus ċomáineadar amaċ as an gcaṫair é; agus do rugadar leó é go h-imeall an ċnuic ar a raiḃ an ċaṫair déanta, ċun é ċaiṫeaṁ le fánaiḋ. 30Aċ do ġluais sé tré n-a lár agus d’imṫiġ sé uaṫa.
31Agus ċuaiḋ sé síos go Caṗarnaum, caṫair atá i nGaililí, agus ḃí sé ag teagasg na ndaoine ansan gaċ sabbóid. 32Agus ċuireaḋ a ṫeagasg eagla orṫa, mar do laḃair sé fé mar a ḃeaḋ cóṁaċt aige.
33Agus ḃí sa tsinagóig duine n-a raiḃ deaṁan neaṁġlan ann, agus do ġlaoiḋ sé do ġuṫ árd, 34Agus duḃairt: leig dúinn; cad í an ḃaint atá againne leat-sa, a Íosa Nasareit? An ċun sinn a ṁilleaḋ do ṫáinís? Tá ’ḟios agam ce h-é ṫu, Aon Naoṁṫa Dé. 35Agus do smaċtuiġ Íosa é agus duḃairt: Ná laḃair, agus imṫiġ amaċ as. Agus do ċaiṫ an deaṁan an duine ar lár an úrláir, agus d’imṫiġ sé amaċ as gan aon díoḃáil a ḋéanaṁ dó. 36Agus ṫáinig criṫ-eagla ar na daoine go léir, agus ḃiodar ag caint eatarṫa féin, agus deiridís: Cad é seo mar ḃriaṫar, go smaċtuiġeann sé le cóṁaċt agus le neart na h-annspridí neaṁġlana, agus go n-imṫíġid siad amaċ? 37Agus do leaṫ a ċlú ins gaċ aon ṗáirt de’n tír.
38Agus nuair eiriġ Íosa ó’n tsinagóig ċuaiḋ sé isteaċ i dtiġ Ṡímóin, #Mait. 8:14; Marc. 1:31.agus ḃí éagcruas ana-ṫrom ar ṁáṫair céile Ṡímóin, agus ḃíodar ag cur aċainiġe ċuige ar a son. 39Agus do ṡeasaiṁ sé os a cionn agus d’órduiġ sé do’n éagcruas imṫeaċt, agus d’imṫiġ an t-éagcruas di. Agus d’eiriġ sí láiṫreaċ agus ḋein sí frioṫálaṁ orṫa.
40Agus tar éis dul gréine fé, an ṁuintir go raiḃ daoine gan sláinte acu nó go raiḃ aon tsaġas daoine breóite acu ḃíodar ’ġá dtaḃairt ċuige; agus ċuireaḋ sé a láṁ ar gaċ duine acu agus leiġiseaḋ sé iad. 41Agus nuair a ḃíoḋ na deaṁain ag imṫeaċt amaċ as a lán daoine ḃídís ag liúiriġ, agus deiridís: Is tusa Mac Dé; agus do smaċtuiġeaḋ sé iad agus ní leigeaḋ sé ḋóiḃ laḃairt, óir d’aiṫniġdís gur ḃ’é Críost e.
42Agus nuair ṫáinig an lá d’imṫiġ sé amaċ agus ċuaiḋ sé i n-áit uaigneaċ, agus ḃí na sluaiġte ’ġá lorg, agus ṫánadar ċun na h-áite ’n-a raiḃ sé, agus ḃíodar ’ġá ċoimeád le h-eagla go n-imṫeóċaḋ sé uaṫa.
43Agus duḃairt sé leó: Ní foláir dom ríġeaċt Dé do ċraoḃsgaoileaḋ i gcaṫaraċaiḃ eile, óir is ċuige sin a cuireaḋ amaċ mé.
44Agus ḃí sé ag seanmóin i sinagógaiḃ Gaililí.

Currently Selected:

Lúcás 4: ABNPOLG

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in