Lúcás 7
7
CAIBIDIOL VII.
Seirḃíseaċ an taoisiġ céad dá leiġeas ag Críost. Mac na baintiriġe da ṫógaint ó’n mbás aige. Freagra uaiḋ do sna teaċtairí a ṫáinig ó Eóin, agus maiṫeaṁnaċas ’á ṫaḃairt aige do’n ṗeacaċ aiṫríġeaċ.
1Agus nuair a ḃí iomláine a ċainte go léir laḃarṫa aige isteaċ i gcluasaiḃ na ndaoine, ṫainig sé isteaċ go Caṗarnaum. 2Agus ḃí taoiseaċ céad n-a raiḃ seirḃíseaċ leis breóite, agus ba ṁór aige an seirḃíseaċ, agus ḃí sé ag dul ċun báis. 3Agus d’airiġ sé i dtaoḃ Íosa, agus ċuir sé ag triall air seanóirí Iúdaċa ’ġá iarraiḋ air teaċt agus a ṡeirḃíseaċ do leiġeas. 4Agus nuair a ṫánadar-san ag triall ar Íosa d’iarradar go cruaiḋ air dul, agus duḃradar; Is fiú é go ndéanfá an níḋ sin dó, 5Óir tá gráḋ aige d’ár gcine, agus do ċuir sé féin suas sinagóg dúinn. 6Agus ḃí Íosa ag dul leó, agus nuair a ḃíodar tagaiṫe i n-aċmaireaċt do’n tiġ do ċuir an taoiseaċ céad cáirde leis ag triall air ċun a ráḋ: A Ṫiġearna, ná cuir ṫu féin ċun trioblóide, mar ní fiú mise go dtiocfá fá m’ḋíon isteaċ: 7Is uime sin nár ṫuigeas gur ḃ’ḟiú mé mé féin do ḋul ag triall ort; aċ abair i ḃfocal é agus beiḋ mo ṡeirḃiseaċ slán. 8Óir is duine mise atá socair fé smaċt, agus tá fir fé smaċt agam; agus deirim le fear, Imṫiġ, agus imṫiġeann sé; agus le fear eile, Tar, agus tagann sé; agus le m’ṡeirḃíseaċ, Dein so, agus deineann sé é. 9Agus nuair a d’airiġ Íosa an méiḋ sin ḋein sé iongna ḋe, agus d’iompuiġ sé ċun na ndaoine a ḃí ’ġá leanṁaint, agus duḃairt sé leó: Go deiṁin a deirim liḃ, ní’l a leiṫéid sin de ċreideaṁ fáġalta agam i n-Israél féin. 10Agus na daoine a ṫáinig do ċuadar ṫar n-ais aḃaile, agus an seirḃíseaċ a ḃí ag dul ċun báis fuaradar leiġiste é.
11Agus do ṫárla ’n-a ḋiaiḋ san go raiḃ sé ag dul go dtí an ċaṫair ar a dtugtar Náim, agus ḃí a ḋeisgiobuil i n-aonḟeaċt leis agus sluaġ ṁór. 12Agus nuair a ḃí sé ag teaċt ċun geata na caṫaraċ, féaċ, ḃí corp d’á ḃreiṫ amaċ, aonṁac a ḃí agá ṁáṫair, agus baintreaċ ab eaḋ an ṁáṫair; agus ḃí soċraid ṁór de ṁuintir na caṫaraċ léi. 13Agus nuair a ċonaic an Tiġearna í ṫáinig truaġ aige ḋi agus duḃairt sé léi: Ná ḃí ag gol. 14Agus ṫáinig sé agus ċuir sé a láṁ ar an gcóṁrainn. (Agus do stad an ṁuintir a ḃí ag iompar na cóṁran.) Agus duḃairt sé: A óigḟir, deirim leat, eiriġ. 15Agus d’eiriġ an duine marḃ ’n-a ṡuiḋe agus ċrom sé ar ċaint. Agus ṫug sé d’á ṁáṫair é. 16Agus ṫáinig eagal ar na daoine go léir, agus ṫugadar glóire do Ḋia, agus duḃradar: Tá fáiḋ mór eiriġṫe ’n-ár measg, agus #7:16 .i. ċun trócaire ḋéanaṁ orṫa.ṫáinig Dia ag féaċaint a ḋaoine. 17Agus do leaṫ an focal san amaċ ’n-a ṫaoḃ tré Iúdaéa go léir agus tríd an ndúṫaiġ mór-ṫímpal;
18Agus d’innseadar a ḋeisgiobuil d’Eóin na neiṫe sin go léir. 19Agus do ġlaoiḋ Eóin ċuige beirt d’á ḋeisgiobulaiḃ, agus ċuir sé ċun Íosa iad ’ġá ráḋ: An tusa an t-é a ḃí le teaċt nó a’ ḃfuil orainn feiṫeaṁ le duine eile? 20Agus nuair a ṫánadar na fir ċuige duḃradar: Ċuir Eóin Baiste ag triall ort-sa sinn ’ġá ráḋ: An tusa an t-é atá le teaċt, nó an ḃfuil orainn feiṫeaṁ le duine eile? 21Agus an uair ċéadna san do leiġis sé mórán daoine ó n-a ngalaraiḃ agus ó n-a gcneaḋaiḃ, agus ó annspridíḃ, agus ṫug sé raḋarc do ṁórán dall. 22Ansan d’ḟreagair sé iad-san agus duḃairt leó: Téiġiḋ ṫar n-ais agus innsiḋ d’Eóin cad a ċloiseaḃair agus cad a ċonacaḃair; #Isáias 35:5.raḋarc ’á ṫaḃairt do ḋallaiḃ, siuḃal do ḃacaċaiḃ, na loḃair d’á nglanaḋ, éisteaċt ’á ṫaḃairt do ḃoḋaraiḃ, na mairḃ ag aiseiriġe, an soisgéal d’á ċraoḃsgaoileaḋ do sna boċtaiḃ. 23Agus is aoiḃinn do’n t-é ná glacfaiḋ sgannal umam-sa.
24Agus nuair a ḃí teaċtairí Eóin imṫiġṫe ċrom sé ar a ráḋ leis na daoine i dtaoḃ Eóin: Cad ’á ḋ’ḟeisgint go ndeaġaḃair amaċ sa ḃfásaċ? Cuaille d’á ṡuaṫaḋ le gaoiṫ an eaḋ? 25Aċ cad ’á d’ḟeisgint go ndeaġaḃair amaċ? Duine i n-éadaiġiḃ míne an eaḋ? Féaċ, is i dtiġṫiḃ na riġṫe a ḃíonn luċt an éadaiġ uasail agus an ḃeaṫa ṡóġaiġ. 26Aċ cad a ḃí uaiḃ le feisgint nuair a ċuaḋaḃair amaċ? Fáiḋ an eaḋ? Iseaḋ, a deirim liḃ, agus duine is mó ’ná fáiḋ. 27Sidé an duine ar a ḃfuil sgríoḃṫa: #Mal. 3:1.Féaċ, tá m’aingeal agam d’á ċur róṁat amaċ agus ollṁóċaiḋ sé do ṡlíġ róṁat. 28Deirim liḃ é: Ar ar rugaḋ ó ṁnáiḃ de ḋaoiniḃ ní’l fáiḋ is mó ’na Eóin Baiste; agus an t-é is lúġa i ríġeaċt Dé is mó é ’ná eisean. 29Agus nuair airiġ na daoine go léir agus na puibliocánaiġ an ċaint sin d’adṁuíġdar ceart Dé, óir ḃíodar tar éis a mbaiste le baisteaḋ Eóin.#7:29 Ver. 29. d’adṁuíġdar ceart Dé, .i. do ṁoladar Dia mar ġeall ar a ċeart, agus ṫáinig eagla Dé orṫa. D’adṁuiġdar é beiṫ ceart agus é ḃeiṫ trócaireaċ. 30Aċ na Fairisíniġ agus doċtúirí na dliġe, ṫugadar easúṁluiġeaċt do ċóṁairle Dé ’n-a gcoinniḃ féin, óir níor ġlacadar a ḃaisteaḋ-sin.
31Duḃairt an Tiġearna, áṁṫaċ: Cé leis, d’á ḃríġ sin, go saṁlóċad muintir an tsleaċta so? Agus cé leis gur cosṁail iad? 32Is cosṁail iad le leanḃaí ’n-a suiḋe ar áit an ṁargaiḋ agus ag caint le n-a ċéile, nuair a deirid siad: Ḋeineamair ceól daoiḃ ar ṗíbiḃ, agus níor ḋeineaḃair rinnce; ḋeineamair caoine, agus níor ġoileaḃair. 33#Mait. 3:4; Marc. 1:6.Óir do ṫáinig Eóin Baiste agus ní raiḃ sé ag iṫe aráin ’ná ag ól fíona; agus deirṫí-se, Tá deaṁan ann. 34Ṫáinig Mac an Duine agus é ag iṫe agus ag ól; agus deirṫí-se, Féaċ an fear craosaċ, fear an ḟíona ḋ’ól, cara na bpuibliocánaċ agus na bpeacaċ. 35Agus tá an eagna ceartuiġṫe ó n-a clann féin go léir.
36Agus d’iarr duine de sna Fairisíniġ air dul agus bia ċaiṫeaṁ i n’ ḟoċair; agus ċuaiḋ sé isteaċ i dtiġ an Ḟairisíniġ, agus do ṡuiḋ sé ċun búird.#7:36 Ver. 36. duine de sna Fairisíniġ .i. Símón. 37Agus féaċ ḃí bean a ḃí ’n-a peacaċ sa ċaṫair, agus fuair sí amaċ go raiḃ sé ag caiṫeaṁ bíḋ i dtiġ an Ḟairisíniġ agus ṫug sí léi alabastrom ola, 38Agus ṡeasaiṁ sí lastiar i n-aice a ċos, agus ċrom sí ar a ċosaiḃ do niġe le n-a deóraiḃ, agus ar iad do ṫriomú le n-a gruaig, agus ḃi sí ag pógaḋ a ċos agus ag cimilt na h-ola ḋíoḃ. 39Agus do ċonaic an Fairisíneaċ a ṫug cuireaḋ ḋó an níḋ sin agus duḃairt sé i n’aigne féin: Dá mba fáiḋ an fear so ḃeaḋ ḟios aige, gan aṁras, cé h-í an ḃean so atá ag teangaḃáil leis agus cad é an saġas í, gur bean ṗeacaṁail í. 40Agus d’ḟreagair Íosa agus duḃairt leis: A Ṡímóin, tá níḋ agam le ráḋ leat. Agus duḃairt seisean: Abair é, a Ṁáiġistir. 41Ḃí fear ann agus ḃí fiaċa aige ar ḃeirt; ḃí ċúig céad píosa airgid aige ar ḋuine acu agus caogad píosa ar an nduine eile. 42Ní raiḃ an ċumas aoinne acu díoluiġeaċt a déanaṁ, agus do ṁaiṫ sé na fiaċa ḋóiḃ araon. Cé ’cu de’n ḃeirt is mó gráḋ ḋó? 43Agus d’ḟreagair Símón agus duḃairt: Measaim gur b’é an t-é is mó n-ar ṁaiṫ sé ḋó. Agus duḃairt sé leis: Tá do ḃreiṫ ceart. 44Agus d’iompuiġ sé ċun na mná, agus dubairt sé le Símón: An ḃfeiceann tú an ḃean san? Ṫánag isteaċ ad’ ṫiġ-se, níor ṫugais-se ḋom uisge dom’ ċosaiḃ; aċ do niġ sí seo mo ċosa le n-a deóraiḃ, agus do ṫriomuiġ sí iad le n-a gruaig. 45Níor ṫugais-se póg dom; aċ ó ṫáinig sí seo isteaċ níor stad sí aċ ag pógaḋ mo ċos. 46Níor ongais-se mo ċeann le h-ola, aċ d’ong sí seo mo ċosa le h-ola. 47D’á ḃríġ sin adeirim leat: #7:47 Ver. 47. Táid a lán peacaí maiṫte ḋi tré ṁéid a gráḋa. Sa scriptiúir, uaireanta, ainimníġṫear toraḋ d’aon ċúis aṁáin bíoḋ go m-bíonn a lán cúiseana ag dul ċuige. Deirtear anso go ḃfuilid a peacaí maiṫte do’n ṁnaoi seo mar ġeall ar “ṁéid a gráḋa,” aċ i Ver. 50, deir Críost léi, “do ṡaor do ċreideaṁ ṫu.” Fágann sán go dtéiḋeann creideaṁ agus dóċas agus gráḋ agus dólás croiḋe, agus a lán eile deaġ-ṁéinní, ċun duine ḋ’iompáil ar Ḋia.Táid a lán peacaí maiṫte ḋi tré ṁéid a gráḋa. An t-é, áṁṫaċ, d’á maiṫtear an beagán is beagán a ġráḋ. 48Agus duḃairt sé léi-se: #Mait. 9:2.Táid na peacaí maiṫte ḋuit. 49Agus do ċrom an ṁuintir a ḃí ag an mbórd ar a ráḋ ’n-a n-aigne féin: Cé h-é seo, a ṫéiġeann ċóṁ fada le peacaí ṁaiṫeaṁ? 50Agus duḃairt seisean leis an mnaoi: Do ṡlánuiġ do ċreideaṁ ṫu; imṫiġ i síoṫcáin.
Currently Selected:
Lúcás 7: ABNPOLG
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
historic text maintained by the Bible Society.