Marcus 13
13
CAIBIDIOL XIII.
An íde a ḃí le teaċt ar an dteampul, agus na cóṁarṫaí atá le teaċt roim lá an ḃreiṫeaṁantais.
1Agus nuair a ḃí sé ag dul amaċ as a dteampul duḃairt duine ḋ’á ḋeisgiobuil leis: Féaċ, a Ṁáiġistir, cad iad mar ċloċa agus cad é mar ḋéanaṁ! 2Agus d’ḟreagair Íosa agus duḃairt leis: Ċíonn tú na h-oibreaċa móra san go léir? Ní fágfar cloċ ar muin cloiċe ḋíoḃ gan leagaḋ.
3Agus ḃí sé ’n-a ṡuiḋe ar Ċnoc na n-Olaċrann ar aġaiḋ an teampail, agus ḃí Peadar agus Séamus agus Eóin agus Aindrias ’ġá ḟiafraiġe ḋe, ar leiṫliġ: 4Innis dúinn, caṫain a ṫiocfaiḋ na neiṫe seo? agus cad é an cóṁarṫa a ḃeiḋ air, nuair a ṫosnóċaid na neiṫe seo go léir ar ṫeaċt ċun cinn. 5Agus do ċrom Íosa, ’ġá ḃfreagraḋ, ar a ráḋ leó: #Eṗes. 5:6; 2 Tess. 2:3.Seaċain agus ná meallaḋ aoinne siḃ.
6Óir tiocfaiḋ a lán daoine am’ ainim-se, agus déarfaid siad, Is mise é; agus meallfaid siad a lán. 7Aċ nuair a ḋ’aireóċaiḋ siḃ cogaí agus ráflaí ar ċogaíḃ, ná bíoḋ eagal oraiḃ, óir ní foláir iad san a ḃeiṫ ann; aċ ní hé au deire fós é. 8Óir eireóċaiḋ cine i n-aġaiḋ cine agus ríġeaċt i n-aġaiḋ ríġeaċta, agus beiḋ luasgaċa talṁan go tiuġ ann, agus gorta. Tusaċ na buarṫa iad san. 9Aċ féaċaiḋ ċúġaiḃ féin. Óir taḃarfaid siad i láṫair na gcóṁairlí siḃ, agus sgiúrsálfar siḃ ins na sinagógaiḃ, agus seasóċaiḋ siḃ i láṫair ríġṫe agus uaċtarán mar ġeall orm-sa, mar ḟiaḋnaise ḋóiḃ-sin. 10Agus ní foláir ar dtúis an soisgéal do ċraoḃsgaoileaḋ ċun na ngeinte go léir. 11Agus nuair a ṫaḃarfaid siad leó siḃ ċun siḃ a ṫaḃairt ar láiṁ, ná bacaiḋ a ḃreiṫniú roim ré cad déarfaiḋ siḃ; aċ an rud a taḃarfar daoiḃ an uair sin, abraiḋ é; óir ní siḃ-se a laḃrann, aċ an Spioraid Naoṁ. 12Óir déanfaiḋ an driṫáir feall báis ar a ḋriṫáir, agus an t-aṫair ar a ṁac; agus eireóċaiḋ an ċlann i n-aġaiḋ a n-aṫar agus a máṫar, agus imireóċaid siad bás orṫa. 13Agus beiḋ fuaṫ ag gaċ aoinne ḋaoiḃ mar ġeall ar m’ ainim-se. Aċ an t-é a ḃeiḋ seasaṁaċ go deire isé a raġaiḋ slán.
14Aċ nuair a ċífiḋ siḃ #Dan. 9:27.gráin an léirsgriosa ’n-a seasaṁ sa n-áit naċ dual (an t-é a léiġeann tuigeaḋ sé), ansan an ṁuintir atá i n-Iúdaéa teiṫidís ċun na gcnoc. 15Agus an t-é ḃeiḋ ar #13:15 .i. buaic mar úrlár a ḃíoḋ ar ṫiġṫiḃ ann.ḃuaic a ṫíġe ná tagaḋ sé anuas sa tiġ agus na téiġeaḋ sé isteaċ ċun ruda ḃreiṫ as an dtiġ; 16Agus an t-é a ḃeiḋ sa ṗáirc ná filleaḋ sé a d’iarraiḋ a ḃrait. 17Agus is mairg do luċt clainne d’iompar agus do luċt clainne ḋ’oileaṁaint ins na laeṫiḃ sin; 18Agus bíḋiḋ ag guiḋe gan iad a ḃeiṫ sa ġeiṁre. 19Óir beiḋ ins na laeṫiḃ sin cruaḋtan ná raiḃ a leiṫéid ann ó ṫusaċ an ċruiṫniú a ċruiṫniġ Dia go dtí anois, agus ná ḃeiḋ. 20Agus mura gcioruiġeaḋ an Tiġearna na laeṫanta ní ḃeaḋ dul as ag feóil ar biṫ; aċ ar son na ḃfíoraon atá toġṫa aige do ċioruiġ sé na laeṫanta. 21Agus anois má deir aoinne liḃ, Féac, tá Críost anso; féac, tá sé ansúd: ná creidiḋ. 22Óir eireóċaid críosdana fallsa agus fáiḋí fallsa, agus taḃarfaid siad cóṁarṫaí uaṫa agus iongnaí, ċun na ḃfíoraon féin do ṁeallaḋ, dá mb’ḟéidir é. 23Tugaiḋ-se aire, d’á ḃríġ sin; féaċ, tá gaċ níḋ innste agam daoiḃ roim ré.
24 #
Isáias 13:10; Ezech. 32:7; Ióel 2:10. Aċ ins na laeṫiḃ sin, tar éis na buarṫa san, dorċóċaiḋ an ġrian agus ní ṫaḃarfaiḋ an ġealaċ a solus, 25Agus beiḋ na réilte ag tuitim as an spéir, agus beiḋ na cóṁaċta atá ins na flaṫais d’á suaṫaḋ. 26Agus ansan ċífid siad Mac an Duine ag teaċt ins na sgamalaiḃ, le mórán cóṁaċt’ agus glóire. 27Agus ansan cuirfiḋ sé a aingil amaċ agus cruinneóċaiḋ sé a ḟíoraoin ó sna ċeiṫre gaoiṫiḃ, ó ḟíor-imeall an tailiṁ go fíor-imeall neiṁe. 28Fóġlumuiḋ ó’n gcrann fíge soluíd. Nuair a ḃíonn a géag bog agus an duilleaḃar tagaiṫe is eól daoiḃ an saṁraḋ ḃeiṫ i n-aċmaireaċt. 29Mar sin daoiḃ-se nuair a ċífiḋ siḃ na neiṫe seo ag teaċt ċun cinn, bíoḋ ḟios agaiḃ é ḃeiṫ ins na dóirsiḃ buailte liḃ. 30Go deiṁin a deirim liḃ, ní h-imṫeóċaiḋ an tslioċt so go dtagaid na neiṫe seo go léir ċun cinn. 31Raġaiḋ spéir agus talaṁ ar neaṁníḋ, aċ ní raġaiḋ mo ḃréiṫre-se ar neaṁníḋ.
32Ní fios d’aoinne, áṁṫaċ, an lá san ná an uair, d’á mb’iad na h-aingil ins na flaṫais iad, nó an Mac,#13:32 Ver. 32. nó an Mac, — Ní ’ġá ráḋ é go ḃfuil Mac Dé gan aon eolus ar lá an ḃreiteaṁantais, aċ ’ġá ráḋ ná raiḃ an t-eólus aige le teagasg dúinne i n’ oide againn; níḋ nár ṁaiṫ ḋúinn. aċ do’n Aṫair. 33Tugaiḋ aire, deiniḋ faire agus úrnuiġṫe; óir ní fios daoiḃ caṫain a ḃeiḋ an t-am ann. 34Ar nós duine a d’ḟág a ṫiġ agus d’imṫiġ i gcéin, agus a ṫug d’á ṡeirḃíseaċaiḃ déanaṁ gaċ oibre, agus a duḃairt leis an ndóirseóir faire ḋéanaṁ; 35Deiniḋ-se faire, d’á ḃríġ sin, (óir ní fios daoiḃ caṫain a ṫiocfaiḋ an tiġearna, um ṫráṫnóna, i lár na h-oiḋċe, ar ġlaodaċ an ċoiliġ, nó ar maidin) 36Le h-eagla, nuair a ṫiocfaḋ sé, gur i nḃúr gcodlaḋ a ġeoḃaḋ sé siḃ. 37Agus an rud a deirim liḃ-se deirim le gaċ aoinne é: Deiniḋ faire.
Currently Selected:
Marcus 13: ABNPOLG
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
historic text maintained by the Bible Society.