Logo de YouVersion
Ícono Búsqueda

Maitiú 3

3
CAIBIDIOL III.
Seanmóineaċt Eóin. Críost d’á ḃaiste.
1Ins na laeṫanta san, áṁṫaċ, do ṫáinig Eóin Baiste ag seanmóin i ḃfásaċ Iúdéa, 2Agus deireaḋ sé: #Marc. 1:4; Lúc. 3:3.Deiniḋ aiṫriġe, óir tá ríġeaċt na ḃflaṫas buailte liḃ#3:2 Ver. 2. Deiniḋ aiṫriġe, poenitentiam agite, μετανοεῖτε, do réir na h-úsáide a deintear de’n ḟocal san sa Sgríḃinn Diaḋa agus i sgríḃinníḃ na n-aṫaraċ naoṁṫa, cialluiġeann sé, ní h-aṁáin aiṫríġe agus leasú beaṫa, aċ fós pionós, agus oibreaċa trosgaiḋ, agus fulag trioblóidí, mar ṡásaṁ ins na peacaíḃ a deineaḋ. 3Óir sin é an t-é ar ar laḃair Isáias Fáiḋ nuair aduḃairt sé: #Isáias 40:3.Guṫ duine ag glaoḋaċ sa ḃfásaċ, Ollaṁuiġiḋ an tslíġ do’n Tiġearna; deiniḋ a ḃóiṫre do ḋíriú ḋó. 4Agus isé éadaċ a ḃí ar Eóin ná éadaċ déanta de ruainneaċ camal, agus crios leaṫair ar a ċom; agus isé bia a ḃí aige ’ná lócuistí agus mil ḟiain. 5#Marc. 1:5.Agus ḃí Ierúsalem ag dul amaċ ag triall air an uair sin, agus Iúdaéa go léir, agus an dúṫaiġ go léir tímpal ar an Iórdan. 6Agus ḃí sé ’ġá mbaiste sa n-Iórdan agus iad ag déanaṁ faoísdine i n-a bpeacaíḃ.
7Agus ċonaic sé mórán des na Fairisíniġ agus des na Sadducíneaċaiḃ ag teaċt ċun an ḃaiste ċuige, agus duḃairt sé leó: A ṡlioċt na n-aiṫreaċ niṁe, cé ċuir ar ḃúr súiliḃ daoíḃ-se an ḟearg atá ċúġaiḃ do ṡeaċnaḋ?#3:7 Ver. 7. Fairisíniġ agus des na Sadducíneaċaiḃ — Ḋá aicme iad san a ḃí ameasg na n-Iúdaċ, agus luċt fíll ab eaḋ an ċéad aicme acu; agus daoíne nár ċreid aċ an rud a ṫaiṫn leo féin ab eaḋ an tarna h-aicme. 8Má’s eaḋ tugaiḋ toraḋ uaiḃ a ḃeiḋ do réir na h-aiṫriġe. 9Ná h-abraiḋ i n-ḃúr n-aigne: Tá Ábraham i n-a aṫair againn; óir deirim-se liḃ gur féidir do Ḋia clann a ḋéanaṁ d’Ábraham des na cloċaiḃ sin. 10Tá an tuaġ ċeana féin ar ṗréiṁ na gcrann. Agus gaċ crann ná taḃarfaiḋ toraḋ fóġanta uaiḋ leagfar é agus curfar sa teine é. 11Táim-se ag ḃúr mbaiste le h-uisge ċun aiṫriġe, aċ an t-é atá ag teaċt am’ ḋiaiḋ is cóṁaċtaíġe é ’ná mise, agus ní fiú me go ndéanfainn a ḃróga d’iompar; baistfiḋ sé sin siḃ leis an Spioraid Naoṁ agus le teine. 12Tá a ġléas cáiṫte i n-a láiṁ aige, agus glanfaiḋ sé a úrlár buailte, agus cruinneóċaiḋ sé a ċuid cruiṫneaċtan isteaċ sa sgioból, agus loisgfiḋ sé an lóċán le teine naċ féidir a ṁúċaḋ.
13 # Marc. 1:9. Ansan do ṫáinig Íosa ó Ġaililí go dtí an Iórdan, ag triall ar Eóin, ċun go mbaistfeaḋ Eóin é. 14Aċ ḃí Eóin ’ġá ċosg, agus deireaḋ sé: Is dóṁ-sa is gáḋ baiste ḋ’ḟáġail uait-se; agus tusa ag teaċt ag triall orm-sa? 15Agus d’ḟreagair Íosa é agus duḃairt sé leis: Leig liom anois, óir is mar seo is cóir dúinn gaċ #3:15 fíoraontaċt .i. gaċ dlíġ a ḃaineann le fíoraontaċt.fíoraontaċt do ċóṁlíonaḋ. Ansan do ġéill sé ḋó. 16Agus nuair a ḃí Íosa baistiṫe ṫáinig sé aníos as an uisge láiṫreaċ; agus féaċ, do h-osgalaḋ na flaṫais dó, agus ċonaic sé Spioraid Dé ag teaċt anuas i rioċt colúir agus ag túirliocan air. 17#Marc. 1:11; Lúc. 9:35; 2 Pead. 1:17.Agus féaċ, guṫ as na flaṫais aduḃairt: Isé seo mo ṁac dílis ar a ḃfuil mo ġreann.

Actualmente seleccionado:

Maitiú 3: ABNPOLG

Destacar

Compartir

Copiar

None

¿Quieres guardar tus resaltados en todos tus dispositivos? Regístrate o Inicia sesión

Video for Maitiú 3