1
Eoin 6:35
Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)
Agus duḃairt Íosa leo: Is mise arán na beaṫa: an té a ṫig ċugam-sa, ní ḃéiḋ ocras air; agus an té a ċreideas ionnam-sa, ní ḃéiḋ tart air a ċorḋċe.
Vertaa
Tutki Eoin 6:35
2
Eoin 6:63
Aċt cad é, má tċí siḃ Mac an Duine ag dul suas mar a raiḃ sé ar dtús?
Tutki Eoin 6:63
3
Eoin 6:27
Ná saoṫruiġigiḋ ċun an ḃíḋ a ṫéid amuġa, aċt ċun an ḃíḋ a ṁaireas ċun beaṫa síorraiḋe, agus a ḃéarfas Mac an Duine díḃ. Óir is é seo an té ar ċuir Dia, an t-Aṫair, séala air.
Tutki Eoin 6:27
4
Eoin 6:40
Óir is í seo toil m’Aṫar a ċuir uaiḋ mé: go raiḃ beaṫa ṡíorraiḋe ag gaċ aoinneaċ dá ḃfeiceann an Mac, agus dá gcreideann ann, agus tógfaiḋ mise suas é ar an lá deireannaċ.
Tutki Eoin 6:40
5
Eoin 6:29
Duḃairt Íosa leo, ġá ḃfreagairt: Is í seo obair Dé, go gcreidfeaḋ siḃ san té a ċuir sé uaiḋ.
Tutki Eoin 6:29
6
Eoin 6:37
Gaċ aon dá dtaḃrann an t-Aṫair daṁ, tiocfaiḋ sé ċugam: agus an té a ṫig ċugam, ní ċaiṫfiḋ mé amaċ é
Tutki Eoin 6:37
7
Eoin 6:68
Duḃairt Íosa, dá ḃríġ sin, leis an dáréag: An mian liḃ-se imṫeaċt fosta?
Tutki Eoin 6:68
8
Eoin 6:51
Is mise an t-arán beo, a ṫáinic anuas ó neaṁ.
Tutki Eoin 6:51
9
Eoin 6:44
Ní féidir le h-aoinneaċ teaċt ċugam-sa muna dtarraingiḋ an t-Aṫair a ċuir uaiḋ mé é, agus tógfaiḋ mise suas é ar an lá deireannaċ.
Tutki Eoin 6:44
10
Eoin 6:33
Óir is é arán Dé an té a ṫuirling ó neaṁ, agus a ḃeir beaṫa do’n doṁan.
Tutki Eoin 6:33
11
Eoin 6:48
Is mise arán na beaṫa.
Tutki Eoin 6:48
12
Eoin 6:11-12
Agus ġlac Íosa na h-aráin: agus nuair a ṫug sé altuġaḋ, roinn sé ar an méid a ḃí ina suiḋe: agus na h-éisc mar an gcéadna, a oiread agus a b’áil leo. Agus nuair a ḃí a sáiṫ acu, duḃairt sé le n-a ḋeisciobail: Cruinniġigiḋ suas na conamair atá fágṫa, ar eagla go dtéiġeaḋ siad amuġa.
Tutki Eoin 6:11-12
13
Eoin 6:19-20
Ar an aḋḃar sin, nuair a ḃí tuairim ar ċúig nó deiċ stáid ar ḟiċid de iomraṁ déanta acu, tċí siad Íosa ag siuḃal ar an ḟairrge, agus ag teaċt i ngaoḃar do’n luing, agus ḃuail eagla iad. Aċt deir seisean leo: Is mise atá ann, ná bíoḋ eagla oraiḃ.
Tutki Eoin 6:19-20
Koti
Raamattu
Suunnitelmat
Videot