Eoin 3

3
Caibidil III
Cóṁráḋ Ċríost le Niċodemus. Fiaḋnaise Eoin.
1Agus ḃí duine de na Fairisíniġ ann, darḃ ainm Nicodemus, uaċtarán de ċuid na n-Iúdaċ.
2Ṫáinic sé seo ċuig Íosa san oiḋċe, agus duḃairt leis: A Rabbi, tá a ḟios againn go dtáinic tú i do ṁúinteoir ó Ḋia, óir ní féidir d’aoinneaċ na míorḃailte seo a ġní tusa a ḋéanaṁ, gan Dia a ḃeiṫ leis.
3D’ḟreagair Íosa, agus duḃairt leis: Amén, amén, adeirim leat, muna ngeintear duine aṫuair, ní féidir dó ríoġaċt Dé d’ḟeiceáil.
4Deir Nicodemus leis: Cad é mar is féidir do ḋuine a ġeineaṁaint agus é sean? An dtig leis dul isteaċ i mbroinn a ṁáṫar arís, agus a ṫeaċt ar an tsaoġal aṫuair?
5D’ḟreagair Íosa: Amén, amén, adeirim leat, muna n-aiṫġein-tear duine#3, 5 muna n-aiṫġein-tear duine ⁊c. Leis na briaṫra seo ḋeiṁniġ ár Slánuiġṫeoir go ḃfuil an Baisteaḋ riaċtanaċ. Ó luaiḋeann sé an t-uisce is léir go ḃfuil sé riaċtanaċ an t-uisce a ċur ar ḋuine i n-aoinḟeaċt le ráḋ na ḃfocal, Mait. 28, 19. ó uisce agus ó’n Spiorad Naoṁ, ní féidir dó dul isteaċ i ríoġaċt Dé.
6An níḋ a ġeintear ó’n ċolainn, is colann é: agus an níḋ a ġeintear ó’n Spiorad, is spiorad é.
7Ná bíoḋ iongantas ort, gur ḋuḃairt mé leat: is éigean díḃ ḃur ngemeaṁaint aṫuair.
8Séideann an Spiorad mar is áil leis: agus cluin tú a ġuṫ, aċt ní h-eol duit cá h-as a dtig sé,#Sailm 134, 7. ná cá dtéid sé: is aṁlaiḋ atá gaċ aoinneaċ a ġeintear ó’n Spiorad.
9D’ḟreagair Nicodemus, agus duḃairt leis: Cad é mar is féidir do na neiṫe sin a ḃeiṫ?
10D’ḟreagair Íosa, agus duḃairt leis: An ḃfuil tusa i do ṁáiġistir i n-Israél, agus gan fios na neiṫe seo agat?
11Amén, amén, adeirim leat, go n-abramuid an rud is eol dúinn, agus go dtaḃramuid fiaḋnaise ar an rud a ċonnacamar, agus ní ġlacann siḃ ár ḃfiaḋnaise.
12Má duḃairt mé neiṫe saoġalta liḃ, agus naċ gcreideann siḃ: cád é mar ċreidfeas siḃ, má deirim neiṫe neaṁḋa liḃ?
13Agus ní ḋeacaiḋ aoinneaċ suas ar neaṁ, aċt an té a ṫuirling ó neaṁ, Mac an Duine atá ar neaṁ.
14Agus mar a d’arduiġ Maoise an naṫair niṁe san ḟásaċ,#Uiṁ. 21, 9. is mar sin is éigean Mac an Duine d’árduġaḋ:
15Ċun naċ gcailltear aoinneaċ dá gcreidfiḋ ann, aċt go raiḃ beaṫa ṡíorraiḋe aige.
16Óir ġráḋuiġ Dia an doṁan cóṁ mór sin, go dtug sé a Aoin-ġein Ṁic;#1 Eoin 4, 9. ċun naċ gcailltí aoinneaċ dá gcreidfeaḋ ann, aċt go mbéaḋ beaṫa ṡíorraiḋe aige.
17Óir níor ċuir Dia a Ṁac ar an doṁan, le breiṫeaṁnas a ṫaḃairt ar an doṁan, aċt ċun go slánuiġtí an doṁan tríd.
18An té a ċreideas ann, ní ṫaḃartar breiṫeaṁnas air#3, 18 Ní ṫaḃartar breiṫeaṁnas air. An té a ċreideas le creideaṁ a oibriġeas tré ċarṫannaċt, ní ṫaḃartar breiṫeaṁnas air; is é sin le ráḋ, ní ḋaortar é. Aċt ḃeirtear breiṫeaṁnas ar an díċreidṁeaċ ceanndána, is é sin le ráḋ, tá sé daorṫa ċeana féin, de ḃríġ go mbíonn sé tar éis é féin a ġearraḋ amaċ ó ċóṁluadar Ċríost agus na h-Eaglaise.: aċt an ṫé naċ gcreideann, tá breiṫeaṁnas tugṫa air ċeana féin: de ḃríġ naċ gcreideann sé i n-ainm Ṁic Dé, an t-Aoin-ġein.
19Agus seo é an breiṫeaṁnas#3, 19 An breiṫeaṁnas. Is é sin fáṫ a ḋaorṫa.: de ḃríġ go dtáinic an solus ar an tsaoġal, agus gur ṁó a ġráḋuiġ na daoine an dorċadas ná an solus: óir ḃí a ngníoṁarṫa olc.
20Óir gaċ aoinneaċ dá ndéan an t-olc, bíonn fuaṫ aige ar an tsolus, agus ní ṫig sé ċun an tsoluis, ar eagla go gcáintí a ġníoṁarṫa.
21Aċt an té a ġní an ḟírinne#3, 21 An té a ġní an ḟírinne. An té a ġní do réir na fírinne. Cialluiġeann an ḟírinne annseo dliġe Dé. Is fírinne do ḋliġe. Sailm 118, 142., tig sé ċun an tsoluis go léiriġtear a ġníoṁarṫa, óir is i nDia a rinneaḋ iad.
22Ina ḋiaiḋ seo ṫáinic Íosa agus a ḋeisciobail go tír Iudaia: agus ċóṁnuiġ sé annsin mar aon leo, agus ḃíoḋ sé ag déanaṁ baistiḋ.
23Agus ḃíoḋ Eoin ag baisceaḋ daoine fosta i n-Aennon, i n-aice le Salim; óir ḃí mórán uisce annsin, agus ṫigeaḋ siad, agus ḃaistṫí iad.
24Óir ní raiḃ Eoin curṫa i bpríosún go fóill.
25Agus d’éiriġ ceist eadar deisciobail le h-Eoin agus Iúdaiġ fá niġeaċán.
26Agus ṫáinic siad ċuig Eoin, agus duḃairt siad leis: A Rabbi, an té a ḃí i d’ḟoċair ar an taoiḃ ṫall de’n Iordáin, agus a ndearna tú fiaḋnaise dó, féaċ, baisteann sé, agus tig an uile ḋuine ċuige.
27D’ḟreagair Eoin, agus duḃairt: Ní féidir do ḋuine aon níḋ a ġlacaḋ, muna dtugaḋ dó ó neaṁ é.
28Tá siḃ-se féin i ḃur ḃfiaḋnaisiġ agam-sa gur ḋuḃairt mé: Ní mise an Críost, aċt gur cuireaḋ roiṁe ṁé.
29An té ag a mbíonn an ḃrídeog, is é an fear nuaṗósta é: aċt cara an ḟir nuaṗósta, a ḃíos ina ṡeasaṁ agus ag éisteaċt leis, gabann lúṫġáir ṁór é mar ġeall ar ġuṫ án ḟir nuaṗósta: ar an aḋḃar sin, tá an lúṫġáir seo orm-sa iomlán.
30Is dual dó-san méaduġaḋ, aċt daṁ-sa laġduġaḋ.
31An té a ṫig anuas, tá sé ós cionn ċáiċ. An té atá ó’n talaṁ, is de’n talaṁ é, agus is neiṫe talṁaiḋe a laḃras sé. An té a ṫig ó neaṁ, tá sé ós cionn ċáiċ.
32Agus an rud a ċonnaic sé agus a ċuala sé, ḃeir sé fiaḋnaise air: agus ní ġlacann aoinneaċ a ḟiaḋnaise.
33An té a ġlac a ḟiaḋnaise, tá sé tugṫa fá n-a ṡéala aige go ḃfuil Dia fírinneaċ.#Róṁ. 3, 4.
34Óir an té ar ċuir Dia uaiḋ é, laḃrann sé briaṫra Dé: óir ní do réir mioṡúir a ḃeir Dia an spiorad.
35Tá gráḋ ag an Aṫair do’n Ṁac, agus ṫug sé na h-uile neiṫe ina láiṁ dó.
36An té a ċreideas san Ṁac, tá beaṫa ṡíorraiḋe aige:#1 Eoin 5, 10. aċt an té naċ gcreideann an Mac, ní ḟeicfiḋ sé beaṫa, aċt cóṁnuiġeann fearg Dé air.

Tällä hetkellä valittuna:

Eoin 3: ASN1943G

Korostus

Jaa

Kopioi

None

Haluatko, että korostuksesi tallennetaan kaikille laitteillesi? Rekisteröidy tai kirjaudu sisään

Video Eoin 3