Lúcas 15

15
Caibidil XV
Fáiṫscéal na caoraċ a cailleaḋ, agus fáiṫscéal an ṁic ḋroḃlasaiġ.
1Agus ṫarraing na puibliocánaiġ agus na peacaiġ ar Íosa, le h-éisteaċt leis.
2Agus rinne na Fairisíniġ agus na Scríoḃaiḋṫe monaḃar, ag ráḋ: Glacann an fear seo peacaiġ ċuige, agus iṫeann sé ina gcuideaċta.
3Agus laḃair sé an fáiṫscéal seo leo, ag ráḋ:
4Cé’n ḋuine agaiḃ a ḃfuil céaḋ caora aige,#Mait. 18, 12. agus má ċailleann sé ceann acu, naċ ḃfágann sé na naoi gcinn déag agus ceiṫre fiċid san ḟásaċ, agus naċ dtéid i ndiaiḋ an ċinn a cailleaḋ, nó go ḃfaġaiḋ sé í?
5Agus nuair a ġeiḃ sé í, naċ gcuireann sé ar a ġuailne fá lúṫġáir í,
6Agus ar ṫeaċt aḃaile dó, naċ ngoireann sé ċuige a ċáirde agus a ċóṁarsain, ag ráḋ leo: Déanaigiḋ cóṁġáirdeaċas liom, óir fuair mé mo ċaora a ḃí caillte?
7Deirim liḃ, gur aṁlaiḋ a ḃéas lúṫġáir ar neaṁ fá aon peacaċ a ġní aiṫriġe, níos mó ná fá naoi ḃfíréin déag agus ceiṫre fiċid naċ mbíonn feiḋm aiṫriġe orṫa.
8Nó cé’n ḃean a ḃfuil deiċ bpíosaí tuisciúin aice, má ċailleann sí tuistiún aṁáin, naċ lasann coinneal, agus naċ scuabann an teaċ, agus naċ gcuartuiġeann go díċeallaċ, nó go ḃfaġaiḋ sí é?
9Agus nuair a ġeiḃ sí é, naċ ngoireann sí ċuice a cáirde agus a ċóṁarsain, ag ráḋ: Déanaigiḋ cóṁġáirdeaċas liom, óir fuair mé an tuistiún a ḃí caillte agam?
10Mar sin, deirim liḃ, go mbéiḋ lúṫġáir i láṫair angle Dé#15, 10 I láṫair angle Dé. Is léir ó’n ċainnt seo go gcuireann na spioraid atá ar neaṁ suim ionainne atá ar an talaṁ, go mbíonn áṫas orṫa nuair a ġnímíd aitriġe, agus, dá ḃríġ sin, go mbíonn fios acu air. fá aon ṗeacaċ a ġní aiṫriġe.
11Agus duḃairt sé: Ḃí beirt ṁac ag duine áiriṫe:
12Agus duḃairt an té a b’óige acu le n-a aṫair: A aṫair, taḃair daṁ an ċuid de’n ṁaoin atá ag tuitim liom. Agus roinn sé a ṁaoin orṫa.
13Agus i gcionn beagán laeṫe ina ḋiaiḋ sin, ar ċruinniuġaḋ a ċoda go léir le ċéile do’n ṁac a b’óige, ċuaiḋ sé ar an ċoigċríċ go tír í ḃfad i gcéin, agus scaip sé a ṁaoin annsin ag caiṫeaṁ a ṡaoġail le droḃlas.
14Agus nuair a ḃí a raiḃ aige caiṫte aige, ṫárla gorta ṁór san tír sin, agus ṫoisiġ sé a ḃeiṫ i n-anḟás.
15Agus d’imṫiġ sé agus ġreamuiġ de ḋuine de ṁuinntir na tíre sin. Agus ċuir seisean go dtí a ḟeirm é, a ḃeaṫuġaḋ muc.
16Agus ḃíoḋ dúil aige a ḃolg a líonaḋ leis na folaiġeoga a d’iṫeaḋ na muca, agus ní ṫaḃaraḋ aoinneaċ dó.
17Agus ag cuiṁniuġaḋ air féin dó, duḃairt sé: Cad é a ḃfuil de luċt tuarastail i dtiġ m’aṫar agus a sáiṫ aráin acu, agus tá mise annseo ag faġáil ḃáis leis an ocras.
18Éireoċaiḋ mé agus raċaiḋ mé ċuig m’aṫair, agus déarfaiḋ mé leis: A aṫair, ṗeacuiġ mé i n-aġaiḋ neiṁe agus ós do ċóṁair-se;
19Ní fiú mé anois do ṁac a ġairm díom; déan mé mar ḋuine de do luċt tuarastail.
20Agus d’éiriġ sé agus ṫáinic ag triall ar a aṫair. Agus ċonnaic a aṫair é, nuair a ḃí sé go fóill i ḃfad uaiḋ, agus bogaḋ le truaiġe é, agus ag riṫ ċuige dó, ċrom sé fá n-a ṁuinéal, agus póg sé é.
21Agus duḃairt an mac leis: A aṫair, ṗeacuiġ mé i n-aġaiḋ neiṁe, agus ós do ċóṁair-se, agus ní fiú mé anois do ṁac a ġairm díom.
22Agus duḃairt an t-aṫair le n-a ṡeirḃísiġ: Taḃairigid amaċ annseo go tapaiḋ an ċulaiṫ is feárr, agus cuirigiḋ air í, agus cuirigiḋ fáinne ar a láiṁ, agus bróga ar a ċosa,
23Agus taḃairigiḋ an gaṁain reaṁar annseo, agus marḃaigiḋ é, agus iṫimís agus bímís súgaċ;
24Óir ḃí an mac seo liom marḃ, agus d’éiriġ sé beo arís; ḃí sé caillte, agus fuarṫas é. Agus ṫoisiġ siad a ḃeiṫ súgaċ.
25Aċt ḃí an mac a ba ṡine san ġort, agus nuair a ḃí sé ag teaċt agus ṫáinic sé i n-aice leis an tiġ, ċuala sé ceol agus rinnce,
26Agus ġoir sé ċuige duine de na searḃóntaí, agus d’ḟiafruiġ de cad é ba ċiall do na neiṫe sin.
27Agus duḃairt seisean leis: Ṫáinic do ḋearḃráṫair, agus ṁarḃ d’aṫair an gaṁain reaṁar, de ḃríġ go ḃfuair sé ṫar ais slán é.
28Agus ḃí fearg air-sean, agus ḋiúltuiġ sé dul isteaċ. Ar an aḋḃar sin, ṫáinic a aṫair amaċ agus ṫoisiġ sé ġá impiḋe.
29Agus d’ḟreagair seisean, agus duḃairt le n-a aṫair: Féaċ, an méid bliaḋan atá mise ag déanaṁ seirḃíse duit, ní ḋeaċaḋ mé ariaṁ ṫar do ċóṁairle, agus ní ṫug tú fiú mionnán daṁ le féasta a ḋéanaṁ i gcuideaċta mo ċarad;
30Aċt nuair a ṫáinic an mac seo leat, a ṡlug a ṁaoin i ḃfoċair méirdreaċ, ṁarḃ tú an gaṁain reaṁar dó.
31Aċt duḃairt seisean leis: A ṁic, tá tusa i gcóṁnaiḋe i mo ṫeannta, agus is leat a ḃfuil agam;
32Aċt ba ċuiḃe dúinn ḃeiṫ súgaċ agus lúṫġáireaċ, de ḃríġ go raiḃ an dearḃráṫair seo leat marḃ, agus gur éiriġ sé beo arís; go raiḃ sé caillte, agus go ḃfuarṫas é.

Tällä hetkellä valittuna:

Lúcas 15: ASN1943G

Korostus

Jaa

Kopioi

None

Haluatko, että korostuksesi tallennetaan kaikille laitteillesi? Rekisteröidy tai kirjaudu sisään