Lúcas 23
23
Caibidil XXIII
Tuairisc na páise ar leanaṁaint.
1Agus ag éirġe ina suiḋe de’n iomlán acu, rug siad leo go Pioláit é.
2Agus ṫoisiġ siad a ċur neiṫe ina leiṫ, ag ráḋ: Fuaireamar é seo ag cur ár gciniḋ ar a n-aiṁleas, ag crosaḋ cáin a ṫaḃairt do Ċaesar,#Mait. 22, 21; Marc. 12, 17. agus ag ráḋ gurab é féin Críost, an Rí.
3Agus d’ḟiafruiġ Pioláit de, ag ráḋ:#Mait. 27, 11; Marc. 15, 2; Eoin 18, 33. An tusa rí na n-Iúdaċ? Agus d’ḟreagair seisean, agus duḃairt: Deir tú é.
4Agus duḃairt Pioláit le h-uaċtaráin na sagart agus leis na sluaiġte: Ní ḟaġaim-se aon ċoir san duine seo.
5Aċt d’éiriġ siad-san ní ba ḋéine, ag ráḋ: Tá sé ag gríosuġaḋ na ndaoine, ag teagasc ar fud Iudaia go léir, ag toiseaċt ó’n Gailile go dtí an áit seo.
6Aċt ar ċluinstin Gailile do Ṗioláit, ḋ’ḟiafruiġ sé ar Ġaililéaċ an duine.
7Agus nuair a ṫuig sé gur faoi ċuṁaċt Ioruaiḋ a ḃí sé, ċuir sé ċuig Ioruaḋ é; agus ḃí seisean fosta i n-Ierusalem na laeṫe sin.
8Agus nuair a ċonnaic Ioruaḋ Íosa, ḃí lúṫġáir ṁór air, óir ḃí fonn air le fada é d’ḟeiceáil; de ḃríġ gur ċuala sé mórán fá dtaoiḃ de, agus ḃí súil aige go ḃfeicfeaḋ sé míorḃail éigin dá déanaṁ aige.
9Agus ċuir sé mórán ceist air. Aċt ní ṫug seisean freagair ar biṫ air.
10Agus ṡeasuiġ uaċtaráin na sagart agus na Scríoḃaiḋṫe ag cur ina leiṫ go teann.
11Agus ṫug Ioruaḋ mar aon le n-a luċt airm tarcuisne dó, agus ċuir éadaċ geal air, ag déanaṁ magaiḋ faoi, agus, ṡeol ṫar ais ċuig Pioláit é.
12Agus rinneaḋ cáirde dá ċéile de Ioruaḋ agus Pioláit an lá sin; óir roiṁe sin ḃíoḋ siad ina náiṁde ag a ċéile.
13Agus ġoir Pioláit ċuige uaċtaráin na sagart, agus ceannairí an ġárda, agus na daoine,
14Agus duḃairt leo: Ṫug siḃ ċugam an duine seo, aṁail neaċ a ḃéaḋ ag cur na ndaoine ar a n-aiṁleas, agus féaċ, ċeistiġ mé é ós ḃur gcóṁair, agus ní ḟuarr mé#Eoin 18, 38, agus 19, 4. an duine sin cionntaċ i n-aon ċionn de na neiṫe atá siḃ a ċur ina leiṫ.
15Ná ní ḟuair Ioruaḋ; óir ċuir mé ċuige-sean siḃ, agus féaċ, níor ṫárla aon níḋ dó a ṫuillfeaḋ bás.
16Ar an aḋḃar sin, smaċtfaiḋ mé é, agus leigfiḋ mé saor é.
17Óir b’éigean dó aoinneaċ aṁáin a leigin saor dóiḃ lá na; féile.
18Aċt scairt an sluaġ uilig amaċ i n-aoinḟeaċt, ag ráḋ: Beir uainn é seo, agus scaoil ċugainn Barabbas,
19Agus cuireaḋ eisean i bpríosún mar ġeall ar ċeannairc áiriṫe agus ar ḋúnṁarḃaḋ a ṫárla san ċaṫair.
20Agus laḃair Pioláit leo arís, ag súil le h-Íosa a leigin saor.
21Aċt scairt siad amaċ arís, ag ráḋ: Céas é, céas é.
22Agus duḃairt sé leo an tríoṁaḋ h-uair: Agus cad é an t-olc atá déanta aige seo?#Mait. 27, 23; Marc. 15, 14. Ní ḟaġaim-se aon ċúis ḃáis ann; ar an aḋḃar sin, smaċtfaiḋ mé é, agus leigfiḋ mé saor é.
23Agus lean siad-san de iarraiḋ i n-árd a gcinn go ndéanfaiḋe é ċéasaḋ, agus ḃuaiḋ a nguṫanna.
24Agus ṫug Pioláit mar ḃreiṫ go ndéanfaiḋe an rud a d’iarr siad.
25Agus scaoil sé ċuca an té a d’iarr siad, agus a ḃí curṫa i bpríosún mar ġeall ar ḋúnṁarḃaḋ agus ceannairc; aċt ṫug sé suas Íosa dóiḃ le déanaṁ leis mar ba ṁian leo.
26Agus nuair a ḃí siad ġá ḃreiṫ leo, rug siad ar Ṡíomon, duine áiriṫe as an Ċuiréin,#Mait. 27, 32; Marc. 15, 21. agus é ag teaċt ó’n tuaiṫ, agus ċuir siad an ċros air le h-iomċar ar ċúl Íosa.
27Agus lean sluaġ mór é de’n ṗobal, agus de ṁná a ḃí ag gol agus ġá ċaomeaḋ.
28Aċt ṫionntuiġ Íosa ċuca, agus duḃairt: A mġeanaċa Ierusalem, ná caoinigiḋ mise, aċt caoinigiḋ siḃ féin agus ḃur gclann.
29Óir tiocfaiḋ na laeṫe ina n-abróċaiḋ siad: Is méanar do na mná aimride, agus do na bronna naċ rug clann, agus do na cíoċa naċ dtug bainne.
30Annsin toiseoċaiḋ siad a ráḋ leis na sléiḃte:#Isaias 2, 19; Osee 10, 8; Taiḋḃ. 6, 16. Tuitigiḋ orainn; agus leis na cnuic: Foluiġigiḋ sinn.
31Óir má ġní siad na neiṫe seo san aḋmad úr, cad é ḋéanfar san aḋmad ċríon?
32Agus tugaḋ beirt eile fosta, beirt ċuirpṫeaċ, i n-aoinḟeaċt leis, ċun iad a ċur ċun báis.
33Agus nuair a ṫáinic siad go dtí an áit, dá ngoirtear Calḃaire,#Mait. 27, 33; Marc. 15, 22; Eoin 19, 17. ċéas siad annsin é féin agus na gadaiḋṫe, duine ar a ḋeis, agus an duine eile ar a ċlí.
34Agus duḃirt Íosa: A Aṫair, maiṫ dóiḃ; óir ní ḟuil a ḟios acu cad é tá dá ḋéanaṁ acu. Agus ag roinn a ċuid éadaiġ eatorṫa dóiḃ, ċaiṫ siad crainn orṫa.
35Agus ḃí na daoine ina seasaṁ ag stánaḋ, agus ḃí na h-uaċtar-áin mar aon leo ag déanaṁ magaiḋ faoi, ag ráḋ: Ṡáḃáil sé daoine eile, sáḃáileaḋ sé é féin, má’s é seo an Críost a ṫoġ Dia.
36Agus rinne na saiġdiuirí fosta magaḋ faoi, ag teaċt ċuige agus ag tairgint fínéigre dó,
37Agus ag ráḋ: Má’s tú rí na n-Iúdaċ, sáḃáil tú féin.
38Agus ḃí scríḃinn scríoḃṫa fosta ós a ċionn i litreaċa Gréigise agus Laidne agus Eaḃraise: IS É SEO RÍ NA N-IÚDAĊ.
39Agus duine de na gadaiḋṫe seo a ḃí ar croċaḋ, ṫug sé diaṁasla dó, ag ráḋ: Má’s tú an Críost, sáḃáil ṫú féin agus sinne.
40Aċt d’ḟreagair an duine eile, agus ṫug sé aċṁusán dó, ag ráḋ: An é naċ ḃfuil eagla Dé ort, agus tú féin faoi’n ḋaor-ḃreiṫ ċéadna?
41Agus sinne leoga go ceart, óir fuaireamar an rud a b’airiḋe ar ár ngníoṁarṫa; aċt ní ḋearna sé seo aon olc.
42Agus duḃairt sé le h-Íosa: A Ṫiġearna, cuiṁniġ orm-sa, nuair a ṫiocfas tú isteaċ i do ríoġaċt.
43Agus duḃairt Íosa leis: Amén adeirim leat, béiḋ tú i m’ḟoċair-se indiu i bpárrṫas#23, 43 Párrṫas. Is é sin, áit suaiṁnis, agus áṫais agus síoṫċána síorraiḋe. B’é toil Ċríost, tré ṗriḃléid ar leiṫ, luaċ saoṫair a ṫaḃairt do’n ġadaiḋe seo as uċt a ċreidiṁ agus a adṁála, agus b’é seo an luaċ saoṫair; a ṗeacaiḋe agus gaċ pionós dár ṫuill siad a ṁaiṫeaṁ dó, agus é leigin isteaċ láiṫreaċ i ndiaiḋ a báis i gcuideaċta aoiḃinn na naoṁ. An limbo, ina mbíoḋ na naoiṁ, rinneaḋ párrṫas de nuair a ċuaiḋ ár dTiġearna ann..
44Agus ḃí sé timċeall na seiseaḋ h-uaire, agus ṫáinic dorċadas ar an talaṁ uilig go dtí an naoṁaḋ h-uair.
45Agus dorċuiġeaḋ an ġrian, agus réabaḋ brat an teampaill ina lár.
46Agus scairt Íosa amaċ de guṫ árd, agus duḃairt:#Sailm 30, 6. A Aṫair, cuirim mo spiorad isteaċ i do láṁa. Agus ġá ráḋ sin dó, ṡíoṫluiġ sé.
47Agus nuair a ċonnaic an ceanntúir an níḋ a ṫárla, ṫug sé glóir do Ḋia, ag ráḋ: Go dearḃṫa ba ḋuine cóir é seo.
48Agus an sluaġ sin uilig a ḃí i láṫar ag an raḋarc úd, nuair a ċonnaic siad na neiṫe a ṫárla, ṗill siad ṫar ais ag bualaḋ a n-uċt.
49Agus a luċt aiṫeantais uilig, agus na mná a lean é ó’n Ġailile, ṡeasuiġ siad i ḃfad amaċ ag aṁarc ar na neiṫé sin.
50Agus féaċ, ḃí fear ann, darḃ ainm Ióseṗ,#Mait. 27, 57; Marc. 15, 43; Eoin 19, 38. fear maiṫ agus cóir, arḃ ċóṁairleaċ é,
51Agus níor aontuiġ sé seo leis an ċóṁairle ná le n-a ngníoṁ-arṫa, agus b’as Arimatea, caṫair de ċuid Iudaia, dó agus ḃí súil aige-sean fosta le ríoġaċt Dé:
52Agus ċuaiḋ sé seo ċuig Pioláit, agus d’iarr sé corp Íosa.
53Agus ġá tógáil anuas dó, ċuaċ sé i línéadaċ é, agus ċuir sé é i dtuamba a ḃí gearrṫa as carraig, agus naċ raiḃ aoinneaċ curṫa ann go dtí sin.
54Agus ḃí an t-ullṁuġaḋ#23, 54 An t-ullṁuġaḋ. Is é sin le ráḋ, an lá roiṁ an tsabóid nuair a ġníṫí ullṁuġaḋ fá ċoinne na saoire. ann, agus an tsabóid ag teaċt.
55Agus na mná a ṫáinic leis ó’n Ġailile, ġá leanaṁaint dóiḃ, ċonnaic siad an tuamba, agus cad é mar ḃí a ċorp curṫa.
56Agus ar ṗilleaḋ dóiḃ, d’ullṁuiġ siad spíosraí agus ungṫa, agus annsin ġlac siad a scíste ar an tsabóid do réir na h-aiṫne.
Tällä hetkellä valittuna:
Lúcas 23: ASN1943G
Korostus
Jaa
Kopioi
Haluatko, että korostuksesi tallennetaan kaikille laitteillesi? Rekisteröidy tai kirjaudu sisään
rights held by the Bible Society in Northern Ireland