Fuair an Tiarna an boladh cumhra agus dúirt sé leis féin: “Ní baol go gcuirfidh mé mallacht ar an talamh go brách arís de bharr an duine, óir is ar an olc atá a chroí meáite ag an duine óna óige. Ní bhuailfidh mé an uile dhúil bheo mar a rinne mé go deo arís.
Fad a bheidh an talamh ann,
ní rachaidh stad arís
ar shíolchur ná ar fhómhar,
ar fhuacht ná ar theas,
ar shamhradh ná ar gheimhreadh,
ar lá ná ar oíche.”