Logo YouVersion
Îcone de recherche

Na Sailm 6

6
Salm 6.
Domine, ne in furore.
1A Thiarna, ná tabhair achasán dom agus fearg ort: agus ná cuir smacht orm agus tú i bhfíoch liom.
2Bíodh trócaire agat orm, a Thiarna, ó táim cloíte: a Thiarna, slánaigh mé, ó tá mo chnámha coscartha.
3Agus tá mórbhuaireamh ar mʼanam: ach, a Thiarna, cá fhad a bheidh tú do mo phianadh?
4Fill, a Thiarna, agus fuascail mʼanam: saor mé ar son do thrócaire.
5Óir sa bhás ní chuimhníonn aon duine ort: agus cé a thabharfaidh buíochas duit sa pholl?
6Táim tuirseach ag osnaíl: ním mo leaba gach oíche, agus fliuchaim mʼiomaí le mo dheora.
7Dʼimigh mo mhaise uaim le tréanbhuaireamh: críonadh í de bharr mo naimhde uile.
8Imigh uaim, a lucht déanta an díomhaointis: óir chuala an Tiarna fuaim mo chaointe.
9Chuala an Tiarna mʼachainíocha: glacfaidh an Tiarna le mo ghuí.
10Cuirfear náire agus mórbhuaireamh ar mo naimhde uile: cuirfear ar gcúl iad, agus cuirfear náire orthu go tobann.

Sélection en cours:

Na Sailm 6: OC1965

Surbrillance

Partager

Copier

None

Tu souhaites voir tes moments forts enregistrés sur tous tes appareils? Inscris-toi ou connecte-toi