Geineasas 9
9
1Bheannaigh an Tiarna Naoi agus a chlann mhac agus dúirt sé leo: “Bíodh an rath oraibh, téigí i líonmhaire agus líonaigí an talamh. 2Bíodh scéin agus eagla romhaibh ar na hainmhithe allta go léir, ar éanlaith an aeir go léir, ar gach a shníonn ar talamh, agus ar iasc na farraige go léir; faoi bhur lámha a cuireadh iad go léir. 3Gach dúil bheo ina bhfuil lúth, bídís agaibh mar bhia, chomh maith leis na luibheanna glasa. Tugaim gach ní daoibh, 4ach ná hithigí feoil ina bhfuil an t‑anam, sé sin an fhuil. 5Éileoidh mé cuntas ar fhuil bhur n‑anama; éileoidh mé é sin ó gach ainmhí agus ó gach duine. Éileoidh mé cuntas ar anam gach duine óna chomhdhuine.
6Cibé a dhoirtfidh fuil duine
is le duine a dhoirtfear a fhuil,
óir is ar dheilbh Dé
a rinneadh an duine.
7Ach sibhse, bígí torthach agus téigí i líonmhaire; bíodh an rath go raidhseach oraibh ar an talamh agus bíodh smacht agaibh air.” 8Dúirt Dia le Naoi agus lena chlann mhac: 9“Féach, daingním mo Chonradh leatsa agus le do shíol i do dhiaidh; 10agus mar an gcéanna le gach uile dhúil bheo dá bhfuil faraibh, an éanlaith, an t‑eallach, agus gach ainmhí allta atá faraibh, a dtáinig amach as an áirc, a bhfuil beo ar talamh. 11Daingním mo Chonradh libh; go deo arís ní scriosfar an uile fheoil le huiscí díleann, ná ní bheidh go deo arís díle ann chun an domhan a scrios.” 12Agus dúirt Dia: “Seo é comhartha an Chonartha a dhéanaim idir mé féin agus sibhse agus gach dúil bheo atá faraibh ar feadh na nglún go léir le teacht. 13Cuirim mo bhogha sna néalta i gcomhartha an Chonartha idir mise agus an talamh. 14Nuair a chruinneoidh mé na néalta os cionn na talún agus go bhfeicfear an bogha sna néalta, 15cuimhneoidh mé ar an gConradh atá idir mise agus sibhse, agus gach dúil bheo den uile fheoil; agus ní dhéanfaidh díle go deo arís de na huiscí chun an uile fheoil a scrios. 16Nuair a bheidh an bogha sna néalta, féachfaidh mé air agus cuimhneoidh mé ar an gConradh síoraí atá idir Dia agus an uile dhúil bheo den uile fheoil dá bhfuil ar talamh.” 17Dúirt Dia le Naoi: “É seo comhartha an Chonartha a dhaingnigh mé idir mé agus an uile fheoil dá bhfuil ar talamh.”
Tar Éis na Díleann
18Ba iad Séam, Hám agus Iáfat clann mhac Naoi a tháinig as an áirc; ó Hám a shíolraigh Canán. 19Ba iadsan clann mhac Naoi agus is é a síol a leath ar fud an domhain go léir. 20Saothróir talún Naoi agus ba é an chéad duine é a phlandaigh fíonghort. 21D'ól sé cuid den fhíon agus fad bhí an mheisce air, bhí sé nochta ina bhoth. 22Chonaic Hám, an té ónár shíolraigh Canán, a athair agus é nochta agus dúirt sé é lena bheirt dearthár lasmuigh. 23Ansin thóg Séam agus Iáfat brat, chuir ar a slinneáin é, agus isteach leo i ndiaidh a gcúil agus d'fholaíodar baill nochta a n‑athar. Bhí a n‑aghaidh iompaithe uaidh i dtreo nach bhfacadar baill nochta a n‑athar. 24Nuair a tháinig Naoi chuige féin ón meisce fhíona agus go bhfaca sé cad a rinne an mac a ba óige leis, 25dúirt sé:
“Go raibh mallacht ar Chanán!
Beidh sé ina dhaor na ndaor
ag a dheartháireacha.”
26Lean sé air:
“Go raibh beannacht ar Shéam ón Tiarna Dia.
Go raibh Canán aige ina dhaor.
27Go méadaí Dia Iáfat!
Go lonnaí sé i mbothanna Shéam.
Go raibh Canán aige ina dhaor.”
28Mhair Naoi trí chéad go leith bliain tar éis na díleann. 29 Mhair sé naoi gcéad go leith bliain ar fad agus ansin fuair sé bas.
Sélection en cours:
Geineasas 9: ABN
Surbrillance
Partager
Copier
Tu souhaites voir tes moments forts enregistrés sur tous tes appareils? Inscris-toi ou connecte-toi
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.