Eoin 12
12
1Agus sé lá roimh an gcáisc, tháinig Íosa go Bétánia, mar a raibh Lasarus, do bhí tógtha ag Íosa ó’n mbás. 2Agus do‐rinneadar séire annsin: agus do bhí Marta ag friotháileamh; acht do bhí Lasarus mar aon leo‐san do bhí ’n‐a suidhe chum bidh leis. 3Agus do thóg Máire púnt d’uinnimint náird ghlain, an‐luachmhair, agus d’ong sí cosa Íosa, agus do thriomuigh sí a chosa le n‐a gruaig; agus do líonadh an teach de chumhracht na h‐uinniminte. 4Acht adubhairt duine d’á dheisceablaibh, Iúdás Iscariót, an té do bhí le n‐a bhraith, 5Cad chuige nár díoladh an uinnimint seo ar thrí chéad pinginn, agus a thabhairt do na bochtaibh? 6Ní h‐é go raibh spéis aige ins na bochtaibh go ndubhairt sé sin; acht gur ghadaidhe é, agus gurbh é do bhí i mbun bosca an airgid, agus go mbíodh sé ag goid a gcuirtidhe ann. 7Uime sin adubhairt Íosa, Leigidh dhí: go gcoimhéadaidh sí fá chómhair lae m’adhlaicthe é. 8Óir bíonn na boicht ’n‐bhúr bhfochair i gcómhnaidhe; acht ní bhím‐se ’n‐bhúr bhfochair i gcómhnaidhe.
9Agus do bhí a fhios ag coitcheanntacht na nIúdach go raibh sé annsin: agus thángadar, ní h‐amháin mar gheall ar Íosa, acht chum go bhfeicfidís Lasarus do bhí tógtha aige ó na marbhaibh. 10Acht do cheap uachtaráin na sagart de chómhairle Lasarus do chur chum báis, chómh maith; 11de chionn go raibh mórán de na h‐Iúdaigh ag imtheacht, agus ag creideamhain i hÍosa.
12Lá ar n‐a bhárach, do bhí sluagh mór díobh‐san tháinig chum na féile, agus nuair do‐chualadar go raibh Íosa ag teacht go h‐Iarúsalem, 13do thógadar géaga de na pailmibh, agus do ghluaiseadar amach ’n‐a airchis, agus do ghlaodhadar amach, Hósanna: is beannuighthe an té atá ag teacht i n‐ainm an Tighearna, Rí Israel. 14Agus fuair Íosa asal óg agus do shuidh sé air; 15mar tá scríobhtha, Ná bíodh eagla ort, a inghean Shíoin: féach, atá do Rí ag teacht, ’n‐a shuidhe ar shearrach asail. 16Níor thuig a dheisceabail na neithe sin ar dtús: acht nuair do bhí Íosa glóirighthe, annsin do chuimhnigheadar ar a raibh scríobhtha ’n‐a thaobh, agus go ndearnadar na neithe sin dó. 17Uime sin, an sluagh daoine do bhí ’n‐a fhochair nuair do ghlaodh sé Lasarus as an tuama, agus do thóg sé ó na marbhaibh é, thugadar fiadhnaise uatha. 18Uime sin, fós, do chuaidh an sluagh ’n‐a airchis, óir do‐chualadar go ndearna sé an mhíorbhail sin. 19Adubhairt na Fairisínigh, d’á bhrigh sin, eadortha féin, Do‐chí sibh nach bhfuil ag éirghe libh ar chor ar bith: féach, atá an saoghal go léir imthighthe ’n‐a dhiaidh.
20Agus do bhí Gréagaigh áirithe i measc na ndaoine do chuaidh suas chum adhradh do dhéanamh sa bhféile: 21tháinigh siad‐san chum Philib, fear as Bésáida na Galilé, agus do cheistigheadar é, g‐á rádh, A dhuine uasail, ba mhaith linn Íosa d’fheicsin. 22Tháinig Pilib agus d’innis sé d’Aindrias é: tháinig Aindrias agus Pilib, agus d’inniseadar d’Íosa é. 23Agus d’fhreagair Íosa iad, g‐á rádh, Atá an uair tagtha chum glóir do thabhairt do Mhac an Duine. 24Go fírinneach adeirim libh, Muna dtuitidh gráinne cruithneachtan sa talamh agus go n‐éagann sé, fanann sé ’n‐a aonar: acht má éagann sé, do‐bheir sé toradh mór uaidh. 25An té gur mór aige a anam cailleann sé é; agus an té gur beag air a anam sa tsaoghal so, coimhéadfaidh sé chum na beathadh síorraidhé é. 26Má ghníonn aoinneach seirbhís damh‐sa, leanadh sé mé; agus an áit ’n‐a mhbím‐se, béidh mo sheirbhíseach ann, chómh maith: má ghníonn duine ar bith seirbhís damh‐sa, do‐bhéarfaidh m’Athair onóir dhó. 27Anois atá buaidhirt anma orm; agus créad adéarfad? A Athair, fuascail mé ó’n uair seo. Acht chuige seo is eadh tháinig mé chum na h‐uaire seo. 28A Athair, glóirigh t’ainm. Annsin tháinig guth ó neamh, Do ghlóirigheas cheana é, agus glóireochad arís é. 29Agus an sluagh do bhí ’n‐a seasamh annsin, nuair do‐chualadar é, adubhradar gur tóirneach do bhí ann: adubhairt cuid eile, Aingeal do labhair leis. 30D’fhreagair Íosa agus adubhairt, Ní ar mo shon‐sa tháinig an guth sin, acht ar bhúr son‐sa. 31Anois atá breitheamhnas an tsaoghail seo ann; anois atá prionnsa an tsaoghail seo le ruagadh. 32Agus mise, má árduighthear mé ó’n talamh, tarraingeochad chugam na daoine uile. 33Acht adubhairt sé sin g‐á chur i dtuigsint dóibh cia an saghas báis do‐gheobhadh sé. 34D’fhreagair an sluagh é, Do thuigeamar ó’n dlighe go bhfanann an Críost de shíor: agus adeir tusa go gcaithfear Mac an Duine d’árdú? cia h‐é Mac so an Duine? 35Annsin adubhairt Íosa leo, Tamall beag eile fós, béidh an solas ’n‐bhúr measc. Siubhlaidh an fhaid atá an solas agaibh, i dtreo nach mbéarfadh an dorchact oraibh: agus an té shiubhlas sa dorchact, ní bhíonn a fhios aige cá mbíonn sé ag dul. 36An fhaid atá an solas agaibh, creididh sa tsolas, chum go mbéidh sibh ’n‐bhúr gclainn do’n tsolas.
Do labhair Íosa an méid sin, agus d’imthigh sé agus do cheil sé é féin ortha. 37Acht gidh go ndearna sé an oiread sin míorbhal ’n‐a bhfiadhnaise, níor chreideadar ann: 38ionnas go gcóimhlíonfaidhe briathar Ésáias fáidh, adubhairt,
A Thighearna, cia chreid ar fhógramar?
Agus cia dhó gur nochtadh lámh an Tighearna?
39Ba é fáth nár fhéadadar creideamhain, go ndubhairt Ésáias i n‐áit eile.
40Do dhall sé a súile, agus chruadhuigh sé a gcroidhe;
Ionnas nach bhfeicfidís le n‐a súilibh, ná nach dtuigfidís le n‐a gcroidhe,
Agus nach gcasfaidís,
Agus nach leigheasfainn iad.
41Adubhairt Ésáias é sin, toisc go bhfaca sé a ghlóir; agus do labhair sé ’n‐a thaobh. 42Do bhí mórán de na h‐uachtaránaibh féin, ámh, do chreid ann; acht, mar gheall ar na Fairisíneachaibh níor admhuigheadar é, ar eagla go gcuirfidhe amach as an tsionagóig iad: 43óir ba mhó aca an ghlóir dhaonna ’ná glóir d’fhágháil ó Dhia. 44Agus do ghlaodh Íosa de ghuth árd agus adubhairt, An té chreideas ionnam‐sa ní h‐ionnam‐sa chreideas sé, acht san té do chuir uaidh mé. 45Agus an té do‐chí mise, do‐chí sé an té do chuir uaidh mé. 46Tháinig mé mar sholas ar an saoghal, ionnas cibé chreideas ionnam, nach bhfanfadh sé sa dorchacht. 47Agus má éisteann aoinneach lem’ bhriathraibh, agus nach dtugann aire dhóibh, ní thugaim‐se breith air: óir ní chum breith do thabhairt ar an saoghal thánag, acht chum an tsaoghail do shlánú. 48An té dhiúltas dom, agus nach nglacann lem’ bhriathraibh, atá aige an té do‐bheir breith air: an briathar adubhart‐sa, do‐bhéarfaidh an briathar sin breith air an lá déidheannach. 49Óir ní h‐uaim féin do labhras‐sa; acht an t‐Athair do chuir uaidh mé, thug sé órdú dhom, céard adéarfainn, agus céard do labharfainn. 50Agus atá a fhios agam gur beatha shíorraidhe a órdú: uime sin, gach a labhraim‐se, mar dubhairt an t‐Athair liom é, labhraim.
נבחרו כעת:
Eoin 12: ATN1951
הדגשה
שתף
העתק
רוצים לשמור את ההדגשות שלכם בכל המכשירים שלכם? הירשמו או היכנסו
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932