Eoin 14

14
1Ná bíodh buaidhirt croidhe oraibh; creididh i nDia, creididh ionnam‐sa mar an gcéadna. 2Is iomdha árus i dteaghlach m’Athar; muna mar sin do bhí, adéarfainn libh é; óir atáim ag dul le áit do chur i n‐áirithe dhaoibh. 3Agus má imthighim le áit do chur i n‐áirithe dhaoibh, fillfead agus glacfad chugam féin sibh; chum go mbéidh sibh‐se mar a mbéidhead‐sa, leis. 4Agus an áit ’n‐a bhfuilim ag dul, atá eolas an bhealaigh agaibh‐se. 5Adubhairt Tomás leis, A Thighearna, ní h‐eol dúinn cá bhfuilir ag dul; cionnas atá eolas an bhealaigh againne? 6Adubhairt Íosa leis, Is mise an tslighe, agus an fhírinne, agus an bheatha: ní thig aoinneach chum an Athar acht amháin tríom‐sa. 7Dá mbéadh aithne agaibh orm‐sa, d’aithneochadh sibh an t‐Athair, chómh maith: is aithnid daoibh anois é, agus do chonnacabhar é. 8Adubhairt Pilib leis, A Thighearna, taisbeán dúinn an t‐Athair, agus is leor dúinn sin. 9Adubhairt Íosa leis, An bhfuilim an fhaid sin ’n‐bhúr measc, agus gan aithne agat orm, a Philib? an té do chonnaic mise, do chonnaic sé an t‐Athair; cionnas adeir tusa, Taisbeán an t‐Athair dhúinn? 10Nach gcreideann tú go bhfuilim‐se san Athair, agus go bhfuil an t‐Athair ionnam‐sa? na briathra adeirim libh, ní h‐uaim féin labhraim iad; acht an t‐Athair atá ’n‐a chómhnaidhe ionnam, is é oibrigheas. 11Creididh uaim go bhfuilim‐se san Athair, agus go bhfuil an t‐Athair ionnam‐sa: nó, an chuid is lugha dhe, creididh mé mar gheall ar na h‐oibreachaibh féin. 12Go fírinneach adeirim libh, An té chreideas ionnam‐sa, na h‐oibreacha do‐ghním‐se, déanfaidh seisean iad mar an gcéadna, agus is mó ’ná iad dhéanfas sé; toisc go bhfuilim ag dul chum an Athar. 13Agus cibé nidh iarrfas sibh im’ ainm‐se, déanfad é, chum go nglóireochar an t‐Athair san Mac. 14Má iarrann sibh nidh ar bith im’ ainm‐se, déanfad é. 15Má tá grádh agaibh dom, coimhéadfaidh sibh m’aitheanta. 16Agus cuirfead‐sa athchuinghe ar an Athair, agus do‐bhéarfaidh sé Sólásaidhe eile dhaoibh chum bheith ’n‐bhúr bhfochair go deoidh, Spiorad na fírinne: 17nach bhféadann an saoghal a ghlacadh; óir ní fheiceann ná ní aithnigheann sé é: aithnigheann sibh‐se é; óir fanann sé agaibh, agus béidh se ionnaibh. 18Ní fhágfad ’n‐bhúr ndílleachtaibh sibh; tiocfad chugaibh. 19Tamall beag eile, agus ní fheicfidh an saoghal mé feasta; acht do‐chífidh sibh‐se mé: óir átáim beo, agus béidh sibh‐se beo mar an gcéadna. 20Béidh a fhios agaibh an lá sin go bhfuilimse im’ Athair, agus go bhfuil sibh‐se ionnam‐sa, agus mise ionnaibh‐se. 21An té go bhfuil m’aitheanta aige, agus chóimhlíonas iad, is é sin an té go bhfuil grádh aige dhom: agus an té go bhfuil grádh aige dhamh‐sa, béidh grádh ag an Athair dhó‐san, agus béidh grádh agam‐sa dhó, agus foillseochad mé féin dó. 22Adubhairt Iúdás (níorbh é Iscariót é) leis, A Thighearna, cad fá ndeara gur dúinne fhoillseochair thú féin, agus nach do’n tsaoghal é? 23D’fhreagair Íosa agus adubhairt sé leis, Má tá grádh ag duine dhom, choimhéadfaidh sé mo bhriathar: agus béidh grádh ag an Athair dhó, agus tiocfaimíd chuige, agus déanfaimíd cómhnaidhe ’n‐a fhochair. 24An té nach bhfuil grádh aige dhom, ní choimhéadann sé mo bhriathra: agus an briathar do‐chluin sibh, ní h‐é mo bhriathar‐sa é, acht briathar an Athar do chuir uaidh mé.
25Do labhras an méid sin libh, agus mé im’ chómhnaidhe ’n‐bhúr bhfochair. 26Acht an Sólásaidhe, an Spiorad Naomh, chuirfeas an t‐Athair uaidh im’ ainm‐se, múinfidh seisean gach uile nidh dhaoibh, agus cuirfidh sé i gcuimhne dhaoibh gach a ndubhras libh. 27Fágaim síothcháin agaibh; do‐bheirim mo shíothcháin daoibh: ní mar do‐bheir an saoghal, do‐bheirim‐se dhaoibh. Ná bíodh buaidhirt ar bhúr gcroidhe, ná eagla air. 28Do‐chualabhar mé g‐á rádh libh, Atáim ag imtheacht agus atáim ag filleadh chugaibh. Dá mbéadh grádh agaibh dom, do bhéadh áthas oraibh, toisc go bhfuilim ag dul chum an Athar: óir is mó an t‐Athair ’ná mise. 29Agus anois atá sé inniste agam daoibh roimh ré, chum go gcreidfeadh sibh nuair thiocfas sé chum críche. 30Ní labharfad mórán eile libh, óir atá prionnsa an tsaoghail seo ag teacht: agus ní fhuil baint ar bith aige liom‐sa; 31acht chum go n‐aithneochadh an saoghal go bhfuil grádh agam do’n Athair, agus gur de réir mar d’órduigh an t‐Athair dhom do‐ghním. Éirighidh, imthighmís as so.

נבחרו כעת:

Eoin 14: ATN1951

הדגשה

שתף

העתק

None

רוצים לשמור את ההדגשות שלכם בכל המכשירים שלכם? הירשמו או היכנסו