Eoin 16
16
1D’inniseas an méid sin daoibh chum nach nglacfadh sibh scannal. 2Cuirfear amach as na sionagógaibh sibh: thairis sin, atá an uair ag teacht go measfaidh an té mharbhas sibh gur ag déanamh seirbhíse do Dhia atá sé. 3Agus do‐ghéanaid an méid sin, de chionn nach aithnid dóibh an t‐Athair ná mise. 4Acht d’inniseas na neithe sin daoibh chum go gcuimhneochaidh sibh ar a ndubhairt mé libh, nuair thiocfas an t‐am. Acht níor inniseas na neithe sin daoibh ó thosach, toisc go rabhas‐sa ’n‐bhúr bhfochair. 5Acht atáim ag dul anois chum an té do chuir uaidh mé; agus ní fhuil duine agaibh g‐á fhiafruighe dhíom, Cá bhfuilir ag dul? 6Acht de bhrigh gur labhras na neithe sin libh, do líon bhúr gcroidhe de dhólás. 7Acht cheana atáim ag innsin na fírinne dhaoibh; Is é bhúr leas mé d’imtheacht: óir muna n‐imthighim, ní thiocfaidh an Sólásaidhe chugaibh, acht má imthighim, cuirfead chugaibh é. 8Agus nuair thiocfas seisean, pléidhfidh sé leis an saoghal i dtaobh an pheacaidh, agus an chirt, agus an bhreitheamhnais: 9i dtaobh an pheacaidh, de chionn nach gcreidid ionnam‐sa; 10i dtaobh an chirt, toisc go bhfuilim ag dul chum m’Athar, agus nach bhfeicfidh sibh feasta mé; 11i dtaobh an bhreitheamhnais, de bhrigh go bhfuil breitheamhnas tabhartha ar phrionnsa an tsaoghail seo. 12Is iomdha nidh eile atá agam le rádh libh fós, acht ní fhuil ar chumas daoibh a fhulang anois. Acht cheana, 13nuair thiocfas an Spiorad úd na fírinne, treoróchaidh sé chum na fírinne uile sibh: óir ní h‐uaidh féin labhras sé; acht labharfaidh sé gach a gcluineann sé: agus nochtfaidh sé dhaoibh na neithe atá le teacht. 14Do‐bhéarfaidh sé glóir dhamh‐sa: óir glacfaidh sé dem’ chuid‐se, agus nochtfaidh sé dhaoibh é. 15Gach a bhfuil ag an Athair, is liom‐sa é: d’á bhrigh sin adubhairt mé go nglacann sé dem’ chuid‐se, agus go nochtfaidh sé dhaoibh é. 16Tamall beag, agus ní fheicfidh sibh me; agus tamall beag eile, agus chífidh sibh mé. 17Annsin adubhairt cuid d’á dheisceablaibh le n‐a chéile, Caidé seo adeir sé linn, Tamall beag, agus ní fheicfidh sibh mé; agus tamall beag eile, agus chífidh sibh mé; agus, Toisc go bhfuilim ag dul chum an Athar? 18Uime sin adubhradar, Caidé seo adeir sé, Tamall beag? 19Ní thuigimíd an chainnt sin aige. Do bhí a fhios ag Íosa gur mhian leo ceist do chur air, agus adubhairt sé leo, An bhfuil sibh ag ceistiú eadraibh féin fá go ndubhairt mé, Tamall beag, agus ní fheicfidh sibh mé, agus tamall beag eile, agus chífidh sibh mé? 20Go fírinneach adeirim libh, go ndéanfaidh sibh‐se gol agus caoineadh, acht béidh áthas ar an saoghal: béidh brón oraibh‐se, acht athróchar bhúr mbrón chum gáirdeachais. 21Nuair bhíos bean i leabaidh luighe seolta, bíonn dólás uirthi, toisc a h‐am bheith tagtha: acht chómh luath agus beirtear an naoidhean, ní chuimhnigheann sí a thuilleadh ar an doilgheas le gáirdeachas go bhfuil daonnaidhe tagtha ar an saoghal. 22Mar sin daoibh‐se, agus brón oraibh fá láthair: acht do‐chífead arís sibh, agus béidh áthas ar bhúr gcroidhe, agus ní bhainfidh aoinneach bhúr n‐áthas díbh. 23Agus ins an lá sin ní chuirfidh sibh ceist orm. Go fírinneach adeirim libh, Má iarrann sibh nidh ar bith ar an Athair, do‐bhéarfaidh sé dhaoibh é im’ ainm‐se. 24Go dtí seo níor iarrabhar éinnidh im’ ainm‐se: iarraidh, agus do‐gheobhaidh sibh, ionnas go mbéidh bhúr n‐áthas iomlán.
25Do labhras an méid sin libh i samhlaoidibh: atá an uair ag teacht nach labharfad libh feasta i samhlaoidibh, acht go n‐innseochad daoibh go soiléir i dtaobh an Athar. 26Iarrfaidh sibh im’ ainm‐se an lá sin: agus ní abraim libh go nguidhfead chum an Athar ar bhúr son: 27óir atá grádh ag an Athair féin daoibh, de bhrigh go raibh grádh agaibh‐se dhamh‐sa, agus gur chreideabhar gur ó Dhia tháinig mé. 28Tháinig mé amach ó’n Athair, agus tháinig mé ar an saoghal: atáim ag fágáil an tsaoghail arís, agus atáim ag dul chum an Athar. 29Adubhairt a dheisceabail, Féach, anois atáir ag labhairt go soiléir, agus ní samhlaoid atá agat d’á rádh. 30Atá a fhios againn anois gur ab eol duit an uile nidh, agus nach gábhadh dhuit aon duine bheith gad’ cheistiú: creidimíd d’á bhrigh sin go dtáinig tú amach ó Dhia. 31D’fhreagair Íosa dhóibh, An gcreideann sibh anois? 32Féach, atá an uair ag teacht, atá sí ann anois féin, ’n‐a scaipfear gach duine agaibh chum a bhaile féin, agus ’n‐a bhfágfaidh sibh mise im’ aonar: acht cheana, ní im’ aonar atáim, óir atá an t‐Athair im’ fhochair. 33Adubhairt mé an méid sin libh, chum go mbéadh síothcháin agaibh ionnam‐sa. Ata anró oraibh sa tsaoghal so: acht bíodh meisneach agaibh; atá buaidhte agam‐sa ar an saoghal.
נבחרו כעת:
Eoin 16: ATN1951
הדגשה
שתף
העתק
רוצים לשמור את ההדגשות שלכם בכל המכשירים שלכם? הירשמו או היכנסו
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932