Eoin 9

9
1Agus sa tsiubhal dó, do chonnaic sé duine do bhí dall ó rugadh é. 2Agus d’fhiafruigh a dheisceabail de, A Rabbí, cia aca do‐rinne peacadh, an duine seo, nó a athair agus a mháthair, go rugadh é ’n‐a dhall? 3D’fhreagair Íosa, Ní h‐é gur pheacuigh sé seo ná a athair ná a mháthair: acht chum go bhfoillseochaidhe oibreacha Dé tríd. 4Caithfimíd oibreacha an té do chuir uaidh mé do dhéanamh an fhaid atá an lá ann: atá an oidhche ag teacht nuair nach bhféadann aon duine obair do dhéanamh. 5An fhaid atáim ar an saoghal, is mise solas an tsaoghail. 6Nuair adubhairt sé an méid sin, do chaith sé seile ar an talamh, agus do‐rinne sé láib de’n tseile, agus do sméaruigh sé a shúile leis an láib, 7agus adubhairt sé leis, Imthigh, nigh i lochán Shílóam (chialluigheas, Curtha). D’imthigh sé, mar sin, agus do nigh, agus d’fhill sé agus a radharc aige. 8Agus a chómharsana agus na daoine do chonnaic roimhe sin é, agus é ’n‐a dhéirceoir, adubhradar, Nach é seo an té do bhíodh ’n‐a shuidhe ag iarraidh déirce? 9Adubhairt cuid aca, Is é: adubhairt cuid eile, Ní h‐é, acht is cosmhail leis é. 10Adubhairt sé féin, Is mise é. Annsin adubhradar leis, Cia an chaoi ar foscladh do shúile? 11D’fhreagair sé, An fear ar a dtugtar Íosa, do‐rinne sé láib, agus do sméaruigh sé mo shúile, agus adubhairt sé liom, Imthigh go Sílóam, agus nigh: agus d’imthigheas agus do nigheas, agus fuaras mo radharc. 12Agus adubhradhar leis, Cá bhfuil sé? Adubhairt seisean, Ní fhuil a fhios agam.
13Thugadar chum na bhFairisíneach an fear do bhí roimhe sin ’n‐a dhall. 14Agus ba é lá na sabóide do bhí ann nuair do‐rinne Íosa an láib agus d’fhoscail sé súile an duine. 15Agus d’fhiafruigh na Fairisínigh arís de cionnas fuair sé a radharc. Agus adubhairt sé leo, Do chuir sé láib ar mo shúilibh, agus do nigheas agus do‐chím. 16Uime sin adubhairt cuid de na Fairisíneachaibh, Ní ó Dhia an fear so, óir ní choimhéadann sé an tsabóid. Acht bhí cuid eile aca adubhairt, Cionnas is féidir do dhuine peacamhail a leithéidí de mhíorbhailtibh do dhéanamh? Agus do bhí siosma eadortha. 17Agus adubhairt siad arís leis an dall, Créad é do bharamhail de’n té úd, ó d’fhoscail sé do shúile? Adubhairt seisean, Fáidh is eadh é. 18Níor chreid na h‐Iúdaigh, ámh, an scéal go raibh sé ’n‐a dhall, agus go bhfuair sé a radharc, nó gur ghlaodhadar ar athair agus ar mháthair an té fuair a radharc, 19agus gur cheistigheadar iad, g‐á rádh, An é seo bhúr mac adeir sibh a rugadh ’n‐a dhall? Cionnas do‐chí sé anois? 20Adubhairt a athair agus a mháthair, Atá a fhios againn gur ab é ár mac é, agus go rugadh é ’n‐a dhall: 21acht cionnas tharla go bhfeiceann sé anois, ní fhuil a fhios againn; nó cia d’fhoscail a shúile, ní fhuil a fhios againn: cuiridh an cheist air féin; atá sé d’aois, labharfaidh sé ar a shon féin. 22Adubhairt an t‐athair agus an mháthair an méid sin ar eagla na nIúdach: óir do bhí socruighthe ag na h‐Iúdachaibh, dá n‐admhuigheadh duine ar bith gurbh é an Críost é, go gcuirfidhe amach é as an tsionagóig. 23Ar an adhbhar sin adubhairt a athair agus a mháthair. 24Atá sé d’aois, cuiridh an cheist air féin. Annsin do ghlaodhadar athuair ar an duine do bhí ’n‐a dhall, agus adubhradar leis, Tabhair glóir do Dhia: is eol dúinn gur peacach an fear úd. 25Adubhairt seisean leo, Ní fhuil a fhios agam an peacach é: atá a fhios agam aon nidh amháin, go rabhas im’ dhall, agus go bhfuil radharc agam anois. 26Adubhradar leis annsin, Créad do‐rinne sé dhuit? cionnas d’fhoscail sé do shúile? 27D’fhreagair seisean dóibh, D’inniseas cheana dhaoibh é, agus níor éisteabhar: cad chuige gur ab áil libh a chlos arís? an mian libh‐se, leis, bheith ’n‐bhúr ndeisceablaibh aige? 28Agus do tharcuisnigheadar é, agus adubhradar, Is deisceabal dó thusa, acht is do Mhaois is deisceabail sinne. 29Atá a fhios againn gur labhair Dia le Maois: acht ní h‐eol dúinn cá h‐as do’n fhear so. 30D’fhreagair an fear agus adubhairt sé leo, Nach iongantach an scéal é, nach eol daoibh cá h‐as dó, agus gur fhoscail sé mo shúile. 31Atá a fhios againn nach n‐éisteann Dia le lucht peacaidh do dhéanamh: acht an duine adhras Dia, agus ghníos a thoil, éisteann sé leisean. 32Ní chualathas ó thosach an domhain gur fhoscail aoinneach súile duine rugadh ’n‐a dhall. 33Muna mbéadh gur ó Dhia an fear so, ní fhéadfadh sé nidh ar bith do dhéanamh. 34D’fhreagradar‐san agus adubhradar leis, Is i bpeacaidhibh ar fad rugadh thusa, agus an ag tabhairt teagaisc dúinne atáir? Agus do chaitheadar amach é.
35Do‐chuala Íosa gur chaitheadar amach é; agus nuair fuair sé é, adubhairt sé leis, An gcreideann tusa i Mac Dé? 36D’fhreagair seisean agus adubhairt, Agus cia h‐é féin, a Thighearna, go gcreidfinn ann? 37Adubhairt Íosa leis, Do chonnacais é, agus an té atá ag labhairt leat is é é. 38Agus adubhairt seisean, Creidim, a Thighearna. Agus d’umhlaigh sé dhó. 39Agus adubhairt Íosa, Chum breitheamhnas do thabhairt thánag‐sa ar an saoghal so, chum go bhfeicfidh siad‐san nach bhfeiceann, agus go ndallfar iad‐san do‐chí. 40Do‐chuala cuid de na Fairisíneachaibh do bhí ’n‐a fhochair é sin, agus adubhradar leis, An bhfuilmíd‐ne dall, leis? 41Adubhairt Íosa leo, Dá mbéadh sibh dall, ní bhéadh peacadh oraibh: acht anois adeir sibh, Do‐chímíd: fanann bhúr bpeacadh.

נבחרו כעת:

Eoin 9: ATN1951

הדגשה

שתף

העתק

None

רוצים לשמור את ההדגשות שלכם בכל המכשירים שלכם? הירשמו או היכנסו