Eoin 3
3
1Agus do ḃí duine de na Fairisíneaċaiḃ, darḃ ainm Nicodémus, duine d’uaċtaránaiḃ na nIúdaċ: 2ṫáinig seisean ċum Íosa san oiḋċe, agus aduḃairt sé leis, A Rabbí, atá a ḟios againn gur múinteoir ṫáinig ó Ḋia ṫú: óir ní féidir go ndéanfaḋ aon duine na míorḃailtí ġníos tusa, gan Dia ḃeiṫ leis. 3D’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé leis, Go fírinneaċ adeirim leat, Muna ngeintear duine aṫuair, ní ḟéadann sé ríoġaċt Dé d’ḟeicsin. 4Aduḃairt Nicodémus leis, Cionnas do b’ḟéidir go ngeinfiḋe duine agus é aosta? An ḃféadfaḋ sé dul isteaċ i mbroinn a ṁáṫar aṫuair, agus a ḃreiṫ? 5D’ḟreagair Íosa, Go fírinneaċ adeirim leat, Muna ngeintear duine ó uisce agus ó’n Spiorad, ní ḟéadann sé dul isteaċ i ríoġaċt Dé. 6An niḋ geintear ó’n gcolainn, is colann é; agus an niḋ geintear ó’n sṗiorad is spiorad é. 7Ná bíoḋ iongnaḋ ort go nduḃras leat, Ní foláir ḃúr mbreiṫ aṫuair. 8Séideann an ġaoṫ mar is áil léi, agus do‐ċluin tú a fuaim, aċt ní h‐eol duit cad as a dtig sí, agus cá dtéid sí: mar sin do gaċ duine geintear ó’n Spiorad. 9D’ḟreagair Nicodémus agus aduḃairt sé leis, Cionnas is féidir na neiṫe sin do ḃeiṫ aṁlaiḋ? 10D’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé leis, An tusa múinteoir Israel, agus naċ eol duit na neiṫe sin? 11Go firinneaċ adeirim leat, Innsimíd an niḋ atá ar eolas againn, agus do‐ḃeirimid fiaḋnaise i dtaoḃ a ḃfacamar: agus ní ġlacann siḃ ár ḃfiaḋnaise. 12Má d’inniseas neiṫe saoġalta ḋaoiḃ, agus naċ gcreideann siḃ mé, cionnas ċreidfeas siḃ, má innsim neiṫe neaṁḋa ḋaoiḃ? 13Agus ní ḋeaċaiḋ aon duine suas ar neaṁ, aċt an té ṫáinig anuas ó neaṁ, Mac an Duine atá ar neaṁ. 14Agus fá mar árduiġ Maois an naṫair niṁe sa ḃfásaċ, caiṫfear Mac an Duine d’árdú ar an gcuma ċéadna: 15ċum go mbéiḋ an ḃeaṫa ṡíorraiḋe ag an uile ḋuine ċreideas ann.
16Óir do ġráḋuiġ Dia an saoġal ċóṁ mór sin, go dtug sé a Aon‐Ṁac féin, ionnas, gaċ duine creidfeaḋ ann, naċ gcaillfiḋe é, aċt go mbéaḋ an ḃeaṫa ṡíorraiḋe aige. 17Óir ní ċum breiṫeaṁnas do ṫaḃairt ar an saoġal do ċuir Dia a Ṁac uaiḋ; aċt ċum go saorfaiḋe an saoġal tríd. 18An té ċreideas ann ní tugtar breiṫ air: an té naċ gcreideann atá breiṫ taḃarṫa air ċeana féin, toisc nár ċreid sé i n‐ainm Aon‐Ṁic Dé. 19Agus is í seo an ḃreiṫ, go dtáinig an solas ar an saoġal, agus gurḃ annsa leis na daoiniḃ an dorċaċt ’ná an solas; toisc a ngníoṁarṫa ḃeiṫ go h‐olc. 20Óir gaċ duine ċleaċtas an t‐olc bíonn fuaṫ aige do’n tsolas, agus ní ṫig sé ċum an tsolais, ar eagla go noċtfaiḋe a ġníoṁarṫa. 21Aċt an té ċleaċtas an ḟírinne tig sé ċum an tsolais, ċum go ḃfoillseoċaiḋe a ġníoṁarṫa, go ndearnaḋ iad i nDia.
22I n‐a ḋiaiḋ sin do ċuaiḋ Íosa agus a ḋeisceabail isteaċ i ndúṫaiġ Iúdaea; agus d’ḟan sé ’n‐a ċóṁnaiḋe annsin mar aon leo, agus do ḃí sé ag baisteaḋ. 23Agus do ḃí Eoin ag baisteaḋ, leis, i nAenón, i n‐aice Ṡalim, óir do ḃí a lán uisce ann, agus do ṫagaḋ na daoine, agus do baistiḋe iad. 24Óir do ḃí Eoin gan cur sa bpríosún go fóill. 25Uime sin d’éiriġ conspóid idir ḋeisceabail Eoin agus Iúdaċ éigin i dtaoḃ glantóireaċta. 26Agus ṫángadar ċum Eoin, agus aduḃradar leis, A Rabbí, an té úd do ḃí id’ ḟoċair taoḃ ṫall de Iórnán, go dtug tú fiaḋnaise ’n‐a ṫaoḃ, féaċ, atá sé ag baisteaḋ, agus atá gaċ aoinneaċ ag teaċt ċuige. 27D’ḟreagair Eoin agus aduḃairt sé, Ní féidir le duine éinniḋ do ġlacaḋ muna dtugtar ḋó é ó neaṁ. 28Is fiaḋnaiḋṫe siḃ féin dom go nduḃras, Ní mise an Críost, aċt, do cuireaḋ roiṁe mé. 29An té ag a ḃfuil an ḃainċéile is é an fear nua‐ṗósta é: aċt cara an ḟir nua‐ṗósta atá ’n‐a ṡeasaṁ ag éisteaċt leis, bíonn an‐áṫas air mar ġeall ar ġuṫ an ḟir nua‐ṗósta: d’á ḃriġ sin, an t‐áṫas atá orm‐sa atá sé iomlán. 30Caiṫfiḋ seisean dul i dtreise aċt caiṫfiḋ mise dul i laiġead.
31An té ṫig anuas, atá sé ós cionn cáċ: an té ṫig ó’n talaṁ is duine talṁaiḋe é, agus is ar neiṫiḃ talṁaiḋe laḃras sé: an té ṫig ó neaṁ atá sé ós cionn cáċ. 32An méid do ċonnaic agus do‐ċuala sé, do‐ḃeir sé fiaḋnaise air. 33An té do ġlac a ḟiaḋnaise, atá taḃarṫa fá n‐a ṡéala aige go ḃfuil Dia fíor. 34Óir an té do ċuir Dia uaiḋ laḃrann sé briaṫra Dé: óir ní de réir tóṁais ḃronnas Dia an Spiorad. 35Gráḋuiġeann an t‐Aṫair an Mac, agus atá gaċ uile niḋ taḃarṫa aige ḋó ’n‐a láiṁ. 36An té ċreideas sa Mac, atá an ḃeaṫa ṡíorraiḋe aige; aċt an té naċ n‐uṁluiġeann do’n Ṁac, ní ḟeicfiḋ sé an ḃeaṫa, aċt atá díḃeirg Dé i gcóṁnaiḋe air.
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1951.