Geineasas 12

12
Glaoch Abrahám
1Dúirt an Tiarna le hAbrám: “Imigh ó do thír féin, agus ó do mhuintir féin agus ó theach d'athar chun na tíre a thaispeánfaidh mé duit. 2Déanfaidh mé cine mór díot agus beannóidh mé thú agus mórfaidh mé d'ainm chomh mór sin go mbeidh sé mar bheannacht ag daoine.
3Beidh mo bheannacht ar an muintir a chuirfidh beannacht ort.
Beidh mo mhallacht ar an muintir a chuirfidh mallacht ort.
Agus is tríotsa a dhéanfaidh ciníocha uile
An domhain iad féin a bheannú.”
4D'imigh Abrám amach mar sin de réir mar a dúirt an Tiarna leis agus chuaigh Lót in éineacht leis. Bhí Abrám cúig bliana déag is trí fichid nuair a d'fhág sé Hárán. 5Agus thug sé leis Sáraí a bhean, agus Lót mac a dhearthár, agus a raibh de mhaoin cnuasaithe acu agus a raibh de dhaoir ina seilbh acu i Hárán. D'imíodar leo ar an mbealach go Canán. Nuair a thánadar go Canán 6ghabh Abrám tríd an tír go tearmann Sheicim, go Dair Mhóire. Agus bhí na Canánaigh sa tír an uair úd. 7Thaispeáin an Tiarna é féin d'Abrám agus dúirt: “Is do do shíolsa a thabharfaidh mé an tír seo.” Ansin rinne sé altóir don Tiarna a thaispeáin é féin dó. 8Chuaigh sé as sin go dtí sliabh soir ó Bhéitéil, mar ar chuir sé suas a bhoth agus Béitéil laistiar dó agus Háí lastoir. Rinne sé altóir don Tiarna ansin ansiúd agus ghair sé ar ainm an Tiarna. 9Agus bhog Abrám leis ag dul i dtreo an Neigib i gcónaí.
Abrám san Éigipt
10Tharla gorta sa tír, agus chuaigh Abrám ó dheas go dtí an Éigipt chun cónaí ann mar go raibh an gorta ag luí go trom ar an tír. 11Agus é ar tí dul isteach san Éigipt dúirt Abrám lena bhean Sáraí: “Féach anois, tá a fhios agam gur sciamhach an bhean tú le féachaint ort. 12Nuair a fheicfidh na hÉigiptigh thú, déarfaidh siad: ‘Sin í an bhean,’ agus maróidh siad mise ach déanfaidh siad anacal ortsa. 13Abair leo gur tú mo dheirfiúr i dtreo go rithfidh go maith liom de do chionn-sa agus go ndéanfaí anacal orm ar do shonsa.” 14Agus nuair a chuaigh Abrám isteach san Éigipt chonaic na hÉigiptigh go raibh an bhean an-sciamhach. 15Nuair a chonaic flatha Fhorainn í, mholadar í i láthair Fhorainn agus tugadh an bhean isteach i bpálás Fhorainn. 16Agus chaith seisean go maith le hAbrám ar a son agus fuair sé caoirigh agus eallach, agus asail, daoir fir agus mná, agus láracha asail, agus camaill. 17Chráigh an Tiarna Forann is a theaghlach le plánna troma mar gheall ar Sháraí bean Abrám. 18Ghlaoigh Forann chuige ar Abrám dá bhrí sin agus dúirt: “Cad é seo a rinne tú orm? Cén fáth nár inis tú gurbh í do bhean í? 19Cén fáth a ndúirt tú: ‘Is í mo dheirfiúr í,’ i dtreo go ndearna mé mo chuid féin di? Sea anois, sin í do bhean agat! Beir leat í agus imigh!” 20D'ordaigh Forann buíon fear ina chúram agus chuireadar chun siúil é, é féin agus a bhean agus a raibh aige.

נבחרו כעת:

Geineasas 12: ABN

הדגשה

שתף

העתק

None

רוצים לשמור את ההדגשות שלכם בכל המכשירים שלכם? הירשמו או היכנסו