Lúcás 23
23
1Dʼéirigh a raibh ann acu ansin, gur thug é os comhair Phíoláid. 2Thosaigh siad ansin ar a chúisiú, agus dúirt siad, “Fuaireamar an duine seo ag cur ár náisiúin bun os cionn, agus ag crosadh orainn cios a íoc le Caesar agus é á rá aige gur Críost agus gur rí é féin.” 3Agus dʼfhiafraigh Píoláid de, “An tú Rí na nGiúdach?” Agus dʼfhreagair sé é, “Is tú a dúirt é.” 4Ach is é a dúirt Píoláid leis na hardsagairt agus leis na sluaite, “Ní fheictear dom go bhfuil coir ar bith déanta ag an duine seo.” 5Ach dhearbhaigh siadsan gurbh amhlaidh, agus dúirt siad, “Bíonn sé ag gríosú na ndaoine agus é ag teagasc ar fud Iúdaea, as Galailí go dtí seo.”
6Nuair a chuala Píoláid sin, dʼfhiafraigh sé ar Ghalailéach é an fear a bhí i gceist. 7Agus nuair a chuala sé gur thit sé faoi bhreithiúnas Iorua, chuir sé síos chuig Iorua é, ó tharla dó bheith in Iarúsailéim san am úd. 8Nuair a chonaic Iorua Íosa, bhí an-lúcháir air, mar bʼfhada é ag tnúth le hamharc a fháil air, agus dóchas aige le comhartha éigin a fheiceáil á dhéanamh aige. 9Chaith sé tamall maith mar sin á cheistiú; ach níor thug sé freagra ar bith air. 10Sheas na hardsagairt agus na scríobhaithe aníos, á chúisiú go dian dásachtach. 11Agus chuaigh Iorua agus a chuid saighdiúirí a chaitheamh drochmheasa air agus a mhagadh faoi; agus ansin chuir sé éadaí daite air gur sheol ar ais chuig Píoláid é. 12Agus shníomh Iorua agus Píoláid cairdeas le chéile an lá céanna sin, mar roimhe sin bhíodh naimhdeas eatarthu.
13Ba ansin a chruinnigh Píoláid na hardsagairt agus na rialtóirí agus na daoine le chéile, 14agus is é a dúirt sé leo, “Thug sibh an fear seo os mo chomhair mar dhuine a bhíodh ag cur na ndaoine ar bhealach a n‑aimhleasa; agus féachaigí, táim tar éis an chúis a scrúdú os bhur gcomhair, agus ní fheictear dom go bhfuil an fear seo ciontach in aon rud dá gcuireann sibh ina leith; 15ní fheictear sin domsa, ná do Iorua ach an oiread, mar chuir sé ar ais chugainne é. Nach bhfeiceann sibh mar sin nach bhfuil aon ní déanta aige a thuillfeadh bás; 16mar sin de, smachtóidh mé é agus scaoilfidh mé saor é.”#Cuireann seanúdaráis eile v. 17 isteach, Anois bʼéigin dó aon fhear amháin a scaoileadh chucu ag an bhféile.
18Ach ba é rud, ghlaoigh siad uile i gcuideachta in ard a gcinn, “Cuir an fear seo den saol, agus scaoil Barabas chugainn,” 19bʼshiúd fear ar buaileadh príosún air as ceannairc a fhadú sa chathair, agus as dúnmharú. 20Labhair Píoláid leo athuair, ó bʼfhonn leis Íosa a scaoileadh; 21ach ghlaoigh siad os ard, “Déan a chéasadh, céas ar chrann é!” 22Labhair sé an tríú huair leo, “Cad chuige, cad é an choir atá déanta aige? Ní fheictear dom go bhfuil aon choir déanta aige a thuillfeadh bás; mar sin smachtóidh mé é agus scaoilfidh mé saor é.” 23Ach ba é rud, thosaigh siad ar a áitiú air de ghuth ard go gcéasfaí é. Agus ba threise lena nglórtha. 24Mar sin thug Píoláid an bhreith ba mhian leo. 25Scaoil sé leo an fear a dʼiarr siad a caitheadh i bpríosún as ceannairc agus dúnmharú; agus lig sé dóibh mian a dtola a imirt ar Íosa.
26Nuair a bhí siad á tharraingt as, rug siad ar dhuine as tír isteach a raibh Síomón Círéanach mar ainm air, agus leag siad an chrois ar a ghualainn, lena hiompar i ndiaidh Íosa. 27Agus bhí slua mór daoine á leanúint agus slua de mhná agus iad á chaoineadh agus ag mairgneach faoi. 28Ach thiontaigh Íosa leo agus dúirt sé, “Ná bígí do mo chaoineadhsa, a iníonacha Iarúsailéim, ach do bhur gcaoineadh féin agus ag caoineadh bhur gclainne. 29Mar tá na laethanta úd ag teacht a ndéarfar, ‘Is beannaithe don bhean aimrid, agus na broinnte gan toradh, agus na cíocha nár diúladh!’ 30Is ansin a thosófar ar a rá leis na sléibhte, ‘Titigí anuas orainn,’ agus leis na cnoic, ‘Cuirigí folach orainn.’ 31Mar má dhéantar sin nuair is glas don tslat, cad é a tharlós nuair a chríonfas sí?”
32Bhí beirt eile, a bhí ina gcoirpigh, á dtarraingt lena gcur chun báis ina chuideachta. 33Agus nuair a shroich siad an áit a dtugtar Cloigeann air, rinne siad é a chéasadh ansin, é féin agus na coirpigh, duine ar a dheis agus duine ar a chlé. 34Agus ba é a dúirt Íosa, “A Athair, maith dóibh é; ó nach feasach dóibh cad é atá á dhéanamh acu.”#Fágann seanúdaráis eile amach an abairt ‘agus ba é a dúirt Íosa . . . á dhéanamh acu.’ Agus chaith siad crainn ag roinnt a chuid éadaigh. 35Agus sheas na daoine thart, á choimeád; agus chuaigh na rialtóirí a fhonóid faoi, agus é á rá acu, “Shlánaigh sé daoine eile; slánaíodh sé é féin, más é an Críost é agus an duine tofa atá ag Dia!” 36Chuaigh na saighdiúirí a mhagadh faoi freisin, ag teacht aníos chuige agus ag tairiscint fínéagair dó, 37agus á rá leis, “Más tú Rí na nGiúdach, slánaigh thú féin!” 38Bhí inscríbhinn os a chionn lena chois sin,#Tá an t‑aguisín seo ag seanúdaráis eile ‘i litreacha Gréigise agus Laidineacha agus Eabhracha.’ “Is é seo Rí na nGiúdach.”
39Bhí duine de na coirpigh a bhí á chrochadh ag fonóid faoi, á rá, “Nach tú an Críost? Slánaigh thú féin agus sinne!” 40Ach chuir an coirpeach eile milleán air, agus ar seisean, “Nach bhfuil eagla ort roimh Dhia, agus tú faoin daorbhreith chéanna sin? 41Agus is ceart mar bhreith orainne í, nach bhfaigheann ach an rud a thuill ár ngníomhartha; ach níl rud ar bith as an tslí déanta ag an bhfear seo.” 42Agus ar seisean, “A Íosa, cuimhnigh ormsa nuair a thiocfaidh tú i réim do ríochta.” 43Agus arsa Íosa leis, “Deirim leat go fírinneach go mbeidh tú inniu i mo chuideachtasa i bParthas Dé.”
44Bhí sé anois faoi thuairim an séú huair, agus bhí dorchadas os cionn na tíre ar fad go dtí an naoú huair, 45agus solas na gréine á dhalladh; agus scoilteadh an brat a bhí sa teampall ina dhá leath. 46Agus ansin dʼéigh Íosa os ard, agus ar seisean, “A Athair, tiomnaim mo Spiorad i do lámhasa!” Agus nuair a bhí sin ráite aige, dʼfhág an anáil é. 47Anois nuair a chonaic an ceantúir cad é a tharla, thug sé moladh do Dhia, agus ar seisean, “Scéal cinnte é go raibh an fear seo neamhchoireach!” 48Agus maidir leis na sluaite uile a bhí cruinnithe le hamharc ar a raibh le feiceáil, nuair a chonaic siad an ní a tharla, dʼfhill siad abhaile agus iad ag bualadh bos ar a n‑uchta. 49Agus sheas a lucht aitheantais uile amach uaidh agus an bhantracht a lean ó Ghalailí é agus chonaic siad na nithe sin uile.
50Anois bhí fear ann a raibh Iósaf mar ainm air as baile Giúdach Arimatía, a bhí ina bhall den seanad, agus a bhí ina dhea-dhuine agus ina fhíréan, 51agus nach raibh páirteach ina mbeart ná ina ngníomh, agus a raibh súil aige le ríocht Dé. 52Chuaigh an fear seo go dtí Píoláid agus dʼiarr sé corp Íosa air. 53Ansin thug sé anuas é agus dʼfhill taiséadach lín air, gur chuir é i dtuama a gearradh amach as an gcarraig, tuama nár cuireadh corp duine ann riamh roimhe sin. 54Ba é lá an Ullmhaithe é, ach go raibh spéartha lá na sabóide ag gealú. 55Bhí an bhantracht a lean é ó Ghalailí á leanúintsean, go bhfaca siad an tuama, agus an cóiriú a cuireadh faoin gcorp; 56dʼfhill siad abhaile ansin gur ullmhaigh siad spíosraí agus uinnimintí.
Ach gur fhan siad ina suaimhneas i rith na sabóide de réir na haithne.
נבחרו כעת:
Lúcás 23: OC1970
הדגשה
שתף
העתק
רוצים לשמור את ההדגשות שלכם בכל המכשירים שלכם? הירשמו או היכנסו
Cóipcheart 1970 Cumann Gaelach na hEaglaise
Copyright 1970 The Gaelic Guild of the Church of Ireland