Psalm 3

3
III Psalm.
1Naċ lionṁar m’eascárde a Ḋia,
Síor‐ḋul m’aġuiḋ gaċ la?
Luċt mo ḃua’rṫa is iomad iad,
Ag eirġiḋ suas do ġnaṫ.
2Rem’ anam, ’siomḋa deir, naċ ḃfuil,
Aon ċoḃair ḋo a nDia;
3Aċt tusa fear‐tógṫa suas mo ċinn,
Mo ġlóir, is tu mo sgiaṫ.
4D’eiġṁios me féin air Ḋia rem’ ġuṫ,
A’s d’éist ream as Sion naoṁ:
5Luiġ, ċoduil agus ṁosguil me,
Dia ċoṫuiġ me go cáoṁ.
6Ni heagla liom deiċ míle sluaġ,
Da ccuartuiġ’ me go buan,
7Ṫiġearna éirge suas go luaṫ,
As cuidiġe liom gaċ uain.
Mo naiṁde ḃuailis air a ngial,
Ḃris fiacla fós na ndáoi;
8Tig slánúġaḋ ó Ḋia na sluaġ,
A’s beannaċt oruiḃ ċaoi’.

Արդեն Ընտրված.

Psalm 3: PSA1836G

Ընդգծել

Կիսվել

Պատճենել

None

Ցանկանու՞մ եք պահպանել ձեր նշումները ձեր բոլոր սարքերում: Գրանցվեք կամ մուտք գործեք