Maitiú 14
14
Caibidil XIV
Cuireann Ioruaḋ Eoin ċun báis. Coṫuiġeann Críost cúig ṁíle san ḟásaċ. Suiḃlann sé ar ṁullaċ na ḟairrge, agus leiġeaṡann sé na daoine breoiḋte a ḃaineas le feaiṫim a éidiḋ.
1San am sin ċuala Ioruaḋ,#Marc. 6, 14; Lúc. 9, 7. Teatrarc#14, 1 Teatrarc. Tig an focal sin ó’n Ġréigis, agus cialluiġeann sé duine a riaġlas an ceaṫraṁaḋ cuid de ríoġaċt. Ḃí Ioruaḋ san am sin ag riaġlaḋ na Gailile, an ceaṫraṁaḋ cuid de ríoġaċt a aṫar., cliú Íosa,
2Agus duḃairt sé le n-a luċt freastail: Is é seo Eoin Baiste: d’éiriġ sé ó na mairḃ; agus, ar an aḋḃar sin, tá míorḃailte dá n-oibriuġaḋ ann.
3Óir ġaḃ Ioruaḋ Eoin, agus ċeangail é,#Marc. 6, 17; Lúc. 3, 19. agus ċuir isteaċ i ḃpríosún é, mar ġeall ar Herodias, bean a ḋearḃráṫar.
4Óir duḃairt Eoin leis: Ní dlisteannaċ duit í a ḃeiṫ agat.
5Ba ṁian leis é ċur ċun báis, aċt ḃí eagla roiṁ na daoine air, mar gur ṁeas siad é ḃeiṫ ina ḟáiḋ.#Marc. 6, 19.
6Nuair a ṫáinic coṫrom an lae ina rugaḋ Ioruaḋ, rinne inġean Herodiaise daṁsa ós a gcóṁair, agus ṫaitin sí le h-Ioruaḋ.
7Ionnas gur ġeall sé le mionna go dtaḃarfaḋ sé dí cibé ar biṫ dá n-iarrḟaḋ sí air.
8Aċt ó fuair sise a h-órduġaḋ roiṁ ré ó n-amáṫair, duḃairt sí: Taḃair daṁ annseo ar méis ceann Eoin Baiste.
9Agus ṫáinic aiṫreaċas ar an ríġ; aċt mar ġeall ar a ṁionna, agus ar an ṁuinntir a ḃí ag caiṫeaṁ bíḋ leis, d’órduiġ sé é a ṫaḃairt dí.
10Agus ċuir sé duine uaiḋ, agus ḃain sé an ceann de Eoin san ṗríosún.
11Agus tugaḋ a ċeann ar méis, agus tugaḋ do’n ċailín é, agus ṫug sise dá máṫair é.
12Agus ṫáinic a ḋeisciobail, agus ṫóg leo an corp, agus d’aḋlaic siad é, agus ṫáinic siad gur innis do Íosa é.
13Agus nuair a ċuala Íosa é, d’imṫiġ sé as sin i mbád go h-áit uaigniġ ar leiṫ;#Marc. 6, 31; Lúc. 9, 10; Eoin 6, 3. agus nuair a ċuala na sluaiġte sin, lean siad é de ṡuiḃal cos amaċ as na caṫraċa.
14Agus ag dul amaċ dó-san, ċonnaic sé sluaġ mór, agus ġlac sé truaiġe dóiḃ, agus leiġeas sé a n-easláin.
15Agus nuair a ḃí sé ina ṫráṫnóna, ṫáinic a ḋeisciobail ċuige, agus duḃairt; Is fásaċ an áit seo, agus ċuaiḋ an t-am ṫart: cuir na sluaiġte ar ṡiuḃal, ċun go dtéiġiḋ siad isteaċ ins na bailte a ċeannaċ bíḋ dóiḃ ḟéin.
16Aċt duḃairt Íosa leo: Ní ḟuil feiḋm acu dul; taḃairigiḋ, siḃ-se rud éigin le h-iṫe dóiḃ.
17D’ḟreagair siad-san é; Ní ḟuil againn annseo aċt cúig h-aráin agus ḋá iasc.#Eoin 6, 9.
18Duḃairt seisean leo: Taḃairigiḋ annseo ċugam iad.
19Agus nuair a d’órduiġ sé do’n tsluaġ suiḋe síos ar an ḟéar, ġlaċ sé na cúig h-aráin agus an dá iasc, d’aṁarc suas ar neaṁ, ḃeannuiġ, ḃris agus ṫug na h-aráin dá ḋeisciobail, agus ṫug na deisciobail do na sluaiġte.
20Agus d’iṫ siad uilig, agus fuair siad a sáiṫ. Agus ċruinniġ siad a raiḃ fágṫa, ḋá ḃascáid ḋéag lán de ċonamair.
21Agus ḃí an méro a d’iṫ i líon a gcúig ṁíle fear, gan tráċt ar ṁná agus páistí.
22Agus láiṫreaċ ċuir Íosa d’ḟiaċaiḃ ar a ḋeisciobail dul san ḃád,#Marc. 6, 45. agus an taoḃ eile de’n uisce a ḃaint amaċ roiṁe, go dtí go gcuireaḋ sé ar ṡiuḃal an sluaġ.
23Nuair a ḃí an sluaġ curṫa ar ṡiuḃal aige, ċuaiḋ sé suas ar an tsliaḃ ina aonar a ġuiḋe.#Marc. 6, 46; Eoin 6, 15. Agus nuair a ṫáinic an tráṫnóna, ḃí sé ina aonar annsin.
24Aċt ḃí an bád i lár na fairrge dá ċaiṫeaṁ anonn agus anall ag na tonnaí; óir ḃí an ġaoṫ ina aġaiḋ.
25Agus san ceaṫraṁaḋ faire de’n oiḋċe ṫáinic sé ċuca ag siuḃal ar an ṁuir.
26Agus nuair a ċonnaic siad é ag siuḃal ar an ṁuir, scannruiġ siad, agus duḃairt: Is saṁailt atá ann. Agus leig siad uaill astú le h-eagla.
27Agus ar an ḃomaite laḃair Íosa leo, ag ráḋ: Bíoḋ misneaċ agaiḃ: is mise atá ann; ná ḃíoḋ eagla oraiḃ.
28D’ḟreagair Peadar agus duḃairt: A Ṫiġearna, má’s tusa atá ann, órduiġ daṁ-sa teaċt ċugat ar ṁullaċ na n-uisce.
29Agus duḃairt seisean: Tar. Agus ar ḋul amaċ as an ḃád do Ṗeadar, ċuaiḋ sé a ṡiuḃal ar an uisce le dul ċuig Íosa.
30Aċt nuair a ċonnaic sé an ġaoṫ láidir, ġlac sé eagla: agus nuair a ṫoisiġ sé a ḋul faoi uisce, scairt sé, ag ráḋ: A Ṫiġearna, sáḃáil mé.
31Agus ar ṡíneaḋ amaċ a láiṁe ar an ḃomaite do Íosa, rug sé greim air, agus duḃairt leis: A ḋuine an ċreidiṁ ḃig, cad ċuige ar ġaḃ aṁras ṫú?
32Agus nuair a ṫáinic siad isteaċ san ḃád, stad an ġaoṫ.
33Annsin ṫáinic na daoine a ḃí san ḃád, agus ṫug siad aḋraḋ dó, ag ráḋ: Is tú Mac Dé go fíor.
34Agus nuair a ḃí siad ṫar uisce, ṫáinic siad#Marc. 6, 53. go tír Ġenesair.
35Agus nuair a fuair fir na h-áite sin aiṫne air, ċuir siad scéala amaċ fríd an ċeanntar sin uilig, agus ṫug siad ċuige na h-easláin go léir.
36Agus d’iarr siad air leigin dóiḃ baint fiú aṁáin le feaiṫim a éidiḋ. Agus an méid a ḃain, rinneaḋ slán iad.
rights held by the Bible Society in Northern Ireland