Geinis 3
3
An nathair nimhe. An tuitim. An gealltanas.
1Anois b'é an nathair nímhe an t-ainmhidhe ba chealgaighe de na beitheacha uilig ar an talamh d'ár ndearn an Tighearna Dia. Agus arsa é sin leis an bhean: “Cad chuige ar órduigh Dia dhuit gan ithe de thoradh gach crainn i bPárrthas?” 2D'fhreagair an bhean 's dubhairt: “De thoradh na gcrann féadfamuid ithe. 3Acht amháin de thoradh an aon-chrainn, atá i lár Phárrthais, d'órduigh Dia dhúinn: ‘Gan ithe de sin, agus gan baint leis; ar eagla go bhfuighmís bás.’” 4Agus ars an nathair nimhe leis an bhean: “Go deimin, ní bhfuighidh sibh bás. 5Óir tá fios ag Dia go bhfosclócar bhur súile an lá ar a n-iosfaidh sibh de sin.”
6Agus chonnacthas do'n bhean gur mhaith é toradh an chrainn le n-ithe, agus taithneamhach do'n tsúil agus aoibhinn le hamharch air. Agus bhain sí toradh de agus d'ith. Agus thug sí d'á fear chéile agus d'ith seisean. 7Agus foscladh suíle na beirte, agus ar fheiceal dóbhtha go raibh lom tárnochtuighth'. Shnaidhmeadar duilleóga fige le chéile agus rinne díobhtha san áprúna (“baishci”) le cur ortha féin.
8Agus nuair chualadar guth an Tighearna Dia, ag spaisdeóracht ins an gháirdín san tráthnóna, chuaidh Ádhamh agus a bhean i bhfólach ó ghnúis an Tighearna, Dia, i measc na gcrann san gháirdín. 9Agus ghlaoidh an Tighearna Dia agus cheistigh sé: “Cá bhfuil tú?” 10Agus d'fhreagair seisean: “Chuala mé do ghuth i bPárrthas: agus bhí eagla orm cionn 's go raibh nocht mé lom tárnochtuighth', agus chuadhas i bhfólach.” 11Agus ars Eisean: “Cé d'innis duit go rabh tu lom-tárnochtuighthe? Ar ith tú de toradh an chrainn a d'aithin mise díot gan a ithe?” 12Agus arsa Ádhamh: “An bhean a thug tusa domh mar chéile thug sí de thoradh an chrainn domh agus d'ith mé.” 13Agus dubhairt an Tighearna Dia leis an bhean: “Cad tuige a dtearn tú sin?” Agus d'fhreagair sise: “Mheall an nathair nimhe mé agus d'ith mé.”
14Agus ars an Tighearna Dia leis an nathair nimhe: “De bhrigh go dtearn tú seo tá mallacht ort (tá tú faoi mhallacht) thar an árnéis go léir, agus thar beithigh uile na talmhan. Ar do bhoilg shnámhfas (shiubhalfas) tú feasta, agus 'sé an luaithridh do chuid bídh ar feadh do shaoghail uile. 15Agus cuirfidh mé námhaisdeas eadar tusa agus an bhean, agus eadar do shíol-sa agus a síol-sa. Brúighfidh sí do chloigeann-sa agus luighfidh (brúighfhear) tusa faoi n-a sáil.”
16Leis an bhean dubhairt sé, freisin: “Méadóchaidh mé do chuid buadhartha go mór, agus do thoirrchiú; i bpéin (agus trioblóid) 'seadh bheirfeas tú clann, agus béidh tú faoi chómhacht d'fhir chéile agus dheanfaidh sé uachtaránacht (Smacht) ort.”
17Agus ars É le Ádhamh: “De bhrigh gur éist tú le guth (moladh) do mhná agus gur ith tú de thóradh an chrainn ar aithin mise díot ‘Gan ithe,’ tá an talamh malluighthe as ucht do ghnimh. Fa dhuairceas agus faoi shaothrú íosfas tú de 'rith do shaoghail. 18Deilginí (droighean) agus fóthanann 'sead fhásfas ann duit, agus de luibheanna na talmhan íosfas tú. 19In-allus d'éadáin íosaidh tú arán go dtí go bpillfid tú chun an talamh arís. Óir is as luaithridh thú agus go luaithridh fillfidh tú.”
20Agus do thug Ádhamh an t-ainm Éabha ar a bhean, de bhrigh gur ab í máthair an uile nídh beo í. 21Agus rinne an Tighearna Dia éadaigh as seithte d'Ádhamh agus d'Éabha agus chlúdaigh sé iad. 22Agus a deir sé: “Féach, tá Ádhamh mar éinneach againne i n-eolas an mhaithe agus an uilc. D'á bhrigh sin ar eagla go bhféadfadh sé lámh a shíniú agus glacú de chrann na beatha agus a ithe agus go mairfeas go bráth.” 23Agus do chuir an Tighearna Dia amach as Párrthas an aoibhnis é le go saothróchad sé an talamh as a dtáinig sé. 24Agus theilg (thiomáin) Sé Ádhamh amach, agus chuir Cerabim (aingle) le n-a gclaidhmhte lasracha, a n-aghaidhthe ar gach áird, le slighe crann na beatha.
ទើបបានជ្រើសរើសហើយ៖
Geinis 3: ABNPOD
គំនូសចំណាំ
ចែករំលែក
ចម្លង

ចង់ឱ្យគំនូសពណ៌ដែលបានរក្សាទុករបស់អ្នក មាននៅលើគ្រប់ឧបករណ៍ទាំងអស់មែនទេ? ចុះឈ្មោះប្រើ ឬចុះឈ្មោះចូល
Peadar Ó Dubhda 1943.

: