Sin mar atá buaireamh oraibh-se anois, ach chífead-sa sibh airís, agus beidh áthas ar bhúr gcroidhe; agus ní bhainfidh aoinne bhúr n-áthas díbh. Agus ní fhiafróchaidh sibh aon nídh dhíom-sa an lá san. Go deimhin, deimhin, adeirim libh, má iarrann sibh aon rud ar an Athair am’ ainim tabharfaidh sé dhaoibh é.